Dáil debates

Thursday, 21 June 2018

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Plean Forbartha Náisiúnta

2:45 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

2. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén fáth nach bhfuil a Roinn ag caitheamh ach 15% dá caiteachas caipitil ar an nGaeltacht agus na hOiléan sa Phlean Forbartha Náisiúnta i comparáid leis an bplean náisiúnta a bhí ann roimhe seo, Transforming Ireland ina raibh 22% den chaiteachas caipitil geallta don Ghaeltacht. [27054/18]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is oth liom a rá go bhfuil an Teachta Tóibín ag bainis inniu. Cuirfidh mé sin in iúl roimh ré. Cén leithscéal nó cosaint atá ag an Aire Stáit i leith na fírice go raibh 22% de chaiteachas caipitil idir 2007 agus 2013 geallta don Ghaeltacht agus do na hoileáin ach nach bhfuil i gceist faoi Project Ireland 2040 ach 15% den bhuiséad caipitil? Déanfaidh an difir seo damáiste do tharrtháil tograí Gaeilge agus Gaeltachta.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas don Teachta faoi choinne na ceiste. Tá muid ag pointe difriúil anois i saol eacnamaíochta na tíre seo ná mar a bhíomar nuair a foilsíodh Athrú Mór ar Éirinn, nó Transforming Ireland, in 2007, plean nár cuireadh i bhfeidhm go hiomlán de bharr na géarchéime eacnamaíochta. Faoi Thionscadal Éireann 2040, déanfar cúram d’fhás inmharthanach agus rath na hÉireann agus cuirfear béim faoi leith ar an uathúlacht a bhaineann le cultúr saibhir na hÉireann agus a thábhachtaí atá sé é a chaomhnú agus a chothú. Ar ndóigh, tá an Ghaeilge mar chuid lárnach den chultúr sin agus tá tábhacht faoi leith ag an nGaeltacht mar fhearann dúchais na Gaeilge. Beifear ag féachaint chuige, mar shin, go dtapaítear gach deis chun go n-aithnítear é sin mar is cuí.

I mí Aibreáin na bliana seo, foilsíodh "Infheistíocht inár gCultúr, inár dTeanga agus inár nOidhreacht 2018-2027", plean na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi Thionscadal Éireann 2040. Tá beartaithe sa phlean seo go ndéanfaidh an Rialtas infheistíocht chaipitil de €178 milliún sa Ghaeilge, sa Ghaeltacht agus sna hoileáin as seo go ceann deich mbliana. Clúdaíonn sé seo: infheistíocht de €105 milliún ag Údarás na Gaeltachta i gcruthú fostaíochta; infheistíocht de €33 milliún mar bhuntaca don phróiseas pleanála teanga; infheistíocht de €13 milliún i líonraí Gaeilge agus i mbailte seirbhíse Gaeltachta; agus infheistíocht de €27 milliún in infreastruchtúr na n-oileán.

Is plean meáite é Tionscadal Éireann 2040 agus an tír seo ag teacht chuici féin tar éis blianta de chiorruithe. Is méadú de thart ar 78% é an €178 milliún atá luaite leis an bplean ar an allúntas a bheifí ag súil leis thar thréimhse deich mbliana dá mbainfí úsáid as allúntas 2018 mar bhunlíne.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Measaim nach dtuigeann iad ar thug an freagra don Aire Stáit go díreach cad atá i gceist agam. Molann an plean forbartha náisiúnta caiteachas caipitil iomlán de €1.188 billiún idir 2018 agus 2027. As an iomlán sin ní chaithfear ach €178 milliún, 15% den chaiteachas, ar an nGaeilge, an Gaeltacht agus na hoileáin. Sa phlean forbartha náisiúnta, Transforming Ireland, a bhí ann roimhe - idir 2007 agus 2013 - cuireadh €2.1 billiún i leataobh do na healaíona, an oidhreacht, an Ghaeltacht agus na hoileáin ach bhí 22% den fhigiúr seo geallta don Ghaeltacht. Tá difríocht mhór idir 22% agus 15%. Ní mise a chuir na figiúirí sin le chéile ach grúpa a dhein taighde air seo, grúpa darb ainm Teacht Aniar. Chuir an grúpa sin na figiúirí faoi bhráid an phobail. Cén cúis atá leis an titim ollmhór ó thaobh céatadán de agus ó thaobh airgeadas de? An dtuigeann an tAire Stáit go bhfuil an teanga go mór i mbaol agus gur gá caiteachas a mhéadú seachas go mbeadh ciorruithe ann?

