Dáil debates

Thursday, 21 June 2018

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Plean Forbartha Náisiúnta

2:45 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas don Teachta faoi choinne na ceiste. Tá muid ag pointe difriúil anois i saol eacnamaíochta na tíre seo ná mar a bhíomar nuair a foilsíodh Athrú Mór ar Éirinn, nó Transforming Ireland, in 2007, plean nár cuireadh i bhfeidhm go hiomlán de bharr na géarchéime eacnamaíochta. Faoi Thionscadal Éireann 2040, déanfar cúram d’fhás inmharthanach agus rath na hÉireann agus cuirfear béim faoi leith ar an uathúlacht a bhaineann le cultúr saibhir na hÉireann agus a thábhachtaí atá sé é a chaomhnú agus a chothú. Ar ndóigh, tá an Ghaeilge mar chuid lárnach den chultúr sin agus tá tábhacht faoi leith ag an nGaeltacht mar fhearann dúchais na Gaeilge. Beifear ag féachaint chuige, mar shin, go dtapaítear gach deis chun go n-aithnítear é sin mar is cuí.

I mí Aibreáin na bliana seo, foilsíodh "Infheistíocht inár gCultúr, inár dTeanga agus inár nOidhreacht 2018-2027", plean na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi Thionscadal Éireann 2040. Tá beartaithe sa phlean seo go ndéanfaidh an Rialtas infheistíocht chaipitil de €178 milliún sa Ghaeilge, sa Ghaeltacht agus sna hoileáin as seo go ceann deich mbliana. Clúdaíonn sé seo: infheistíocht de €105 milliún ag Údarás na Gaeltachta i gcruthú fostaíochta; infheistíocht de €33 milliún mar bhuntaca don phróiseas pleanála teanga; infheistíocht de €13 milliún i líonraí Gaeilge agus i mbailte seirbhíse Gaeltachta; agus infheistíocht de €27 milliún in infreastruchtúr na n-oileán.

Is plean meáite é Tionscadal Éireann 2040 agus an tír seo ag teacht chuici féin tar éis blianta de chiorruithe. Is méadú de thart ar 78% é an €178 milliún atá luaite leis an bplean ar an allúntas a bheifí ag súil leis thar thréimhse deich mbliana dá mbainfí úsáid as allúntas 2018 mar bhunlíne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.