Dáil debates

Thursday, 21 June 2018

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Limistéir Pleanála Teanga

2:45 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

3. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht céard é líon na bpleananna teanga atá á gcur i bhfeidhm i mbliana, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht faoi seach; cén caiteachas atá ceadaithe do na pleananna seo i mbliana; céard é an caiteachas go dáta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [26804/18]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfear faire amach don fhoclaíocht sa cheist seo. Níl mé ag iarraidh a fháil amach faoi phleananna atá á réiteach. Tá mé ag caint ar phleananna atá á gcur i bhfeidhm. Cé mhéad plean teangan atá á chur i bhfeidhm taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht? Cén caiteachas atá ceadaithe do na pleananna sin? Níor chóir go gcuirfeadh an Aire Stáit san áireamh airgead atá curtha i leataobh le pleananna a réiteach, mar níl sé sin sa gceist.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar bhonn an cheist a fuair mise, maidir le staid reatha an phróisis pleanála teanga trí chéile ó thaobh na Gaeltachta de, tá an próiseas idir lámha i ngach aon cheann den 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta faoi láthair. Tá ocht bplean teanga ceadaithe faoin bpróiseas go dáta. Is iad na limistéir atá ceadaithe ná: Cois Fharraige; Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir; Cloch Chionaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh; Na Déise; Muscraí; Chiarraí theas; Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh; agus Ciarraí thiar. Tá na ceanneagraíochtaí sna limistéir seo i mbun ullmhúchán chun na pleananna a chur i bhfeidhm dá réir, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta. Tá pleananna teanga á mbreithniú ag mo Roinn faoi láthair i leith an ceithre limistéar a leanas: An Cheathrú Rua; Maigh Eo thuaidh; Árainn Mhór; agus Conamara láir.

Lena chois sin táthar ag súil leis go mbeidh pleananna i leith an sé limistéar a leanas á gcur faoi bhráid na Roinne ag Údarás na Gaeltachta idir seo agus deireadh na bliana: Ceantar na nOileán; Ráth Chairn agus Baile Ghib; Dún na nGall theas; Tóraigh; tuaisceart Dhún na nGall; agus Oileán Árann.

Ceaptar go mbeidh mbeidh pleananna teanga i leith an naoi gceantar eile atá i gceist curtha faoi bhráid mo Roinne chun críche faofa roimh 2020. Maidir leis na bailte seirbhíse Gaeltachta, a bhí san áireamh sa cheist a chur an Teachta, tá ullmhúchán pleananna ar siúl faoi láthair i leith: Daingean Uí Chúis; An Chlochán Liath; chathair na Gaillimhe; chathair Chorcaí; Leitir Ceanainn; Trá Lí agus Dún Garbháin.

Maidir leis na líonraí Gaeilge, tá ullmhúchán pleananna idir lámha i leith Cluain Dolcáin; Inis agus Baile Loch Riach.

Mar a bhaineann sé le 2018, tá allúntas ar fiú €2.65 milliún curtha ar fáil faoin gciste sa bhliain reatha. Bainfear úsáid as an gciste seo chun na rudaí a leanas a dhéanamh go príomha: leanúint le tacaíocht a chur ar fáil mar a bhaineann sé le hullmhúchán pleananna; allúntas ar bhonn limistéir pleanála teanga Gaeltachta, ar fiú suas le €100,000 go bliantúil a chur ar fáil chun tacú le feidhmiú pleananna faofa.

