Dáil debates

Wednesday, 16 January 2019

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

An Teanga Gaeilge

10:50 am

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas as na beannachtaí. Tuigeann gach duine sa Teach seo scéal an Bhille agus cad atá istigh ann. Táimid ag iarraidh go mbeidh muid in ann an Bille sin a phlé agus a chur ag obair sna ceantair Ghaeltachta agus do na daoine a labhraíonn an Ghaeilge. Tá na ceantair sin agus an Ghaeilge faoi fhíorbhrú. Níl an am againn moill a chur ar an mBille seo. Ní leithscéal é Brexit mar gheall ar an obair atá déanta ar an mBille seo. Labhair an tAire Stáit faoi obair an choiste. Tá an obair sin críochnaithe le sé mhí anuas. Bhí am ag an Aire Stáit an obair ar dúirt sé go raibh sí á déanamh aige anois a dhéanamh roimhe seo. Níl sé déanta agus tá moill eile ann. Tá daoine ag fánacht ar an mBille seo. Tá sé an-tábhachtach. Is Príomh-Aoire an Rialtais é an tAire Stáit. Caithfidh sé an tionchar sin a úsáid brú a chur chun go mbeidh muid in ann an Bille seo a phlé sa Dáil agus chun go mbeidh muid in ann leanúint ar aghaidh leis an obair iontach atá leagtha amach sa Bhille.

Caithfidh an obair sin a bheith sna ceantair atá ag fanacht le haghaidh an Bhille.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.