Dáil debates

Thursday, 1 December 2016

Topical Issue Debate

Seirbhísí Farantóireachta

5:35 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Mar atá ráite cheana sa gcoiste agus mar a dúirt mé anseo i rith Cheisteanna na gCeannairí ar maidin, fágadh muintir Árann gan aon sheirbhís farantóireachta ó mhaidin inniu. Bhí a fhios againn le fada an lá go raibh an chontúirt ann go dtarlódh sé seo. Go deimhin féin, is beag ná gur tharla an rud céanna an geimhreadh seo caite. Ach oiread leis an Teachta Connolly, ba mhaith liom a fháil amach céard atá déanta le malairt seirbhíse a chur ar fáil agus ní hamháin inniu ná inné ach céard atá déanta le mí anuas le déanamh cinnte go mbeadh seirbhís eile ar fáil dá dtarraingeodh an farantóir siar an tseirbhís atá sé ag cur ar fáil? Cén dul chun cinn atá déanta inniu le malairt seirbhíse a chur ar fáil? Is bónas mór a bheidh ann má thagann an comhairle contae agus Island Ferries ar chomhréiteach, ach níl aon smacht gearrthéarmach ag an Aire Stáit air sin.

Cuirim go leor den locht ar an gcomhairle contae agus ní i ngeall ar an gcaidreamh leis an bhfarantóir. Cuirim an locht ar an gcomhairle contae mar rinne Comhairle Chontae na Gaillimhe iarracht a dhéanamh go gcaitheadh na hoileánaigh- agus bhí Roinn an Aire Stáit páirteach anseo - 80 cent a íoc as ucht landáil ar an gcé. Agus má tá sé ráite míle uair agam, bhí sé sin cosúil le ticéad saor in aisce a thabhairt ar traein agus a rá, dála an scéil, nuair a landálann an traein ar an ardán sa stáisiún go gcaithfear 80 cent a íoc as ucht an t-ardán a úsáid.

Chomh maith leis sin, do lá inniu agus do lá amárach, mar tá a fhios ag Aer Arann cé mhéad a iompraíodh inniu agus glacaim leis nach mbeidh seirbhís ar fáil amárach mura dtiocfaidh athrú intinne ar Island Ferries, creidim féin go mba cheart don Aire Stáit cinneadh láithreach a dhéanamh go ndéanfar fóirdheonú ar Aer Arann le go mbeadh €10 ar thicéad fillte d'oileánach agus €5 do dhuine óg ón oileán agus go mbeadh na pinsinéirí agus na daoine le saorthaisteal in ann taisteal in aisce in áit na táillí ollmhóra atá á ngearradh agus iadsan €35 do thicéad fillte do dhaoine fásta, €23 do dhaoine óga agus €15 do phinsinéirí. Chomh maith leis sin, tá sé oll-chostasach ar fad - €49 - ar dhuine éigin atá ag dul isteach le seirbhís. Tá go leor a bhféadfadh an tAire Stáit a dhéanamh. Tá mé ag súil le freagraí soiléire uaidh tráthnóna faoi céard atá ag dul ag tarlú amárach agus sna laethanta beaga atá romhainn. Pléfimid an cheist fad-téarmach arís.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.