Dáil debates
Wednesday, 10 April 2019
Ceisteanna Eile - Other Questions
Aerfoirt Réigiúnacha
11:35 am
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source
Níl mé in ann spriocdáta don phróiseas a leagan síos. Tá an próiseas ag dul ar aghaidh agus caithfimid fanacht go dtí go mbeidh an idirbheartaíocht críochnaithe agus ansin beidh próiseas i ndiaidh sin ó thaobh próiseas dlí de agus tógann an próiseas am. Cé go bhfuil na feidhmeannaigh ag plé an próiseas chun Aerfort Chonamara a cheannach, tá comhairleoirí fostaithe ag mo Roinn chun cuidiú leis an bpróiseas ó thaobh an seirbhís aeir agus an próiseas tairisceana de. Tá mé sásta go mbeidh mo Roinn ábalta tairiscintí a lorg do sheirbhís aeir ach an réamhobair atá ar siúl ina leith a bheith curtha i gcrích. Táimid i mbun próiseas chun tairiscintí a lorg chun seirbhís ar thréimhse ceithre bliana ó 30 Deireadh Fomhair i mbliana. Táimid sásta go mbeimid in ann an próiseas sin a chríochnú agus go mbeidh seirbhís aeir ar fáil do mhuintir na hOileáin Árann i rith an gheimhridh.
No comments