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim an cheist. Tá figiúir difriúil ann ó 2007. Bhí an am thar a bheith difriúil. Bhí an t-airgead ag fás ar na crainn ag an am sin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé sin seafóideach.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl an Teachta Ó Cuív ag cur an cheist orm. Tá plean forbartha don Ghaeltacht agus do na hoileáin againn anois. Mar shampla, beimid ag brú ar aghaidh leis an uasghrádú ar roinnt príomhchampas de chuid na coláistí samhraidh Gaeilge. Mheallann na tionscadail sin os cionn 26,000 scoláirí chun na Gaeltachta achan bliain. Mar shampla eile, táimid ag soláthar saoráidí tacaíochta teanga agus cúrám leanaí a bheidh suite in áiteanna straitéiseacha. Beidh oifigí nua ann do chomharchumainn agus saoráidí phobail ar Inis Meáin. Tá cúpla sampla eile - síneadh le Cé Inis Oírr lena n-airítear tonnchosc, oibrithe ar Ché Inis Meáin, uasghradú ar Ché Mhachaire Rabhartaigh a dhéanfaidh freastal ar Thóraigh, agus rudaí faoi leith do Thóraigh fosta. Cúpla sampla iad sin. Tá an am atá ann anois difriúil ann am a bhí ann in 2007.

Photo of Declan BreathnachDeclan Breathnach (Louth, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh freagra eile ag an Aire Stáit.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an ceart ag an Teachta Ó Cuív arís. Ní thuigeann an tAire Stáit an cheist.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní thuigeann an Teachta an freagra.

Photo of Josepha MadiganJosepha Madigan (Dublin Rathdown, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní thuigeann sé é.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis an airgead atá i gceist, ba é an tréimhse atá i gceist - 2008 go dtí 2016 - an tréimhse ina raibh muid in ísle brí. Caitheadh €224 milliún faoi Transforming Ireland. An rud atá i gceist sa tréimhse amach anseo ná go caithfear €178 milliún. Tá níos lú airgid le caitheamh againn anois mar is é sin €46 milliún níos lú ná mar a bhí againn sa tréimhse ina raibh muid in ísle brí. Níl muid ag dul chun tosaigh, táimid ag dul ar chúl. An dream a dhein an taighde seo - Teacht Aniar - dhein siad é le cur faoi bhráid chomhdháil pleanála teanga. Ní feidir pleanáil teanga ceart a dhéanamh muna dhéanfar infheistíocht cheart. Tá beagán athruithe ag tarlú ach measaim nach dtuigeann an córas ina iomlán an géarchéim mhór atá ann. Ba chóir go mbeadh an buiséad ag fás seachas a bheith ag dul ar chúl.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim an cheist. Tá an figiúr difriúil. B'fhéidir nach bhfuil a fhios ag an Teachta ach níor chuir muid an plean i bhfeidhm in 2007. Ní raibh an t-airgead ar fáil. Bhí an ghéarchéim ag teacht ag an am agus d'athraíodh an plean sin a bhí socraithe. Níor chuir an Rialtas an plean i bhfeidhm ag an am sin. Ní raibh muid ábalta an gealltanas a thug an Rialtas ag an am sin in 2007 a chur i bhfeidhm mar ní raibh an t-airgead ar fáil. Ach anois, céim ar chéim, tá cúrsaí eacnamaíochta ag bogadh ar aghaidh. Beidh airgead breise ar fáil. Dá mbeadh airgead breise ar fáil faoi choinne infreastrúchtúir nó pleanála teanga ba mise an fear a chaithfí an t-airgead. Tá sé difriúil anois ó 2007. Ní bheidh mé ag déanamh gealltanais cosúil leis an cheann a rinneadh.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl mé ag caint faoin méid a bhí le caitheamh i Transforming Ireland. Is é seo an méid a caitheadh agus a bhí sa bhuiséad chuile bliain.