2:55 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl fhios agam ar léigh an tAire Stáit an cheist. An cheist a bhí ann ná cad iad líon na bpleananna teanga atá á gur i bhfeidhm i mbliana taobh istigh nó taobh amuigh den Ghaeltacht. Thug an tAire Stáit freagra, nach mór, ar an gcuid sin den cheist. Níl aon bhaint aige leis an airgead atá ceadaithe do rudaí eile leis an gcaiteachas atá ceadaithe do na pleananna seo i mbliana. Céard é an caiteachas cothrom le dáta atá leis seo? An bhféadfá a rá liom, mar a d'iarr mé, ceist an-simplí í, cé mhéad airgead atá ceadaithe do na pleananna atá faofa ag an Aire Stáit cothrom le dáta atá le caitheamh i mbliana? Uimhir a dó, cé mhéad de sin atá caite cothrom le dáta? Glacaim leis go bhfuil a fhios ag an Aire gurb é seo an 21 lá de Mheitheamh 2018.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh míle maith agat. Tá Foras na Gaeilge freagrach as na pleananna teanga taobh amuigh den Ghaeltacht agus tá Údarás na Gaeltachta freagrach as na pleananna teanga a chur i bhfeidhm le pobal na Gaeltachta laistigh den Ghaeltacht, mar a bhfuil a fhios ag an Teachta. Ní bheidh mise nó an Roinn freagrach as an airgead a ghabháil díreach chuig na grúpaí éagsúla. Táim ag fanacht ar na billí ó Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, dá bharr níl a fhios agam inniu cé mhéad a bheidh i gceist. B'shin an fáth leis seo. Thug mé gealltanas €2.6 milliún a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta, d’Fhoras na Gaeilge agus do phobal na Gaeilge laistigh den Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht, agus tá €2.6 milliún ar fáil i mbliana fa choinne na pleananna teanga a chur i bhfeidhm. Anois tá ocht díobh ag bogadh ar aghaidh laistigh den Ghaeltacht, mar a bhfuil a fhios ag an Teachta, agus idir €100,000 agus €150,000 i gceist le haghaidh dreamanna difriúla. Anois táim ag fanacht-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Taobh amuigh den Ghaeltacht-----

Photo of Bernard DurkanBernard Durkan (Kildare North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Duine amháin le bhur dtoil---

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cúig-----

Photo of Bernard DurkanBernard Durkan (Kildare North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An Teachta Ó Cuív anois.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bunaithe ar an meán de €150,000, má mhéadaíonn duine €150,000 - agus mar a d'admhaigh an tAire féin, níl €150,000 i gceist le cuid acu - faoi 13, ní bhfaighidh duine €2.67 milliún. Tá go leor rudaí eile clúdaithe faoin gceannteideal pleanála teanga. I gcónaí riamh, bhí Aire na Gaeltachta in ann eolas a fháil ó Fhoras na Gaeilge agus ó Údarás na Gaeltachta maidir le ceisteanna Dála.

An bhfuil an tAire ag rá liomsa nach raibh sé in ann a fháil amach ó Fhoras na Gaeilge agus ó Údarás na Gaeltachta cé mhéad airgead atá ceadaithe acu do chur i bhfeidhm pleananna teanga i mbliana, agus nach bhfuil a fhios ag an Roinn é sin, agus nach raibh sé in ann ceist a chur orthu cé mhéad de sin atá caite cothrom le dáta ar chur i bhfeidhm pleananna teanga nó an é atá ar bun ag an Aire ná go bhfuil sé ag seachaint na gceisteanna?

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl na sonraí agam inniu i dtaobh an ceangal idir Fhoras na Gaeilge, an Roinn agus Údarás na Gaeltachta maidir leis an airgead a bhí i gceist i dtaobh na mbillí ach bheinn sásta na sonraí sin a fháil amach agus é sin a dhéanamh don Teachta.

D'ardaigh an Teachta ceist i dtaobh an difríocht idir €100,000 agus €150,000 fosta agus tá an ceart ag an Teachta. Bhí conspóidí móra ag an am a sheolamar an plean. Bhí €100,000 i gceist agus d'athraigh mé le linn dom comhrá a bheith agam faoi ag an am agus bhí coimhlintí ollmhóra idir phobail na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta. Ba iad na daonraí láidre agus an tíreolaíocht láidir na príomh-spriocanna agus na coinníollacha ba chúis leis an rogha a dhéanamh faoi cén dream agus cén limistéar pleanála teanga a bheadh ag fáil an t-airgead breise.

Maidir leis an gceist i dtaobh sonraí na mbillí a bheidh ag teacht ó Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta, beidh mé sásta na sonraí sin a fháil agus beidh mé i dteagmháil.

Question No. 4 replied to with Written Answers