Dáil debates

Thursday, 27 October 2016

Topical Issue Debate

Seirbhísí Farantóireachta

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim mo bhuíochas leis an gCeann Comhairle as ucht an deis an cheist seo a thógáil maidir leis an mbád farantóireachta go hInis Mór. Rinne an Rialtas deireadh ciseach den cheist seo ar fad. D'fhág sé praiseach idir na seirbhísí aeir agus na seirbhísí báid go hÁrainn. Is é fírinne an scéil ná go raibh seirbhís faoi chonradh ag gach oileán nuair a d'fhág mise an Roinn agus bhí socruithe maithe déanta maidir leis an tseirbhís aeir. Go mormhór, an t-oileán is mó a bhfuil daonra air, fágadh i ndroch-chaoi iad. Tá siad ag dul ó mhí go mí agus ó bhliain go bliain agus gan barúil ar bith acu an mbeidh seirbhís aeir nó seirbhís báid acu. Cúis imní é an tionchar atá aige sin ó thaobh bhuaineacht phobal an oileáin nuair nach féidir leo pleanáil go mbeidh seirbhís ann.

Mar is eol don Aire Stáit, ainneoin go bhfuil an daonra is mó oileánda ar Inis Mór, thar aon oileán ar fad an chósta, tá an táille is airde ar thicéad fillte go dtí an t-oileán sin. Sílim go bhfuil sé chomh hard le €17 ar oileánach ticéad fillte a fháil go dtí an t-oileán. Níl ach €10 ar an méid is mó ag aon oileán eile. Mar is eol don Aire Stáit, tá bagairt ann ach tá sé curtha siar. Mhol mise go gcuirfí siar an dáta go dtarraingeofaí siar an tseirbhís. Ach ar an 22 lá den chéad mhí eile, deir an comhlacht atá ag cur seirbhís ar fáil go hÁrainn - nach bhfuil faoi chonradh, ar ndóigh - nach bhfuil i gceist aige leanacht leis an tseirbhís i rith an gheimhridh. Dá dtarlódh sé sin agus mura ndéanann an tAire Stáit socrú cuí, beidh na hoileánaiagh ar Inis Mór fágtha le seirbhís Aer Árann. Tá Aer Árann thar cionn ach, mar is eol don Aire Stáit, níl sé in ann ach ochtar a iompar ag aon am amháín.

An féidir leis an Aire Stáit dearbhú a thabhairt anseo sa Dáil inniu go mbeidh seirbhís ag muintir Árann théis lár na míosa seo chugainn? An bhféadfadh an tAire Stáit a leagadh amach don Teach céard atá i gceist aige a dhéanamh le cinntiú go mbeidh seirbhís ann? Mar is eol don Aire Stáit, beidh comhoibriú aige uaimse má dhéanann sé gníomh. Ach ní féidir liomsa seasamh siar mara ndéantar gníomh, agus é go scioptha, le teacht ar réiteach na faidhbe seo le déanamh cinnte go bhfuil socrú buan in áit agus ní socrú sealadach mar a rinne anuraidh, socrú nár chuir an fhadhb ach siar.

Tá socrú buan de dhíth le cinntiú go mbeidh seirbhís iomlán cheart chríochnúil ar an bpraghas céanna leis na hoileáin eile ar a mhéid ag muintir Árann le cinntiú gur féidir leo dul ar aghaidh lena saoil agus gan a bheith buartha ó mhí go mí nach mbeidh seirbhís báid ann ar lámh amháin nó seirbhís aeir ann ar an lámh eile. Tá a fhios agam nach bhfuil an milleán ar fad ar an Aire Stáit. Fágadh le huacht é ag an mbeirt a bhí roimhe agus ag an Rialtas a bhí ann chun deiridh, ach ní haon mhaith é sin a rá le na hoileánaigh. Tá siadsan ag rá linne, agus leis an Aire Stáit go mórmhór, an fhadhb a réiteach go gearrthéarmach agus go buan agus nach chóir go dtarlódh sé seo riamh go deo arís.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.