Dáil debates

Thursday, 1 December 2016

Topical Issue Debate

Seirbhísí Farantóireachta

5:35 pm

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ós rud é go bhfuil beirt Theachtaí ag labhairt, beidh dhá bomaite ag an Teachta Connolly agus dhá bomaite ag an Teachta Ó Cuív.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá muintir Árann fágtha gan seirbhís farantóireachta. Agus muid inár suí anseo, bhí siadsan i mbun agóide chun a chur in iúl cé chomh tábhachtach is atá an tseirbhís seo agus na himpleachtaí tromchúiseacha a bhaineann leis an gcinneadh a rinne an comhlacht príomháideach deireadh a chur leis an tseirbhís seo. B'fhéidir go bhfuil beagánín dul chun cinn déanta i rith an lae - níl mé cinnte faoi sin fós - agus b'fhéidir go bhfuil freagra ag an Aire Stáit. Tá a fhios agam go bhfuil locht ar an gcóras áitiúil agus ar an gcomhlacht príobháideach, ach tá locht ar an Rialtas freisin. Tá easpa eolais, tuisceana agus tola i gceist ó thaobh an Rialtais de. Tá a fhios agam go bhfuil a dhóthain déanta ag an Aire Stáit - gach rud gur féidir leis a dhéanamh - ach tá easpa tuisceana ann ó thaobh an Rialtais de. Tá se sin cinnte.

Tá réiteach fadtéarmach ag teastáil go géar, ach tá réiteach gearrthéarmach ag teastáil freisin. Cad é an plean B? An bhfuil an Aire Stáit chun an cabhlach a úsáid? An mbeidh seirbhís eile ann? An gcuirfidh sé in iúl dúinn go bhfuil toil an Rialtais athruithe agus go dtuigeann an Rialtas cé chomh tábhachtach is cé chomh riachtanach is atá an tseirbhís seo? Tá muintir Árann scartha ón mórthír. Tá impleachtaí tromchúiseacha ann ó thaobh sláinte agus oideachais de. Níl gá dom é sin a rá leis an Aire Stáit. Tá a fhios agam go bhfuil an t-eolas go léir aige, ach an bhfuil plean B ag an Aire Stáit? Má tá, an ndéarfaidh sé go sonrach cibé is é an plean B sin?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar atá ráite cheana sa gcoiste agus mar a dúirt mé anseo i rith Cheisteanna na gCeannairí ar maidin, fágadh muintir Árann gan aon sheirbhís farantóireachta ó mhaidin inniu. Bhí a fhios againn le fada an lá go raibh an chontúirt ann go dtarlódh sé seo. Go deimhin féin, is beag ná gur tharla an rud céanna an geimhreadh seo caite. Ach oiread leis an Teachta Connolly, ba mhaith liom a fháil amach céard atá déanta le malairt seirbhíse a chur ar fáil agus ní hamháin inniu ná inné ach céard atá déanta le mí anuas le déanamh cinnte go mbeadh seirbhís eile ar fáil dá dtarraingeodh an farantóir siar an tseirbhís atá sé ag cur ar fáil? Cén dul chun cinn atá déanta inniu le malairt seirbhíse a chur ar fáil? Is bónas mór a bheidh ann má thagann an comhairle contae agus Island Ferries ar chomhréiteach, ach níl aon smacht gearrthéarmach ag an Aire Stáit air sin.

Cuirim go leor den locht ar an gcomhairle contae agus ní i ngeall ar an gcaidreamh leis an bhfarantóir. Cuirim an locht ar an gcomhairle contae mar rinne Comhairle Chontae na Gaillimhe iarracht a dhéanamh go gcaitheadh na hoileánaigh- agus bhí Roinn an Aire Stáit páirteach anseo - 80 cent a íoc as ucht landáil ar an gcé. Agus má tá sé ráite míle uair agam, bhí sé sin cosúil le ticéad saor in aisce a thabhairt ar traein agus a rá, dála an scéil, nuair a landálann an traein ar an ardán sa stáisiún go gcaithfear 80 cent a íoc as ucht an t-ardán a úsáid.

