Dáil debates
Wednesday, 10 April 2019
Ceisteanna Eile - Other Questions
Aerfoirt Réigiúnacha
11:35 am
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá an Teachta ceart go raibh muid ag súil go mbeadh an próiseas críochnaithe roimh dheireadh Mí Márta. Sin an spriocdáta a bhí leagtha síos. Theip orainn é sin a dhéanamh ach tá an próiseas fós beo agus tá an próiseas ag dul ar aghaidh. Mar a dúirt mé, tá an Roinn ag déanamh suirbhé innealtóireachta. Tháinig siad ar luach agus tháinig úinéirí an aerfort ar luach don suíomh freisin ach tá bearna idir an dhá luach agus caithfimid teacht ar phraghas a bheadh an dhá thaobh sásta leis. Níl sin déanta go fóill ach tá na cainteanna agus an idirbheartaíocht ag dul ar aghaidh. Táimid dóchasach go mbeimid in ann teacht ar réiteach ach aontaím leis an Teachta faoin tábhacht a bhaineann leis an tseirbhís agus go gcaithfear cinnteacht a bheith ann do mhuintir na hoileáin faoi sheirbhís aeir sa todhchaí.
No comments