Dáil debates

Thursday, 21 June 2018

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Plean Forbartha Náisiúnta

2:45 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Measaim nach dtuigeann iad ar thug an freagra don Aire Stáit go díreach cad atá i gceist agam. Molann an plean forbartha náisiúnta caiteachas caipitil iomlán de €1.188 billiún idir 2018 agus 2027. As an iomlán sin ní chaithfear ach €178 milliún, 15% den chaiteachas, ar an nGaeilge, an Gaeltacht agus na hoileáin. Sa phlean forbartha náisiúnta, Transforming Ireland, a bhí ann roimhe - idir 2007 agus 2013 - cuireadh €2.1 billiún i leataobh do na healaíona, an oidhreacht, an Ghaeltacht agus na hoileáin ach bhí 22% den fhigiúr seo geallta don Ghaeltacht. Tá difríocht mhór idir 22% agus 15%. Ní mise a chuir na figiúirí sin le chéile ach grúpa a dhein taighde air seo, grúpa darb ainm Teacht Aniar. Chuir an grúpa sin na figiúirí faoi bhráid an phobail. Cén cúis atá leis an titim ollmhór ó thaobh céatadán de agus ó thaobh airgeadas de? An dtuigeann an tAire Stáit go bhfuil an teanga go mór i mbaol agus gur gá caiteachas a mhéadú seachas go mbeadh ciorruithe ann?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.