Chomh maith leis sin, do lá inniu agus do lá amárach, mar tá a fhios ag Aer Arann cé mhéad a iompraíodh inniu agus glacaim leis nach mbeidh seirbhís ar fáil amárach mura dtiocfaidh athrú intinne ar Island Ferries, creidim féin go mba cheart don Aire Stáit cinneadh láithreach a dhéanamh go ndéanfar fóirdheonú ar Aer Arann le go mbeadh €10 ar thicéad fillte d'oileánach agus €5 do dhuine óg ón oileán agus go mbeadh na pinsinéirí agus na daoine le saorthaisteal in ann taisteal in aisce in áit na táillí ollmhóra atá á ngearradh agus iadsan €35 do thicéad fillte do dhaoine fásta, €23 do dhaoine óga agus €15 do phinsinéirí. Chomh maith leis sin, tá sé oll-chostasach ar fad - €49 - ar dhuine éigin atá ag dul isteach le seirbhís. Tá go leor a bhféadfadh an tAire Stáit a dhéanamh. Tá mé ag súil le freagraí soiléire uaidh tráthnóna faoi céard atá ag dul ag tarlú amárach agus sna laethanta beaga atá romhainn. Pléfimid an cheist fad-téarmach arís.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar dtús báire, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Teachtaí as ucht an t-ábhar tábhachtach seo a ardú. Mar is eol do na Teachtaí, tá rudaí bogtha ar aghaidh óna raibh díospóireacht againn ar an ábhar ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair. Chuir an comhlacht farantóireachta siar an fógra a rinneadar go raibh siad ag cur deireadh leis an tseirbhís idir Ros an MhíI agus Inis Mór ar roinnt ócáidí, ach faraor chuireadar an fógra i bhfeidhm inné, 30 Samhain, agus tuigim nach raibh seirbhís bháid paisinéara ar fáil don oileán sin maidin inniu.

Caithfidh mé a rá go bhfuil a fhios agam cé chomh tábhachtach is atá an tseirbhís seo don oileán. Is léir ón bplé ar fad atá déanta ar an ábhar le tamall anuas go bhfuil ceithre phríomh-pháirtí sa díospóireacht seo: an comhlacht farantóireachta Island Ferries Teo, mo Roinn féin, Coinhairle Chontae na Gaillimhe agus pobal an oileáin. Ar ndóigh, is iad pobal an oileáin is mó atá buailte ag an gcinneadh atá déanta ag Island Ferries Teo agus caithfimid cuimhniú ar sin agus muid ag plé an ábhair seo. Níl dabht ach go raibh Island Ferries Teo ag cur seirbhís mhaith ar fáil don oileán le blianta anuas. Tá an comhlacht sin ag cur seirbhís ar fáil don oileán ó mí Feabhra 2013 gan aon chúnamh ón Stát, rud sílim a léiríonn gur slí bhrabúsach atá i gceist. Chun cinnteacht a thabhairt don tseirbhís, tá iarrachtaí déanta ag mo Roinn trí chomórtas soláthar poiblí conradh a chur ar an tseirbhís ach níor éirigh léi é sin a dhéanamh i 2013 ná arís i 2014.

Arís i 2015, chinn an comhlacht a bhí ag cur an tseirbhís ar fáil nach leanfaidís leis an tseirbhis tar éis 31 Eanáir 2016 suas go dtí mí Aibreáin 2016. Deacrachtaí leis an laghad ioncaim ó bheith ag reáchtáil seirbhíse sa gheimhreadh an chúis a thug an comhlacht an uair sin. Chuaigh mo Roinn i mbun plé le geallshealbhóirí ábhartha chun feiceáil an bhféadfaí teacht ar réiteach. Tar éis an plé seo, d’aontaigh an comhlacht farantóireachta seirbhís éigeandála a chur ar fáil ar feadh tréimhse trí mhí ó 1 Feabhra go dtí 30 Aibreán 2016 ach suim €50,000 a íoc leo. Leanadh leis an tseirbhís ag an am ach níor tarraingíodh anuas an fóirdheontas a ceadaíodh.

