Dáil debates

Wednesday, 16 January 2019

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

An Teanga Gaeilge

10:50 am

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

36. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén uair atá sé i gceist Bille nua na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1728/19]

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim ag iarraidh a fháil amach cad é an scéal faoi Bhille na dteangacha oifigiúla. Bhí liosta dlíthe nua foilsithe inné agus ní raibh aon scéal faoin mBille nua ar an liosta sin.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déanaim comhghairdeas leis an Teachta as ucht a róil nua mar urlabhraí Fhianna Fáil don Ghaeilge.

Mar chúlra, is iarracht í an Bhille seo, trí na ceannteideil éagsúla, an timpeallacht a chruthú ina mbeidh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit, go mbeidh an teanga níos feiceálaí agus go mbeidh fáil níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge.

Agus an Bille á thabhairt chun cinn, cuireadh tréimhse comhairliúcháin ar bun leis na páirtithe leasmhara. Leagadh na ceannteidil faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na hOileáin agus foilsíodh tuarascáil ag eascairt as an bpróiseas seo roimh samhraidh 2018. Tá an tuarascáil sin scrúdaithe anois ag mo Roinn i gcomhthéacs dréachtú an Bhille.

Beidh sé mar ollchuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh comhlachtaí poiblí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Is í an earcaíocht croí-lár na ceiste, agus táim dóchasach gur féidir tógáil, ar bhonn chéimiúil, ar líon na bhfostaithe le Gaeilge sa statchóras agus ag eascairt as sin, go mbeifear in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge, mar is cóir.

Tá oifigigh mo Roinne ag obair faoi Iáthair i gcomhar le hOifig an Ard-Aighne chun Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a dhréachtú.

Mar is eol don Teachta, tá dul chun cinn sunstasach déanta ar an mBille sin. Tá sé leis na dréachtóirí in Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas. Tá siad ag obair ar an mBille i gcomhthéacs na gceannteideal atá foilsithe. Tá oifigigh mo Roinne ag comhoibriú ar an mBille. Níl ach sé Bhille ar an bpríomhliosta a foilsíodh inné. Tá a fhios ag an Teachta cén fáth. Beidh na dréachtóirí ag obair go mórmhór ar na Billí agus ar an reachtaíocht a theastófar ó thaobh an Bhreatimeachta. Sin an fáth go bhfuil liosta an-ghearr againn don tréimhse idir seo agus deireadh mhí an Mhárta.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas as na beannachtaí. Tuigeann gach duine sa Teach seo scéal an Bhille agus cad atá istigh ann. Táimid ag iarraidh go mbeidh muid in ann an Bille sin a phlé agus a chur ag obair sna ceantair Ghaeltachta agus do na daoine a labhraíonn an Ghaeilge. Tá na ceantair sin agus an Ghaeilge faoi fhíorbhrú. Níl an am againn moill a chur ar an mBille seo. Ní leithscéal é Brexit mar gheall ar an obair atá déanta ar an mBille seo. Labhair an tAire Stáit faoi obair an choiste. Tá an obair sin críochnaithe le sé mhí anuas. Bhí am ag an Aire Stáit an obair ar dúirt sé go raibh sí á déanamh aige anois a dhéanamh roimhe seo. Níl sé déanta agus tá moill eile ann. Tá daoine ag fánacht ar an mBille seo. Tá sé an-tábhachtach. Is Príomh-Aoire an Rialtais é an tAire Stáit. Caithfidh sé an tionchar sin a úsáid brú a chur chun go mbeidh muid in ann an Bille seo a phlé sa Dáil agus chun go mbeidh muid in ann leanúint ar aghaidh leis an obair iontach atá leagtha amach sa Bhille.

Caithfidh an obair sin a bheith sna ceantair atá ag fanacht le haghaidh an Bhille.

11:00 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím le gach uile dhuine go bhfuil an Bille seo fíorthábhachtach. Tá a lán obair shuntasach déanta air ach, ag an am céanna, tá an reachtaíocht a theastaítear ó thaobh an Breatimeacht de níos tábhachtaí. Tá sé sin ag barr an liosta agus beidh na dréachtóirí ag obair ar na Billí sin so ní bheidh mórán dul chun cinn déanta ar aon Bhille eile seachas na Billí a theastaítear ó thaobh an Breatimeacht de. Bhí mé ag súil go mbeadh an Bille seo réidh roimh an Nollaig agus is mór an trua gur theip orainn é sin a dhéanamh. Tá dul chun cinn suntasach déanta, mar sin féin, agus beidh na feidhmeannaigh sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag obair as seo amach chun a bheith cinnte go mbeadh an t-eolas go léir curtha chuig Oifig an Ard-Aighne agus na dréachtóirí. Go dtí go bhfuil cinneadh eile déanta ó thaobh an Breatimeacht de, áfach, is é an fócas atá ag na dréachtóirí ná reachtaíocht maidir leis an mBreatimeacht. Beidh moill ar gach uile Bhille eile mar gheall air sin.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An mbeidh sé foilsithe roimh an Nollaig nó an mbeidh orainn fanacht le haghaidh bliain nua le go mbeidh sé foilsithe?

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh na dréachtóirí críochnaithe ag deireadh mí an Mhárta leis an reachtaíocht ó thaobh an Breatimeacht de agus b'fhéidir go mbeidh cinneadh eile déanta ag Rialtas na Breataine agus go mbeidh liosta nua reachtaíocht againn i gceann coicís nó trí seachtaine. Bheadh sé sin go hiontach agus bheadh Bille na dTeangacha Oifigiúla ag barr an liosta sin go cinnte. Sin geall má tá liosta nua, ach beidh liosta nua i mí an Mhárta ar aon nós don seisiún idir mí an Mhárta agus an samhradh, agus beidh sé ar an liosta sin agus beidh sé foilsithe i bhfad roimh an Nollaig. Mar a dúirt mé, tá a lán obair thábhachtach déanta air agus teastaíonn an Bille seo. Tá an Teachta ceart go bhfuil a lán rudaí maithe sa Bhille agus tabharfaidh mé deis don Teachta agus do na hurlabhraí eile chun suigh síos leis na feidhmeannaigh i mo Roinn chun dul tríd an dul chun cinn atá déanta.

Question No. 37 answered with Question No. 34.