Dáil debates

Thursday, 27 October 2016

Topical Issue Debate

Seirbhísí Farantóireachta

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim mo bhuíochas leis an gCeann Comhairle as ucht an deis an cheist seo a thógáil maidir leis an mbád farantóireachta go hInis Mór. Rinne an Rialtas deireadh ciseach den cheist seo ar fad. D'fhág sé praiseach idir na seirbhísí aeir agus na seirbhísí báid go hÁrainn. Is é fírinne an scéil ná go raibh seirbhís faoi chonradh ag gach oileán nuair a d'fhág mise an Roinn agus bhí socruithe maithe déanta maidir leis an tseirbhís aeir. Go mormhór, an t-oileán is mó a bhfuil daonra air, fágadh i ndroch-chaoi iad. Tá siad ag dul ó mhí go mí agus ó bhliain go bliain agus gan barúil ar bith acu an mbeidh seirbhís aeir nó seirbhís báid acu. Cúis imní é an tionchar atá aige sin ó thaobh bhuaineacht phobal an oileáin nuair nach féidir leo pleanáil go mbeidh seirbhís ann.

Mar is eol don Aire Stáit, ainneoin go bhfuil an daonra is mó oileánda ar Inis Mór, thar aon oileán ar fad an chósta, tá an táille is airde ar thicéad fillte go dtí an t-oileán sin. Sílim go bhfuil sé chomh hard le €17 ar oileánach ticéad fillte a fháil go dtí an t-oileán. Níl ach €10 ar an méid is mó ag aon oileán eile. Mar is eol don Aire Stáit, tá bagairt ann ach tá sé curtha siar. Mhol mise go gcuirfí siar an dáta go dtarraingeofaí siar an tseirbhís. Ach ar an 22 lá den chéad mhí eile, deir an comhlacht atá ag cur seirbhís ar fáil go hÁrainn - nach bhfuil faoi chonradh, ar ndóigh - nach bhfuil i gceist aige leanacht leis an tseirbhís i rith an gheimhridh. Dá dtarlódh sé sin agus mura ndéanann an tAire Stáit socrú cuí, beidh na hoileánaiagh ar Inis Mór fágtha le seirbhís Aer Árann. Tá Aer Árann thar cionn ach, mar is eol don Aire Stáit, níl sé in ann ach ochtar a iompar ag aon am amháín.

An féidir leis an Aire Stáit dearbhú a thabhairt anseo sa Dáil inniu go mbeidh seirbhís ag muintir Árann théis lár na míosa seo chugainn? An bhféadfadh an tAire Stáit a leagadh amach don Teach céard atá i gceist aige a dhéanamh le cinntiú go mbeidh seirbhís ann? Mar is eol don Aire Stáit, beidh comhoibriú aige uaimse má dhéanann sé gníomh. Ach ní féidir liomsa seasamh siar mara ndéantar gníomh, agus é go scioptha, le teacht ar réiteach na faidhbe seo le déanamh cinnte go bhfuil socrú buan in áit agus ní socrú sealadach mar a rinne anuraidh, socrú nár chuir an fhadhb ach siar.

Tá socrú buan de dhíth le cinntiú go mbeidh seirbhís iomlán cheart chríochnúil ar an bpraghas céanna leis na hoileáin eile ar a mhéid ag muintir Árann le cinntiú gur féidir leo dul ar aghaidh lena saoil agus gan a bheith buartha ó mhí go mí nach mbeidh seirbhís báid ann ar lámh amháin nó seirbhís aeir ann ar an lámh eile. Tá a fhios agam nach bhfuil an milleán ar fad ar an Aire Stáit. Fágadh le huacht é ag an mbeirt a bhí roimhe agus ag an Rialtas a bhí ann chun deiridh, ach ní haon mhaith é sin a rá le na hoileánaigh. Tá siadsan ag rá linne, agus leis an Aire Stáit go mórmhór, an fhadhb a réiteach go gearrthéarmach agus go buan agus nach chóir go dtarlódh sé seo riamh go deo arís.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar dtús báire, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Teachta as ucht an t-ábhar tábhachtach seo a ardú liom. Caithfidh mé a rá go bhfuil a fhios agam cé chomh tábhachtach is atá an tseirbhís seo d'Árainn. Tá a fhios agam go bhfuil Island Ferries faoi láthair ag cur seirbhíse maith ann, go bhfuil báid mhaithe acu agus go bhfuil daoine sásta leis an tseirbhís. Mar atá a fhios ag an Teachta, cuireann mo Roinn cúnamh ar fáil chun seirbhisí iompair a chur ar fáil chuig na hoileánaigh a bhfuil cónaí orthu thart timpeall an chósta. Tá na seirbhísí seo comhdhéanta de sheirbhísí farantóireachta paisinéara agus lastais. Chomh maith leis sin, tugann mo Roinn fóirdheontas chun seirbhís aeir a chur ar fáil chuig na trí Oileáin Árann, Árainn nó Inis Mór san áireamh, faoi chonradh oibleagáide seirbhíse poiblí, nó PSO.

