Dáil debates

Wednesday, 7 March 2018

Ceisteanna - Questions

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

1:05 pm

Photo of Mary Lou McDonaldMary Lou McDonald (Dublin Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

4. To ask the Taoiseach if he will report on his Department's Irish language policy. [9881/18]

Photo of Brendan HowlinBrendan Howlin (Wexford, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

5. To ask the Taoiseach if he will report on his Department's Irish language policy. [10931/18]

Photo of Leo VaradkarLeo Varadkar (Dublin West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

A Cheann Comhairle, tá sé i gceist agam Ceisteanna 4 agus 5 a fhreagairt le chéile. Ag teacht le brí agus meon Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá Roinn an Taoisigh tugtha do chultúr a chruthú agus a chothú lena spreagtar úsáid na Gaeilge taobh istigh den Roinn féin agus leis an gcustaiméir. Chun na críche sin tá cúrsaí ar fáil go furasta ag fostaithe uile na Roinne tríd an aonad acmhainní daonna. Ba é an phríomh-bhéim maidir le hobair na Roinne díriú ar chaidreamh a dhéanamh le Ranna Rialtais eile agus le Gníomhaireachtaí Rialtais. Ní tharlaíonn, dá thoradh sin, aon éileamh suntasach ar sheirbhís i nGaeilge ó dhaoine den phobal i gcoitinne.

Mura dtarlaíonn é sin féin tuigeann an Roinn go maith an tábhacht atá le roinnt fostaithe a bheith ar fáil atá líofa i nGaeilge agus ábalta seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge. Tá curtha in iúl ag roinnt fostaithe de chuid na Roinne go bhfuil úsáid na Gaeilge go maith acu agus iad inniúil ina réimsí féin seirbhísí éagsúla a chur ar fáil trí Ghaeilge. Tá roinnt acu níos fearr ná a chéile. Tá beirt de na fostaithe sin a bhfuil ardchumas Gaeilge acu ceaptha chun seirbhís Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine den phobal agus is leor beirt freastal a dhéanamh ar an éileamh sin faoi láthair.

Tá úsáid na Gaeilge luaite freisin i gCairt an Chustaiméara ag an Roinn. Deirtear ansin go ndéanfar freastal ar an gcustaiméir ar mhian leis nó léi gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Tá geallúintí a luaitear faoi Scéim Ghaeilge 2016-2019 de chuid na Roinne faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla arb é is cuspóir leo a chinntiú gur féidir le haon chustaiméir ar mhian leis nó léi a ghnó nó a gnó a dhéanamh trí Ghaeilge le Roinn an Taoisigh déanamh amhlaidh. Tá gach fostaí de chuid na Roinne ar an eolas faoin scéim sin atá ina chuid de chlár an chúrsa iondúchtáin freisin ag fostaithe nua. Chomh maith leis sin tá líonra Gaeilge curtha ar bun sa Roinn a thagann le chéile uair sa ráithe agus a choinníonn súil ar an dul chun cinn maidir leis na geallúintí a chomhlíonadh a luaitear i Scéim Teanga na Roinne. Tá brón orm nach raibh mé chomh cúramach nó chomh líofa-----

Photo of Seán Ó FearghaílSeán Ó Fearghaíl (Kildare South, Ceann Comhairle)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí sé go han-mhaith a Thaoisigh. Anois an chéad duine eile an Teachta Mary Lou McDonald.

