Dáil debates

Wednesday, 7 March 2018

Ceisteanna - Questions

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

1:15 pm

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ceann de na polasaithe is tábhachtaí do mhuintir Fhianna Fháil ná an Ghaolainn a fheabhsú agus a chur chun cinn. Dheineamar an-chuid nuair a bhíomar sa Rialtas. Achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga agus Foras na Gaeilge agus cuireadh cearta teanga san áireamh i nithe éagsúla. Cuir i gcás Achtanna oideachais agus Achtanna pleanála. Bunaíodh Coimisiún na Gaeltachta agus rinneadh forbairt air agus glacadh leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Chomh maith leis sin, bhí mórchuid caiteachais déanta ar bhunstruchtúr Gaeltachta agus Gaeilge.

Maidir leis an méid a dúirt an Teachta Howlin, i rith ár dtréimhse in oifig tháinig méadú ar líon na gcainteoirí Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Faraor, le sé bliana anuas, theip ar na Rialtais faoi cheannas Fhine Gael ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. Caithfidh mé é sin a rá. Thugas óráid ag Ard-fheis Chonradh na Gaeilge coicíos ó shin agus dúirt mé nach raibh mé agus nach bhfuil mé sásta leis an méid atá faoi chaibidil ag an Rialtas an babhta seo. Tháinig meath suntasach ar líon na ndaoine a deir go bhfuil Gaeilge acu agus orthu siúd a labhraíonn an Ghaeilge gach lá.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.