Dáil debates

Thursday, 1 December 2016

Topical Issue Debate

Seirbhísí Farantóireachta

5:45 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Maidir leis an bpróiseas, chuir mé an Teachta Connolly, an Teachta Ó Cuív agus na Teachtaí eile sa Dáilcheantar ar an eolas faoi chuile rud. Pléadh an t-ábhar seo ag cruinniú le baill Chomhairle Chontae na Gaillimhe coicís ó shin. Ní raibh chuile dhuine ar an intinn céanna. Níor tháinig moladh as an gcruinniú sin. Bhí a fhios againn go raibh na comhairleoirí chun an ábhar a phlé Dé Luain seo caite agus tharla sé sin. Níor tháinig aon mholadh as an gcruinniú sin ach an oiread. D'eagraigh mé cruinniú idir phríomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Paddy O'Brien agus na dlíodóirí Dé Máirt seo caite. Pléadh an t-ábhar ag cruinniú eile inniu agus tá moladh tagtha amach ón gcruinniú sin. Tá na hoifigigh i mo Roinn ag déanamh iarracht bád eile a fháil. Tá iarracht déanta acu. Sílim go mbeidh bád ar fáil. Tá siad fós i dteagmháil le comhlachtaí sa tír seo. Tá a fhios agam cé chomh tábhachtach is atá an cheist seo. Mar atá ráite agam i gcónaí, is ceist do na comhairleoirí iad na táillí. Rinne na comhairleoirí cinneadh i dtaobh na táillí. Ní raibh said sásta an cinneadh sin a athrú ina dhiadh sin. Bhí cás cúirte ann, agus chaill Island Ferries an cás sin. Bhí an bua ag an gcomhairle chontae. Cé go bhfuil an dlí ar thaobh Comhairle Chontae na Gaillimhe maidir leis na táillí, tá na comhairleoirí fós sásta breathnú orthu mar gheall ar an díospóireacht a bhí acu inniu. Bhí mise lárnach sa phróiseas sin, leis na comhairleoirí, chun rudaí a athrú. Is céim mhór é sin ó Island Ferries. Tá céim mhór tógtha ag na comhairleoirí freisin maidir leis na táillí. Tá sé ráite go pearsanta ag Paddy O'Brien liomsa nach bhfuil sé ag leagan an milleán maidir leis na táillí orm ná ar an Roinn, ach ar an gcomhairle chontae. Is maith an rud é go bhfuil an cheist seo pléite i gceart ag na comhairleoirí agus gur tháinig moladh as an gcruinniú sin. Mar a dúirt mé níos luaithe, tá mé sásta suí síos le haon duine ar 9 r.n. ar maidin chun réiteach ar an ábhar seo a fháil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.