Dáil debates

Wednesday, 10 April 2019

Ceisteanna Eile - Other Questions

Aerfoirt Réigiúnacha

11:35 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

9. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an ndearnadh Aerfort na Mine a cheannach; mura ndearnadh, cad é an staid reatha a bhaineann leis an bpróiseas ceannaigh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [16596/19]

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ceist shimplí í seo ar chuir mé í arís agus arís eile. Cá bhfuil muid sa phróiseas chun Aerfort na Minne a cheannach?

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fuair mo Roinn fógra i mí Meithimh na bliana seo caite go raibh beartaithe ag Galway Aviation Services limited tarraingt amach as an gconradh a bhí acu chun seirbhís aeir a chur ar fáil idir an mórthír agus na hoileáin Árann agus as an gconradh faoina gcuireann an comhlacht Aerfort Chonamara ar fáil don tseirbhís. Ar ndóigh, chruthaigh sé seo deacracht ó thaobh todhchaí na seirbhíse de agus b’éigean do mo Roinn gníomhú chun a chinntiú nach mbeadh briseadh sa tseirbhís. Tar éis próiseas tairisceana a reáchtáil, socraíodh conradh sealadach aeir suas go dtí 30 Meán Fómhair 2019 agus ag eascairt as comhráití idir mo Roinn agus an cuideachta, síníodh ceannteidil comhaontaithe idir na páirtithe faoina bhféadfaí tabhairt faoi phróiseas a thabharfadh deis do mo Roinn breathnú ar na féidearthachtaí Aerfort Chonamara a cheannach. Aontaíodh chomh maith, go gcuirfi síneadh leis an gcomhaontú faoina gcuirtear Aerfort Chonamara ar fáil don tseirbhís suas go dtí Meán Fómhair 2021. Tá an próiseas maidir le ceannach an aerfoirt ag leanúint ar aghaidh ach níl aon toradh air go fóill. Is gá a lua chomh maith go mbeidh aon socrú maidir le ceannach na saoráide le meas i ndáil le riachtanais an chóid caiteachais poiblí.

Cé go bhfuil an cheist simplí, níl an próiseas simplí. Tá an próiseas ag leanúint ar aghaidh, áfach, agus tá dul chun cinn déanta. Tháinig an dá thaobh le chéile. Bhí plé maidir le luach an tsuímh nó aerfort don Roinn agus dá úinéirí. Tá plé ar bun faoi láthair chun teacht ar phraghas agus nuair atá an praghas sin aontaithe liom agus le mo Roinn, pléifear é ag leibhéal an Rialtais. Tá an próiseas ag dul ar aghaidh. Caithfimid fanacht go dtí go mbeidh rudaí socraithe maidir leis an bpraghas.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fuair mé an freagra ceannann céanna beagnach dhá mhí ó shin i mí Feabhra. Ag an am sin bhí tuilleadh eolais i gceist. Dúradh liom go raibh na luachálaithe fostaithe agus go raibh suirbhé innealtóireachta i gceist. Tá súil agam go bhfuil an suirbhé sin críochnaithe. Tá súil agam go bhfuil luach anois deimhnithe. An féidir é sin a rá? Dúradh liom i bhfreagra eile go mbeadh an próiseas críochnaithe roimh deireadh na míosa seo caite. Tá eagla orm go bhfuil muid ag dul ar aghaidh agus ag dul ar aghaidh. Tuigim go bhfuil sé casta ach níl sé casta tuiscint go bhfuil sé de cheart ag muintir na n-oileán seirbhís aeir a bheith aici má táimid i ndáiríre faoi saol inmharthanach a thabhairt di ar na hOileáin Árann. Tá sin simplí. Tá sé simplí a rá liom cén uair a bheidh an próiseas críochnaithe.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Teachta ceart go raibh muid ag súil go mbeadh an próiseas críochnaithe roimh dheireadh Mí Márta. Sin an spriocdáta a bhí leagtha síos. Theip orainn é sin a dhéanamh ach tá an próiseas fós beo agus tá an próiseas ag dul ar aghaidh. Mar a dúirt mé, tá an Roinn ag déanamh suirbhé innealtóireachta. Tháinig siad ar luach agus tháinig úinéirí an aerfort ar luach don suíomh freisin ach tá bearna idir an dhá luach agus caithfimid teacht ar phraghas a bheadh an dhá thaobh sásta leis. Níl sin déanta go fóill ach tá na cainteanna agus an idirbheartaíocht ag dul ar aghaidh. Táimid dóchasach go mbeimid in ann teacht ar réiteach ach aontaím leis an Teachta faoin tábhacht a bhaineann leis an tseirbhís agus go gcaithfear cinnteacht a bheith ann do mhuintir na hoileáin faoi sheirbhís aeir sa todhchaí.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh mé a rá arís ar an taifead go bhfuil mé thar a bheith sásta go bhfuil cinneadh déanta ag an Rialtas an t-aerfort a cheannach. Sin dul chun cinn agus céim dhearfach. Áfach, tá spriocama ag teastáil go géar uainn anois. Cloisim go bhfuil luach ann ach nach bhfuil aontú idir an dhá thaobh maidir leis an luach. Cad é an spriocdáta? Caithfimid deireadh a chur leis an bpróiseas agus gan dul ar aghaidh cosúil le Acht na dTeangacha Oifigiúla ag caint mar gheall ar roimh an tsamhraidh, tar éis an samhradh agus roimh Nollaig. Cén uair a tharlóidh sé seo?

