Dáil debates
Wednesday, 7 March 2018
Ceisteanna - Questions
Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís
1:05 pm
Leo Varadkar (Dublin West, Fine Gael) | Oireachtas source
A Cheann Comhairle, tá sé i gceist agam Ceisteanna 4 agus 5 a fhreagairt le chéile. Ag teacht le brí agus meon Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá Roinn an Taoisigh tugtha do chultúr a chruthú agus a chothú lena spreagtar úsáid na Gaeilge taobh istigh den Roinn féin agus leis an gcustaiméir. Chun na críche sin tá cúrsaí ar fáil go furasta ag fostaithe uile na Roinne tríd an aonad acmhainní daonna. Ba é an phríomh-bhéim maidir le hobair na Roinne díriú ar chaidreamh a dhéanamh le Ranna Rialtais eile agus le Gníomhaireachtaí Rialtais. Ní tharlaíonn, dá thoradh sin, aon éileamh suntasach ar sheirbhís i nGaeilge ó dhaoine den phobal i gcoitinne.
Mura dtarlaíonn é sin féin tuigeann an Roinn go maith an tábhacht atá le roinnt fostaithe a bheith ar fáil atá líofa i nGaeilge agus ábalta seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge. Tá curtha in iúl ag roinnt fostaithe de chuid na Roinne go bhfuil úsáid na Gaeilge go maith acu agus iad inniúil ina réimsí féin seirbhísí éagsúla a chur ar fáil trí Ghaeilge. Tá roinnt acu níos fearr ná a chéile. Tá beirt de na fostaithe sin a bhfuil ardchumas Gaeilge acu ceaptha chun seirbhís Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine den phobal agus is leor beirt freastal a dhéanamh ar an éileamh sin faoi láthair.
Tá úsáid na Gaeilge luaite freisin i gCairt an Chustaiméara ag an Roinn. Deirtear ansin go ndéanfar freastal ar an gcustaiméir ar mhian leis nó léi gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.
Tá geallúintí a luaitear faoi Scéim Ghaeilge 2016-2019 de chuid na Roinne faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla arb é is cuspóir leo a chinntiú gur féidir le haon chustaiméir ar mhian leis nó léi a ghnó nó a gnó a dhéanamh trí Ghaeilge le Roinn an Taoisigh déanamh amhlaidh. Tá gach fostaí de chuid na Roinne ar an eolas faoin scéim sin atá ina chuid de chlár an chúrsa iondúchtáin freisin ag fostaithe nua. Chomh maith leis sin tá líonra Gaeilge curtha ar bun sa Roinn a thagann le chéile uair sa ráithe agus a choinníonn súil ar an dul chun cinn maidir leis na geallúintí a chomhlíonadh a luaitear i Scéim Teanga na Roinne. Tá brón orm nach raibh mé chomh cúramach nó chomh líofa-----
No comments