Dáil debates

Thursday, 27 October 2016

Topical Issue Debate

Seirbhísí Farantóireachta

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá go leor staire sa chás seo agus ní fhéadfaí a rá gur stair an-mhaith é le cúpla bliain anuas. Réiteach gan réiteach, leath-réiteach, réiteach nár oibrigh, bagairtí agus, ag deireadh an lae, éaginnteacht do phobal an oileáin. Mar is eol don Aire Stáit, mar Theachta Dála do Ghaillimh Thiar cosúil liom féin, is é an bád agus an t-eitleán an bóthar do phobal an oileáin. Tá sé chomh simplí le sin. Táim an-díomách leis an bhfreagra mar ní léir go bhfuil aon phlean an-chinnte ag an Aire Stáit. Tá sé ag rá go mbaineann sé leis an bhfarantóir agus leis an gcomhairle contae. Ní aontaím leis. Nuair a bhí mise mar Aire, bhraith mé go raibh freagracht ar an Rialtas agus ar an Stát déanamh cinnte go raibh seirbhís bhuan farantóireachta d'ardchaighdeán chuig gach oileán amach ón gcósta. An cheist atá agamsa ar an Aire Stáit trathnóna ná, an bhfuil sé chun suí ansin ag fanacht go dtiocfaidh an chomhairle contae agus an farantóir ar réiteach nó an bhfuil sé chun déanamh cinnte de go mbeidh duine éigin i mbun seirbhíse ar chonradh don Stát ó lár na míosa seo chugainn ar aghaidh agus nach bhfágfar muintir Árann sáinnithe idir an dá thaobh.

Tá go leor go bhféadfainn a rá faoin méid atá tarlaithe, faoi iompar na comhairle contae agus faoi iompar an bhfarantóra, ach ní dóigh liom gurb é seo an áit. Ach ag deireadh an lae, titeann an dualgas ar an Rialtas déanamh cinnte go mbeidh seirbhís iompair cheart go dtí na hoileáin ag na hoileánaigh. Mura bhfuil an farantóir sásta comhoibriú, caithfear dul agus farantóir eile a fháil. Sílim féin go bhfuil dualgas ar an gcomhairle contae comhoibriú go hiomlán leis an Rialtas sa gcás seo le teacht ar réiteach, go mórmhór ó tharla gur chuir an Stát €52 milliún isteach in acmhainní de chuid na comhairle contae i bhfoirm deontais agus gur chuir siad acmhainn an-láidir agus agus an-luachmhar ar fáil don chomhairle contae. Mar sin, b'fhéidir go n-inseoidh an tAire Stáit dom sa dara chuid den fhreagra céard atá ar bun le cinntiú go mbeidh seirbhís ann do mhuintir Árann ar an 22 den chéad mhí eile. Is í sin an cheist atá ag na hoileánaigh iad féin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.