Dáil debates

Thursday, 1 December 2016

Topical Issue Debate

Seirbhísí Farantóireachta

5:35 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ar dtús báire, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Teachtaí as ucht an t-ábhar tábhachtach seo a ardú. Mar is eol do na Teachtaí, tá rudaí bogtha ar aghaidh óna raibh díospóireacht againn ar an ábhar ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair. Chuir an comhlacht farantóireachta siar an fógra a rinneadar go raibh siad ag cur deireadh leis an tseirbhís idir Ros an MhíI agus Inis Mór ar roinnt ócáidí, ach faraor chuireadar an fógra i bhfeidhm inné, 30 Samhain, agus tuigim nach raibh seirbhís bháid paisinéara ar fáil don oileán sin maidin inniu.

Caithfidh mé a rá go bhfuil a fhios agam cé chomh tábhachtach is atá an tseirbhís seo don oileán. Is léir ón bplé ar fad atá déanta ar an ábhar le tamall anuas go bhfuil ceithre phríomh-pháirtí sa díospóireacht seo: an comhlacht farantóireachta Island Ferries Teo, mo Roinn féin, Coinhairle Chontae na Gaillimhe agus pobal an oileáin. Ar ndóigh, is iad pobal an oileáin is mó atá buailte ag an gcinneadh atá déanta ag Island Ferries Teo agus caithfimid cuimhniú ar sin agus muid ag plé an ábhair seo. Níl dabht ach go raibh Island Ferries Teo ag cur seirbhís mhaith ar fáil don oileán le blianta anuas. Tá an comhlacht sin ag cur seirbhís ar fáil don oileán ó mí Feabhra 2013 gan aon chúnamh ón Stát, rud sílim a léiríonn gur slí bhrabúsach atá i gceist. Chun cinnteacht a thabhairt don tseirbhís, tá iarrachtaí déanta ag mo Roinn trí chomórtas soláthar poiblí conradh a chur ar an tseirbhís ach níor éirigh léi é sin a dhéanamh i 2013 ná arís i 2014.

Arís i 2015, chinn an comhlacht a bhí ag cur an tseirbhís ar fáil nach leanfaidís leis an tseirbhis tar éis 31 Eanáir 2016 suas go dtí mí Aibreáin 2016. Deacrachtaí leis an laghad ioncaim ó bheith ag reáchtáil seirbhíse sa gheimhreadh an chúis a thug an comhlacht an uair sin. Chuaigh mo Roinn i mbun plé le geallshealbhóirí ábhartha chun feiceáil an bhféadfaí teacht ar réiteach. Tar éis an plé seo, d’aontaigh an comhlacht farantóireachta seirbhís éigeandála a chur ar fáil ar feadh tréimhse trí mhí ó 1 Feabhra go dtí 30 Aibreán 2016 ach suim €50,000 a íoc leo. Leanadh leis an tseirbhís ag an am ach níor tarraingíodh anuas an fóirdheontas a ceadaíodh.

Is léir ón bplé ar fad nach bhfuil Island Ferries Teo ag glacadh leis an leibhéal táillí atá leagtha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar Ché Chill Rónáin ag eascairt as fodhlithe a cuireadh i bhfeidhm ar an gcé. Is ceart a mheabhrú don Teach gur thóg an comhlacht dúshlán cúirte ina n-aghaidh a chuaigh go dtí an Cúirt Uachtarach, agus gur chailleadar an cás. Chuir Island Ferries Tea doiciméad os comhair mo Roinn le deireanaí ina raibh moltaí faoi réiteach ar an bhfadhb mar aon le tuairimí faoi thodhchaí na seirbhíse. Thug mo Roinn éisteacht mhaith do na moltaí agus tá mé sásta a rá go bhfuil Island Ferries Teo bogtha ón seasamh a bhí acu roimhe seo maidir leis na fodhlithe. Is céim mhór é sin. Tá mé féin agus mo chuid oifigigh i dteagmháil rialta le Comhairle Chontae na Gaillimhe faoin ábhar agus i dteagmháil chomh maith le Island Ferries Teo agus le hionadaithe ón oileán, ach ag deireadh an Iae, pé socrú a dhéanfar maidir leis na táillí a thagann ó na fodhlithe, is gá gur socrú idir an comhairle contae agus Island Ferries Teo a bheidh ann. Níl mo Roinn ábalta na fodhlithe a athrú ar ndóigh. Ní mór dom a rá freisin nach costas nua é seo ar an gcomhlacht mar gur táille d’úsáideoirí na seirbhíse atá i gceist, amháin. Tá mo Roinn fós ar fáil le haghaidh réiteach a fháil ar an bhfadhb. Tá réamh-theagmháil déanta ag mo Roinn leis an Roinn Cosanta. Leanfar leis na hiarrachtaí ar fad atá ar siúl agus fáiltím roimh mholtaí ón bhfreasúra maidir Ieis an ábhar. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chomh maith impí ar Island Ferries Teo an tseirbhís mar a bhí sí a chur ar siúl arís mar bheart dea-thola agus chun deis a thabhairt le teacht ar shocrú do na míonna amach romhainn.

Mar atá a fhios ag na Teachtaí, pléadh an cheist thábhachtach seo ag cruinniú an chomhairle contae inniu. Tá mé ag fanacht ar na moltaí a ghlac an comhairle contae leis a chloisteáil, ach ghlac siad le moladh chun cead nó treoir a thabhairt don phríomhfheidhmeannach suí síos le mo Roinn agus leis an gcomhlacht farantóireachta. Tá mé sásta an cruinniú sin a eagrú do 9 r.n. ar maidin má theastaíonn. Beidh mé ag plé leis an gcomhlacht agus leis an gcomhairle contae chun an próiseas sin a thosnú go luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.