Dáil debates
Wednesday, 16 January 2019
Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
An Teanga Gaeilge
10:50 am
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source
Déanaim comhghairdeas leis an Teachta as ucht a róil nua mar urlabhraí Fhianna Fáil don Ghaeilge.
Mar chúlra, is iarracht í an Bhille seo, trí na ceannteideil éagsúla, an timpeallacht a chruthú ina mbeidh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit, go mbeidh an teanga níos feiceálaí agus go mbeidh fáil níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge.
Agus an Bille á thabhairt chun cinn, cuireadh tréimhse comhairliúcháin ar bun leis na páirtithe leasmhara. Leagadh na ceannteidil faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na hOileáin agus foilsíodh tuarascáil ag eascairt as an bpróiseas seo roimh samhraidh 2018. Tá an tuarascáil sin scrúdaithe anois ag mo Roinn i gcomhthéacs dréachtú an Bhille.
Beidh sé mar ollchuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh comhlachtaí poiblí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Is í an earcaíocht croí-lár na ceiste, agus táim dóchasach gur féidir tógáil, ar bhonn chéimiúil, ar líon na bhfostaithe le Gaeilge sa statchóras agus ag eascairt as sin, go mbeifear in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge, mar is cóir.
Tá oifigigh mo Roinne ag obair faoi Iáthair i gcomhar le hOifig an Ard-Aighne chun Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a dhréachtú.
Mar is eol don Teachta, tá dul chun cinn sunstasach déanta ar an mBille sin. Tá sé leis na dréachtóirí in Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas. Tá siad ag obair ar an mBille i gcomhthéacs na gceannteideal atá foilsithe. Tá oifigigh mo Roinne ag comhoibriú ar an mBille. Níl ach sé Bhille ar an bpríomhliosta a foilsíodh inné. Tá a fhios ag an Teachta cén fáth. Beidh na dréachtóirí ag obair go mórmhór ar na Billí agus ar an reachtaíocht a theastófar ó thaobh an Bhreatimeachta. Sin an fáth go bhfuil liosta an-ghearr againn don tréimhse idir seo agus deireadh mhí an Mhárta.
No comments