Dáil debates
Wednesday, 8 May 2019
Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate
Scoileanna Lán-Ghaeilge
5:30 pm
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis na Teachtaí as ceist mhaoiniú na scoileanna a tharraingt anuas i gcás an deontas do mhúineadh trí Ghaeilge agus an deontas do mhúineadh tríd an dá theanga. Táim buíoch as seans a fháil chun an cheist sin a shoiléiriú. Tá an deontas Gaeilge agus an deontas dátheangach ann mar chistiú do scoileanna a mhúineann trí Ghaeilge. Is léiriú iad na socruithe atá déanta ag mo Roinn leis na scoileanna agus coláistí deonacha, na scoileanna dara leibhéal, na pobalscoileanna, na scoileanna cuimsitheacha agus na scoileanna a thagann faoi na boird oideachais agus oiliúna ar na socruithe éagsúla bainistíochta agus úinéireachta atá i réim trasna na scoileanna dara leibhéal.
Is le deontais chaipitíochta a mhaoinítear na meánscoileanna deonacha. Faigheann na scoileanna sin deontais in ionad na dtáillí a bhíodh á ngearradh roimh 1967. Íoctar deontais caipitíochta breise le meánscoileanna deonacha ina múintear cuid de na hábhair, nó na hábhair go léir, trí Ghaeilge. Ní íoctar an deontas le pobalscoileanna, scoileanna cuimsitheacha ná le scoileanna na mbord oideachais agus oiliúna. Íoctar leithdháiltí leis na pobalscoileanna, na scoileanna cuimsitheacha agus leis na scoileanna a thagann faoi na boird oideachais agus oiliúna ar bhonn buiséid bhliantúil.
I gcás na scoileanna a thagann faoi na boird oideachas agus oiliúna, áirítear ar an gcistiú airgead don cheannoifig agus do chostais eile, costais scoileanna san áireamh. Tugtar ardleibhéal féinrialachais do scoileanna na mbord oideachas agus oiliúna chun a mbuiséid féin a bhainistiú agus a chionroinnt. Tá cead ag gach bord oideachais agus oiliúna a leithdháiltí a dháileadh de réir a thosaíochtaí agus a riachtanais féin. Ní mór aon easnamh ar chistiú i scoil ar leith a thagann faoi na boird oideachais agus oiliúna a bhainistiú as buiséad an bhoird oideachais agus oiliúna lena mbaineann. Ní leithdháileann mo Roinn cistí ar scoileanna aonair in earnáil na mbord oideachais agus oiliúna. Rud casta is ea cistiú a chothromú ar fud na hearnála iar-bhunoideachais, agus ní mór raon tosca a chur san áireamh ann, leithéidí an tslí a n-íoctar costais fhoirne agus costais neamhphá eile.
No comments