Is léir ón bplé ar fad nach bhfuil Island Ferries Teo ag glacadh leis an leibhéal táillí atá leagtha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar Ché Chill Rónáin ag eascairt as fodhlithe a cuireadh i bhfeidhm ar an gcé. Is ceart a mheabhrú don Teach gur thóg an comhlacht dúshlán cúirte ina n-aghaidh a chuaigh go dtí an Cúirt Uachtarach, agus gur chailleadar an cás. Chuir Island Ferries Tea doiciméad os comhair mo Roinn le deireanaí ina raibh moltaí faoi réiteach ar an bhfadhb mar aon le tuairimí faoi thodhchaí na seirbhíse. Thug mo Roinn éisteacht mhaith do na moltaí agus tá mé sásta a rá go bhfuil Island Ferries Teo bogtha ón seasamh a bhí acu roimhe seo maidir leis na fodhlithe. Is céim mhór é sin. Tá mé féin agus mo chuid oifigigh i dteagmháil rialta le Comhairle Chontae na Gaillimhe faoin ábhar agus i dteagmháil chomh maith le Island Ferries Teo agus le hionadaithe ón oileán, ach ag deireadh an Iae, pé socrú a dhéanfar maidir leis na táillí a thagann ó na fodhlithe, is gá gur socrú idir an comhairle contae agus Island Ferries Teo a bheidh ann. Níl mo Roinn ábalta na fodhlithe a athrú ar ndóigh. Ní mór dom a rá freisin nach costas nua é seo ar an gcomhlacht mar gur táille d’úsáideoirí na seirbhíse atá i gceist, amháin. Tá mo Roinn fós ar fáil le haghaidh réiteach a fháil ar an bhfadhb. Tá réamh-theagmháil déanta ag mo Roinn leis an Roinn Cosanta. Leanfar leis na hiarrachtaí ar fad atá ar siúl agus fáiltím roimh mholtaí ón bhfreasúra maidir Ieis an ábhar. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chomh maith impí ar Island Ferries Teo an tseirbhís mar a bhí sí a chur ar siúl arís mar bheart dea-thola agus chun deis a thabhairt le teacht ar shocrú do na míonna amach romhainn.

Mar atá a fhios ag na Teachtaí, pléadh an cheist thábhachtach seo ag cruinniú an chomhairle contae inniu. Tá mé ag fanacht ar na moltaí a ghlac an comhairle contae leis a chloisteáil, ach ghlac siad le moladh chun cead nó treoir a thabhairt don phríomhfheidhmeannach suí síos le mo Roinn agus leis an gcomhlacht farantóireachta. Tá mé sásta an cruinniú sin a eagrú do 9 r.n. ar maidin má theastaíonn. Beidh mé ag plé leis an gcomhlacht agus leis an gcomhairle contae chun an próiseas sin a thosnú go luath.

