Dáil debates

Thursday, 21 June 2018

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Limistéir Pleanála Teanga

2:45 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Ar bhonn an cheist a fuair mise, maidir le staid reatha an phróisis pleanála teanga trí chéile ó thaobh na Gaeltachta de, tá an próiseas idir lámha i ngach aon cheann den 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta faoi láthair. Tá ocht bplean teanga ceadaithe faoin bpróiseas go dáta. Is iad na limistéir atá ceadaithe ná: Cois Fharraige; Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir; Cloch Chionaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh; Na Déise; Muscraí; Chiarraí theas; Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh; agus Ciarraí thiar. Tá na ceanneagraíochtaí sna limistéir seo i mbun ullmhúchán chun na pleananna a chur i bhfeidhm dá réir, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta. Tá pleananna teanga á mbreithniú ag mo Roinn faoi láthair i leith an ceithre limistéar a leanas: An Cheathrú Rua; Maigh Eo thuaidh; Árainn Mhór; agus Conamara láir.

Lena chois sin táthar ag súil leis go mbeidh pleananna i leith an sé limistéar a leanas á gcur faoi bhráid na Roinne ag Údarás na Gaeltachta idir seo agus deireadh na bliana: Ceantar na nOileán; Ráth Chairn agus Baile Ghib; Dún na nGall theas; Tóraigh; tuaisceart Dhún na nGall; agus Oileán Árann.

Ceaptar go mbeidh mbeidh pleananna teanga i leith an naoi gceantar eile atá i gceist curtha faoi bhráid mo Roinne chun críche faofa roimh 2020. Maidir leis na bailte seirbhíse Gaeltachta, a bhí san áireamh sa cheist a chur an Teachta, tá ullmhúchán pleananna ar siúl faoi láthair i leith: Daingean Uí Chúis; An Chlochán Liath; chathair na Gaillimhe; chathair Chorcaí; Leitir Ceanainn; Trá Lí agus Dún Garbháin.

Maidir leis na líonraí Gaeilge, tá ullmhúchán pleananna idir lámha i leith Cluain Dolcáin; Inis agus Baile Loch Riach.

Mar a bhaineann sé le 2018, tá allúntas ar fiú €2.65 milliún curtha ar fáil faoin gciste sa bhliain reatha. Bainfear úsáid as an gciste seo chun na rudaí a leanas a dhéanamh go príomha: leanúint le tacaíocht a chur ar fáil mar a bhaineann sé le hullmhúchán pleananna; allúntas ar bhonn limistéir pleanála teanga Gaeltachta, ar fiú suas le €100,000 go bliantúil a chur ar fáil chun tacú le feidhmiú pleananna faofa.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.