Dáil debates

Wednesday, 16 January 2019

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

An Teanga Gaeilge

11:00 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Aontaím le gach uile dhuine go bhfuil an Bille seo fíorthábhachtach. Tá a lán obair shuntasach déanta air ach, ag an am céanna, tá an reachtaíocht a theastaítear ó thaobh an Breatimeacht de níos tábhachtaí. Tá sé sin ag barr an liosta agus beidh na dréachtóirí ag obair ar na Billí sin so ní bheidh mórán dul chun cinn déanta ar aon Bhille eile seachas na Billí a theastaítear ó thaobh an Breatimeacht de. Bhí mé ag súil go mbeadh an Bille seo réidh roimh an Nollaig agus is mór an trua gur theip orainn é sin a dhéanamh. Tá dul chun cinn suntasach déanta, mar sin féin, agus beidh na feidhmeannaigh sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag obair as seo amach chun a bheith cinnte go mbeadh an t-eolas go léir curtha chuig Oifig an Ard-Aighne agus na dréachtóirí. Go dtí go bhfuil cinneadh eile déanta ó thaobh an Breatimeacht de, áfach, is é an fócas atá ag na dréachtóirí ná reachtaíocht maidir leis an mBreatimeacht. Beidh moill ar gach uile Bhille eile mar gheall air sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.