I will use a few seconds to correct the record, as I may have been unclear in my previous question. Just 1% of GDP is spent on the arts. The average elsewhere in Europe is 6%. I am not sure whether I made that point clearly or whether I mumbled it.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl mé in ann spriocdáta don phróiseas a leagan síos. Tá an próiseas ag dul ar aghaidh agus caithfimid fanacht go dtí go mbeidh an idirbheartaíocht críochnaithe agus ansin beidh próiseas i ndiaidh sin ó thaobh próiseas dlí de agus tógann an próiseas am. Cé go bhfuil na feidhmeannaigh ag plé an próiseas chun Aerfort Chonamara a cheannach, tá comhairleoirí fostaithe ag mo Roinn chun cuidiú leis an bpróiseas ó thaobh an seirbhís aeir agus an próiseas tairisceana de. Tá mé sásta go mbeidh mo Roinn ábalta tairiscintí a lorg do sheirbhís aeir ach an réamhobair atá ar siúl ina leith a bheith curtha i gcrích. Táimid i mbun próiseas chun tairiscintí a lorg chun seirbhís ar thréimhse ceithre bliana ó 30 Deireadh Fomhair i mbliana. Táimid sásta go mbeimid in ann an próiseas sin a chríochnú agus go mbeidh seirbhís aeir ar fáil do mhuintir na hOileáin Árann i rith an gheimhridh.

Photo of Eugene MurphyEugene Murphy (Roscommon-Galway, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I am going to attempt to get through Questions Nos. 10, 11 and 12 in the names of Deputies Boyd Barrett, Aindrias Moynihan and Ó Snodaigh, respectively. I ask the Deputies to forgo their 30 seconds each and let the Minister reply. They will then be able to ask their two supplementary questions. Is that okay?

Photo of Richard Boyd BarrettRichard Boyd Barrett (Dún Laoghaire, People Before Profit Alliance)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Why?

Photo of Eugene MurphyEugene Murphy (Roscommon-Galway, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

There will not be time to have the Deputies' questions answered otherwise. I am accommodating them. I call on the Minister to reply to Question No. 10, after which Deputy Boyd Barrett can ask his supplementary questions.

Photo of Josepha MadiganJosepha Madigan (Dublin Rathdown, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

On Deputy Connolly's point.

Photo of Eugene MurphyEugene Murphy (Roscommon-Galway, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Has the Minister not replied to her already?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I was just correcting the record.

Photo of Eugene MurphyEugene Murphy (Roscommon-Galway, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Then we will move on. I call on the Minister to reply to Question No. 10.

Photo of Josepha MadiganJosepha Madigan (Dublin Rathdown, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

That is Deputy Boyd Barrett's question.

Photo of Richard Boyd BarrettRichard Boyd Barrett (Dún Laoghaire, People Before Profit Alliance)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Yes. The Acting Chairman is suggesting the Minister just give her response, after which I will ask her supplementary questions.

Photo of Josepha MadiganJosepha Madigan (Dublin Rathdown, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

This is from a time perspective.

Photo of Eugene MurphyEugene Murphy (Roscommon-Galway, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

It is to save time.