Dáil debates
Wednesday, 10 April 2019
Ceisteanna Eile - Other Questions
Aerfoirt Réigiúnacha
11:35 am
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Fuair mé an freagra ceannann céanna beagnach dhá mhí ó shin i mí Feabhra. Ag an am sin bhí tuilleadh eolais i gceist. Dúradh liom go raibh na luachálaithe fostaithe agus go raibh suirbhé innealtóireachta i gceist. Tá súil agam go bhfuil an suirbhé sin críochnaithe. Tá súil agam go bhfuil luach anois deimhnithe. An féidir é sin a rá? Dúradh liom i bhfreagra eile go mbeadh an próiseas críochnaithe roimh deireadh na míosa seo caite. Tá eagla orm go bhfuil muid ag dul ar aghaidh agus ag dul ar aghaidh. Tuigim go bhfuil sé casta ach níl sé casta tuiscint go bhfuil sé de cheart ag muintir na n-oileán seirbhís aeir a bheith aici má táimid i ndáiríre faoi saol inmharthanach a thabhairt di ar na hOileáin Árann. Tá sin simplí. Tá sé simplí a rá liom cén uair a bheidh an próiseas críochnaithe.
No comments