Photo of Mary Lou McDonaldMary Lou McDonald (Dublin Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat a Cheann Comhairle. Gabhaim buíochas leis an Taoiseach as ucht a chuid freagra. Tá súil agam go mbainfidh gach duine sonas agus sásamh as Seachtain na Gaeilge nó ó choicís na Gaeilge atá anois ann. A Thaoisigh, is minic a deirtear gur slánaitheoir na Gaeilge an Straitéis 20 Bliain agus tá a fhios againn a Thaoisigh go bhfuil ag teip uirthi. I mo thuairim baineann an teip seo le Roinn an Taoisigh. Baineann an tuairisc is déanaí maidir leis an dul chun cinn a rinneadh faoin straitéis leis an mbliain 2015. B’shin trí bliana ó shin. Impím ar an Taoiseach é sin a réiteach láithreach. Thug mé faoi deara píosa a bhí an-spéisiúil sa pháipéir straitéise don Ghaeilge ón a Roinn féin. Deirtear go bhfuil an Ghaeilge mar chuid den chultúr agus den oidhreacht sa Tuaisceart agus gur tosaíocht de chuid an Rialtais an teanga a chosaint agus a chur chun cinn ó thuaidh. Ní hamháin sin, deirtear go soiléir go ndéanfaidh Rialtas na hÉireann brú a chur chun Acht na Gaeilge a bhaint amach. Is leis an Taoiseach agus an Roinn na focail sin. Iarraim ort é sin a dhéanamh. Tá Sinn Féin tiomanta don dúshlán a thug an pobal dúinn anuraidh a shárú, is é sin chun Acht na Gaeilge a bhaint amach. Cén fáth? Toisc go bhfuil saol trí Ghaeilge á éileamh ag daoine, is é sin a bhfuil ag teastáil ó phobal na Gaeilge. Ní ceist í an mbeidh ceann againn. Is ceist í maidir le cathain a bheidh Acht againn. Le linn Sheachtain na Gaeilge táim lánsásta a rá gur cheart Acht a bheith ann anois. An féidir leatsa, A Thaoisigh, an rud céanna a rá gur cheart Acht a bheith ann anois?

1:15 pm

Photo of Brendan HowlinBrendan Howlin (Wexford, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios ag an gCeann Comhairle go raibh díospóireacht againn sa Teach seo tráthnóna aréir ar an nGaeilge, ar staid na teanga agus ar an nGaeltacht. Dúirt mé sa díospóireacht sin gurb é mo thuairim féin ná gur theip muid mar Stát agus mar chóras oideachais an teanga a chur chun cinn ó bhunú an Stáit. Caithfidh go bhfuil sé sin fíor agus is ait an rud é. Ní dóigh liom go bhfuil tír ar bith eile ar fud an domhain ina bhfuil córas oideachais ann nach bhfuil sé ar chumas na ndaltaí sa chóras sin an teanga a labhairt go líofa tar éis deich mbliana á foghlaim. Ba chóir go mbeadh siad in ann an Ghaeilge a labhairt go líofa agus go flúirseach tar éis an méid sin ama a chaitheamh á foghlaim. Tá fadhb ann agus caithfimid an fhadhb sin a réiteach. Is mar sin atá an scéal againn in Éirinn.

Tá ceist agam ar an Taoiseach agus orainn go léir mar ní dóigh liom gur cheist don Rialtas amháin é. Mar a dúirt mé, téann an teip seo siar go dtí bhunú an Stáit seo agus caithfimid rud réabhlóideach agus nua a dhéanamh chun go mbeadh sé ar chumas mhuintir na tíre i gcoitinne an teanga dúchais a labhairt. Caithfimid, i dtosach báire, an deis sin a thabhairt don aos óg sa tír seo.

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceann de na polasaithe is tábhachtaí do mhuintir Fhianna Fháil ná an Ghaolainn a fheabhsú agus a chur chun cinn. Dheineamar an-chuid nuair a bhíomar sa Rialtas. Achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga agus Foras na Gaeilge agus cuireadh cearta teanga san áireamh i nithe éagsúla. Cuir i gcás Achtanna oideachais agus Achtanna pleanála. Bunaíodh Coimisiún na Gaeltachta agus rinneadh forbairt air agus glacadh leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Chomh maith leis sin, bhí mórchuid caiteachais déanta ar bhunstruchtúr Gaeltachta agus Gaeilge.