Mar chuid de seo, cuireann mo Roinn cúnamh ar fáil don tseirbhís bainistíochta do na haeradróim atá lonnaithe ar na hoileáin. Bhí buiséad iomlán de €6.631 milliún ar fáil do mo Roinn i 2016 le caitheamh ar chúrsaí reatha a bhaineann leis na hoileáin. Faoi dheireadh na bliana, beidh suas le 60% den bhuiséad sin caite ar sheirbhísí iompair do na hOileáin Árann.

Maidir le hÁrainn, nó Inis Mór, tháinig deireadh leis an gconradh farantóireachta paisinéara don oileán sin ar 31 Eanáir 2013. Chuaigh mo Roinn i mbun phróiseas tairisceana phoiblí sa ghnáth-shlí chun conradh nua cúig bliana a aontú. Ní bhfuair mo Roinn aon tairiscint, áfach, i leith na seirbhíse laistigh den sprioc-am ach lean an farantóir ar aghaidh ag cur an tseirbhís ar fáil ag an am.

I 2014, bhí sé ráite ag an bhfarantóir céanna nach mbeadh aon rogha aige ach éirigh as ag cur an tseirbhís ar fáil ó Shamhain 2014 mar go raibh caillteanas á dhéanamh ag an gcomhlacht agus ní fhéadfaí leanúint ar aghaidh. Chinn an Roinn gurb fhearr tairiscintí poiblí a lorg sa ghnáth bhealach le haghaidh chonradh níos faide a thiocfadh chun críche ar 31 Deireadh Fómhair 2017, an t-am céanna a chríochnóidh an conradh do sheirbhís Inis Meáin agus Inis Oírr. Fuarthas tairiscint amháin. Cuireadh coiste le chéile chun measúnú a dhéanamh ar an tairiscint sin. Bhí cruinniú idir an Roinn agus an comhlacht a rinne an tairiscint ar 22 Deireadh Fómhair 2014 mar chuid den idirbheartaíocht agus tar éis go leor plé, rinne siad féin cinneadh go bhfágfaí rudaí mar a bhí, gan aon chonradh leis an Roinn agus go leanfadh an comhlacht ag cur an tseirbhís ar fáil tríd an gheimhridh chomh maith leis an samhradh ar bhonn eacnamaíoch.

Arís i 2015, chinn an comhlacht a bhí ag cur an tseirbhís ar fáil nach leanfaidís leis an tseirbhís tar éis 31 Eanáir 2016 suas go dtí mhí Aibreáin. Dúradh gur éirí an cinneadh an uair sin as cás cuairte in aghaidh Chomhairle Contae na Gaillimhe nach raibh aon bhaint ag mo Roinn leis agus a chaill an comhlacht farantóireachta. D’fhágfadh seo nach mbeadh seirbhís iompair farraige do phobal Árann ón dáta sin a chruthódh deacracht ollmhór don saol laethúil ar an oileán. Chuaigh an Roinn i mbun plé le geallshealbhóirí ábhartha chun feiceáil an bhféadfaí teacht ar réiteach. Tar éis an plé seo, d’aontaigh an comhlacht farantóireachta seirbhís éigeandála a chur ar fáil ar feadh tréimhse trí mhí ó 1 Feabhra go dtí 30 Aibreán 2016 ach suim €50,000 a íoc leo. Tá an figiúr seo bunaithe ar chuid den chaillteanas a bheadh i gceist don tréimhse trí mhí agus go leanfaidís ag cur an tseirbhís ar fáil ina dhiaidh sin sa séasúr ard gan cúnamh airgid ón Stát. Níor tarraingíodh an deontas seo fós.

Tuigim anois go bhfuil an deacracht atá ann faoi láthair de bharr fo-dhlíthe Chomhairle Contae na Gaillimhe. Bhí cruinniú agam féin agus ag ionadaithe na Roinne leis an gcomhlacht farantóireachta agus le Comhairle Contae na Gaillimhe le cúpla mí anuas ach is léir nach bhfuil an farantóir sasta fós glacadh leis na fo-dhlithe mar atá siad aontaithe ag Comhairle Contae na Gaillimhe. Go deimhin, bhí cruinniú agam leis na Teachtaí Dála ón dáilcheantar, le Seanadóirí agus leis an gcomhairle contae Dé Luain seo caite. Bhuail mé le hionadaithe an oileáin ina dhiaidh sin.