5:45 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an stair go léir ar eolas againn. Ní bhaineann sé seo le fodhlíthe. Bhaineann sé le cúrsaí sábháilteachta. Tá gá le réiteach práinneach a aimsiú go gearrtéarmach. Níl mé sásta leis an bhfreagra atá faighte againn. Tá stair na ceiste seo leagtha amach ag an Aire Stáit. Caithfear réiteach a fháil. Cad é an réiteach a bheidh ar an bhfadhb seo? Ní féidir le muintir Árainn na hoileáin a fhágáil gan an tseirbhís bhunúsach seo. Níl sé ceart ná cóir go bhfuil orthu dul i mbun agóide chun seirbhísí bunúsacha a fháil. Mar a dúirt mé, tá easpa tuiscine i gceist ó thaobh an Rialtais de. Tá gá le réiteach anois. Tá sé de dhualgas ar an Aire Stáit agus ar an Rialtas réiteach práinneach a bhaint amach. Ba cheart go mbeadh an tAire Stáit in ann a rá linn cad a bheidh i ceist ón lá amárach amach. Ní féidir le muintir na n-oileáin taisteal anonn is anall gan an tseirbhís bhunúsach seo. Ba chóir go mbeadh cruinnithe ar bhonn práinne idir ionadaithe na Roinne, na Teachtaí Dála ón gceantar agus muintir Árainn. Tá sé ráite agam go bhfuil locht ar an gcóras áitiúil, ach tá dualgaisí i bhfad níos tábhachtaí ar an Rialtas.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is náireach amach is amach an rud é gur smaoinigh an chomhairle chontae agus an Rialtas ar tháille úsáide a chur ar phobal Árainn. Le linn Ceisteanna na gCeannairí sa Teach seo níos luaithe, d'iarr mé ar an Tánaiste soiléiriú a thabhairt dúinn an bhfuil an Roinn sásta fordheontas breise a dhéanamh le go mbeidh táille á ghearradh ar Aer Arann a bheadh comhionann leis an táille a bhíodh á híoc ar na hoileáin eile ar na báid. Níl mé ag caint ar na táillí a bhí i gceist go hÁrainn mar bhíodar as bealach ar fad ar aon chaoi. Cén uair a rinne an Rialtas teagmháil leis an gcomhlacht i dtosach? Bhí a fhios againn le mí anuas go raibh sé seo le tarlú. An raibh an Rialtas i dteagmháil le comhlachtaí farantóireachta sa tír seo, in Albain nó in aon tír eile le mí anuas, ó fuair siad an fógra go raibh an tseirbhís i mbaol, le féachaint an mbeidís sásta seirbhís a chur ar fáil dá dtarraingeodh Island Ferries as? Más rud é go raibh, cén uair a tharla sé sin agus cé mhéad comhlachtaí a bhí i gceist? Ar labhair an Rialtas leis na comhlachtaí sin inniu, ó tharla nach bhfuil aon fharantóir ag dul go dtí Oileáin Árainn níos mó, le malairt seirbhíse a chur ar fáil?

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis an bpróiseas, chuir mé an Teachta Connolly, an Teachta Ó Cuív agus na Teachtaí eile sa Dáilcheantar ar an eolas faoi chuile rud. Pléadh an t-ábhar seo ag cruinniú le baill Chomhairle Chontae na Gaillimhe coicís ó shin. Ní raibh chuile dhuine ar an intinn céanna. Níor tháinig moladh as an gcruinniú sin. Bhí a fhios againn go raibh na comhairleoirí chun an ábhar a phlé Dé Luain seo caite agus tharla sé sin. Níor tháinig aon mholadh as an gcruinniú sin ach an oiread. D'eagraigh mé cruinniú idir phríomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Paddy O'Brien agus na dlíodóirí Dé Máirt seo caite. Pléadh an t-ábhar ag cruinniú eile inniu agus tá moladh tagtha amach ón gcruinniú sin. Tá na hoifigigh i mo Roinn ag déanamh iarracht bád eile a fháil. Tá iarracht déanta acu. Sílim go mbeidh bád ar fáil. Tá siad fós i dteagmháil le comhlachtaí sa tír seo. Tá a fhios agam cé chomh tábhachtach is atá an cheist seo. Mar atá ráite agam i gcónaí, is ceist do na comhairleoirí iad na táillí. Rinne na comhairleoirí cinneadh i dtaobh na táillí. Ní raibh said sásta an cinneadh sin a athrú ina dhiadh sin. Bhí cás cúirte ann, agus chaill Island Ferries an cás sin. Bhí an bua ag an gcomhairle chontae. Cé go bhfuil an dlí ar thaobh Comhairle Chontae na Gaillimhe maidir leis na táillí, tá na comhairleoirí fós sásta breathnú orthu mar gheall ar an díospóireacht a bhí acu inniu. Bhí mise lárnach sa phróiseas sin, leis na comhairleoirí, chun rudaí a athrú. Is céim mhór é sin ó Island Ferries. Tá céim mhór tógtha ag na comhairleoirí freisin maidir leis na táillí. Tá sé ráite go pearsanta ag Paddy O'Brien liomsa nach bhfuil sé ag leagan an milleán maidir leis na táillí orm ná ar an Roinn, ach ar an gcomhairle chontae. Is maith an rud é go bhfuil an cheist seo pléite i gceart ag na comhairleoirí agus gur tháinig moladh as an gcruinniú sin. Mar a dúirt mé níos luaithe, tá mé sásta suí síos le haon duine ar 9 r.n. ar maidin chun réiteach ar an ábhar seo a fháil.