Maidir leis an méid a dúirt an Teachta Howlin, i rith ár dtréimhse in oifig tháinig méadú ar líon na gcainteoirí Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Faraor, le sé bliana anuas, theip ar na Rialtais faoi cheannas Fhine Gael ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. Caithfidh mé é sin a rá. Thugas óráid ag Ard-fheis Chonradh na Gaeilge coicíos ó shin agus dúirt mé nach raibh mé agus nach bhfuil mé sásta leis an méid atá faoi chaibidil ag an Rialtas an babhta seo. Tháinig meath suntasach ar líon na ndaoine a deir go bhfuil Gaeilge acu agus orthu siúd a labhraíonn an Ghaeilge gach lá.

Photo of Brendan HowlinBrendan Howlin (Wexford, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil tú cinnte go bhfuil sé sin fíor?

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfimid níos mó áiseanna a chur ar fáil maidir leis an teanga agus don Ghaeltacht, go háirithe ó thaobh mhúineadh na Gaeilge de. Cuirim i gcás na mic léinn sna coláistí oiliúna. Faoi láthair ní fhaigheann siad aon deontais chun dul go dtí an Ghaeltacht agus tá sé ró-chostasach ar fad do na daltaí agus na mic léinn sin. Sin rud beag gur féidir leis an Rialtas a dhéanamh. D'fhéadfadh sé na deontais a bhí ann a thabhairt ar ais. Gan amhras tá brú faoi leith ar mhic léinn tríú leibhéal san lá atá inniu ann agus sin brú eile.

Photo of Seán Ó FearghaílSeán Ó Fearghaíl (Kildare South, Ceann Comhairle)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an t-am istigh.

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rud amháin eile. Is é TG4 an seod Gaeilge is mó atá againn faoi láthair. Tá an stáisiún ag déanamh an-chuid oibre ar son na Gaeilge

Photo of Brendan HowlinBrendan Howlin (Wexford, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Buíochas leis an Uachtarán Michael D. Higgins.

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Agus Máire Geoghegan-Quinn - an bheirt acu. Caithfidh an Teachta Howlin é sin a admháil. Dheineadar an-chuid chun TG4 a chur os ár gcomhair. An bun rud ná easpa taithí. Sin an bunfhadhb. Ní fhaigheann daoine deiseanna nádúrtha chun an Ghaeilge a labhairt.

Photo of Leo VaradkarLeo Varadkar (Dublin West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na Teachtaí as a gceisteanna. Ní aontaím leis na Teachtaí gur theip orainn ach aontaím leis an Teachta Martin faoi TG4. Táim buíoch de Mháire Geoghegan-Quinn, den Uachtarán agus an iarThaoiseach, an tUasal John Bruton, dá initiative agus don obair a rinne siad.

Photo of Brendan HowlinBrendan Howlin (Wexford, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sárobair.

Photo of Leo VaradkarLeo Varadkar (Dublin West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Rialtas ag déanamh go leor chun tacú leis an nGaeilge. Mar shampla, tá allúntas breise de €1.2 milliún ar fáil i mbliana chun cabhrú tuilleadh le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga, rud a fhágann go bhfuil cistíocht ar fiú €2.65 milliún ina iomlán ar fáil sa bhliain seo lena haghaidh. Anuas ar an airgead breise atá tugtha don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le caitheamh ar an teanga, tháinig méadú ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta agus ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge le cúpla bliain anuas. I mí Mheithimh na bliana seo caite, foilsíodh ceannteidil an Bille teanga nua mar iarracht chun dul i ngleic le dhá mhórcheist: scéimeanna teanga agus earcaíocht sa tseirbhís phoiblí. Tá céimeanna á dtógáil chun deireadh a chur leis an maolú ar úsáid na Gaeilge san Aontas Eorpach in 2021.

Ag baint úsáide as aon slat tomhais, sílim go léiríonn na samplaí seo dáiríreacht an Rialtais maidir leis an nGaeilge sa bhliain seo - Bliain na Gaeilge.

Sitting suspended at 2.10 p.m. and resumed at 3.10 p.m.