Dáil debates

Thursday, 27 October 2016

Topical Issue Debate

Seirbhísí Farantóireachta

4:00 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ar dtús báire, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Teachta as ucht an t-ábhar tábhachtach seo a ardú liom. Caithfidh mé a rá go bhfuil a fhios agam cé chomh tábhachtach is atá an tseirbhís seo d'Árainn. Tá a fhios agam go bhfuil Island Ferries faoi láthair ag cur seirbhíse maith ann, go bhfuil báid mhaithe acu agus go bhfuil daoine sásta leis an tseirbhís. Mar atá a fhios ag an Teachta, cuireann mo Roinn cúnamh ar fáil chun seirbhisí iompair a chur ar fáil chuig na hoileánaigh a bhfuil cónaí orthu thart timpeall an chósta. Tá na seirbhísí seo comhdhéanta de sheirbhísí farantóireachta paisinéara agus lastais. Chomh maith leis sin, tugann mo Roinn fóirdheontas chun seirbhís aeir a chur ar fáil chuig na trí Oileáin Árann, Árainn nó Inis Mór san áireamh, faoi chonradh oibleagáide seirbhíse poiblí, nó PSO.

Mar chuid de seo, cuireann mo Roinn cúnamh ar fáil don tseirbhís bainistíochta do na haeradróim atá lonnaithe ar na hoileáin. Bhí buiséad iomlán de €6.631 milliún ar fáil do mo Roinn i 2016 le caitheamh ar chúrsaí reatha a bhaineann leis na hoileáin. Faoi dheireadh na bliana, beidh suas le 60% den bhuiséad sin caite ar sheirbhísí iompair do na hOileáin Árann.

Maidir le hÁrainn, nó Inis Mór, tháinig deireadh leis an gconradh farantóireachta paisinéara don oileán sin ar 31 Eanáir 2013. Chuaigh mo Roinn i mbun phróiseas tairisceana phoiblí sa ghnáth-shlí chun conradh nua cúig bliana a aontú. Ní bhfuair mo Roinn aon tairiscint, áfach, i leith na seirbhíse laistigh den sprioc-am ach lean an farantóir ar aghaidh ag cur an tseirbhís ar fáil ag an am.

I 2014, bhí sé ráite ag an bhfarantóir céanna nach mbeadh aon rogha aige ach éirigh as ag cur an tseirbhís ar fáil ó Shamhain 2014 mar go raibh caillteanas á dhéanamh ag an gcomhlacht agus ní fhéadfaí leanúint ar aghaidh. Chinn an Roinn gurb fhearr tairiscintí poiblí a lorg sa ghnáth bhealach le haghaidh chonradh níos faide a thiocfadh chun críche ar 31 Deireadh Fómhair 2017, an t-am céanna a chríochnóidh an conradh do sheirbhís Inis Meáin agus Inis Oírr. Fuarthas tairiscint amháin. Cuireadh coiste le chéile chun measúnú a dhéanamh ar an tairiscint sin. Bhí cruinniú idir an Roinn agus an comhlacht a rinne an tairiscint ar 22 Deireadh Fómhair 2014 mar chuid den idirbheartaíocht agus tar éis go leor plé, rinne siad féin cinneadh go bhfágfaí rudaí mar a bhí, gan aon chonradh leis an Roinn agus go leanfadh an comhlacht ag cur an tseirbhís ar fáil tríd an gheimhridh chomh maith leis an samhradh ar bhonn eacnamaíoch.

Arís i 2015, chinn an comhlacht a bhí ag cur an tseirbhís ar fáil nach leanfaidís leis an tseirbhís tar éis 31 Eanáir 2016 suas go dtí mhí Aibreáin. Dúradh gur éirí an cinneadh an uair sin as cás cuairte in aghaidh Chomhairle Contae na Gaillimhe nach raibh aon bhaint ag mo Roinn leis agus a chaill an comhlacht farantóireachta. D’fhágfadh seo nach mbeadh seirbhís iompair farraige do phobal Árann ón dáta sin a chruthódh deacracht ollmhór don saol laethúil ar an oileán. Chuaigh an Roinn i mbun plé le geallshealbhóirí ábhartha chun feiceáil an bhféadfaí teacht ar réiteach. Tar éis an plé seo, d’aontaigh an comhlacht farantóireachta seirbhís éigeandála a chur ar fáil ar feadh tréimhse trí mhí ó 1 Feabhra go dtí 30 Aibreán 2016 ach suim €50,000 a íoc leo. Tá an figiúr seo bunaithe ar chuid den chaillteanas a bheadh i gceist don tréimhse trí mhí agus go leanfaidís ag cur an tseirbhís ar fáil ina dhiaidh sin sa séasúr ard gan cúnamh airgid ón Stát. Níor tarraingíodh an deontas seo fós.

Tuigim anois go bhfuil an deacracht atá ann faoi láthair de bharr fo-dhlíthe Chomhairle Contae na Gaillimhe. Bhí cruinniú agam féin agus ag ionadaithe na Roinne leis an gcomhlacht farantóireachta agus le Comhairle Contae na Gaillimhe le cúpla mí anuas ach is léir nach bhfuil an farantóir sasta fós glacadh leis na fo-dhlithe mar atá siad aontaithe ag Comhairle Contae na Gaillimhe. Go deimhin, bhí cruinniú agam leis na Teachtaí Dála ón dáilcheantar, le Seanadóirí agus leis an gcomhairle contae Dé Luain seo caite. Bhuail mé le hionadaithe an oileáin ina dhiaidh sin.

Ba mhaith liom a shoiléiriú don Teachta go bhfuil mé oscailte d’aon chéim réasúnta a thógáil a chuideoidh le réiteach a fháil ar an gceist seo. Tuigim go mbaineann an cheist áirithe atá faoi chaibidil ag an Teachta le Comhairle Contae na Gaillimhe agus leis an bhfarantóir go príomha. É sin ráite, is féidir liom a rá go leanfar le gach iarracht lena chinntiú go mbeidh seirbhís farantóireachta rialta do phaisinéirí chuig an oileán i rith na bliana agus go bhfuil mo Roinn ar fáil i gcónaí le haghaidh comhráite. Chuige sin, bhí mo Roinn i dteagmháil leis an bhfarantóir agus leis an gcomhairle contae inné le súil gur féidir teacht ar réiteach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.