Ba mhaith liom a shoiléiriú don Teachta go bhfuil mé oscailte d’aon chéim réasúnta a thógáil a chuideoidh le réiteach a fháil ar an gceist seo. Tuigim go mbaineann an cheist áirithe atá faoi chaibidil ag an Teachta le Comhairle Contae na Gaillimhe agus leis an bhfarantóir go príomha. É sin ráite, is féidir liom a rá go leanfar le gach iarracht lena chinntiú go mbeidh seirbhís farantóireachta rialta do phaisinéirí chuig an oileán i rith na bliana agus go bhfuil mo Roinn ar fáil i gcónaí le haghaidh comhráite. Chuige sin, bhí mo Roinn i dteagmháil leis an bhfarantóir agus leis an gcomhairle contae inné le súil gur féidir teacht ar réiteach.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá go leor staire sa chás seo agus ní fhéadfaí a rá gur stair an-mhaith é le cúpla bliain anuas. Réiteach gan réiteach, leath-réiteach, réiteach nár oibrigh, bagairtí agus, ag deireadh an lae, éaginnteacht do phobal an oileáin. Mar is eol don Aire Stáit, mar Theachta Dála do Ghaillimh Thiar cosúil liom féin, is é an bád agus an t-eitleán an bóthar do phobal an oileáin. Tá sé chomh simplí le sin. Táim an-díomách leis an bhfreagra mar ní léir go bhfuil aon phlean an-chinnte ag an Aire Stáit. Tá sé ag rá go mbaineann sé leis an bhfarantóir agus leis an gcomhairle contae. Ní aontaím leis. Nuair a bhí mise mar Aire, bhraith mé go raibh freagracht ar an Rialtas agus ar an Stát déanamh cinnte go raibh seirbhís bhuan farantóireachta d'ardchaighdeán chuig gach oileán amach ón gcósta. An cheist atá agamsa ar an Aire Stáit trathnóna ná, an bhfuil sé chun suí ansin ag fanacht go dtiocfaidh an chomhairle contae agus an farantóir ar réiteach nó an bhfuil sé chun déanamh cinnte de go mbeidh duine éigin i mbun seirbhíse ar chonradh don Stát ó lár na míosa seo chugainn ar aghaidh agus nach bhfágfar muintir Árann sáinnithe idir an dá thaobh.

Tá go leor go bhféadfainn a rá faoin méid atá tarlaithe, faoi iompar na comhairle contae agus faoi iompar an bhfarantóra, ach ní dóigh liom gurb é seo an áit. Ach ag deireadh an lae, titeann an dualgas ar an Rialtas déanamh cinnte go mbeidh seirbhís iompair cheart go dtí na hoileáin ag na hoileánaigh. Mura bhfuil an farantóir sásta comhoibriú, caithfear dul agus farantóir eile a fháil. Sílim féin go bhfuil dualgas ar an gcomhairle contae comhoibriú go hiomlán leis an Rialtas sa gcás seo le teacht ar réiteach, go mórmhór ó tharla gur chuir an Stát €52 milliún isteach in acmhainní de chuid na comhairle contae i bhfoirm deontais agus gur chuir siad acmhainn an-láidir agus agus an-luachmhar ar fáil don chomhairle contae. Mar sin, b'fhéidir go n-inseoidh an tAire Stáit dom sa dara chuid den fhreagra céard atá ar bun le cinntiú go mbeidh seirbhís ann do mhuintir Árann ar an 22 den chéad mhí eile. Is í sin an cheist atá ag na hoileánaigh iad féin.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an ceart ag an Teachta go bhfuil a lán staire i gceist. Bhí a lán stair sa bhfeagra uaimse agus ó mo Roinn toisc go bhfuil an-stair ann. Tá sé sórt casta mar gheall nár chuir aon chomhlacht tairiscint isteach do chonradh ar aon cheann den trí huaire a raibh mo Roinn ag iarraidh conradh a chur le chéile chun an tseirbhís thabhachtach seo a chur ar fáil. Níl an milleán ar an Roinn mar gheall ar sin. Ní raibh aon iomaíocht ó haon áit don tseirbhís thábhachtach seo. Dúirt mé tar éis na gcruinnithe Dé Luain go raibh mé ag iarraidh seirbhísí éigeandála a chur ar fáil ar an gcéad dul síos. Labhair an tArd-Rúnaí ó mo Roinn leis an Ard-Rúnaí sa Roinn Cosanta má theastaíonn seirbhísí éigeandála tar éis 20 Samhain. Cuirim fáilte roimh an tréimhse ama bhreise a chur Island Ferries ar fáil roimh dheireadh a chur leis an tseirbhís. Dúirt mé freisin go raibh mé ag iarraidh léiriú spéise a fháil sa Roinn ó chomhlachtaí báid trasna na tíre nó an domhain, má theastaíonn, chun seirbhís a chur ar fáil i rith an gheimhridh agus go mbeidh mé ag dul ar aghaigh i 2017 chun próiseas comhairliúcháin a thosú idir na hoileánaigh, mo Roinn, an chomhairle contae agus an farantóir chun conradh nua PSO a chruthú don trí oileán. Ba mhaith liom an trí oileán a chur le chéile i ndiaidh 2017 agus conradh nua a chur a fáil don trí oileán go léir. Táim ag déanamh chuile rud a chaithfidh mé a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh seirbhís againn i ndiaidh 20 Samhain.