Dáil debates

Tuesday, 9 December 2014

Ceisteanna - Questions (Resumed) - Priority Questions

Seirbhísí Oileán

8:45 pm

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

90. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad iad na tairiscintí agus cén plean atá aici chun seirbhís aeir a choinneáil d’Oileáin Árann; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47044/14]

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom freagra cinnte a fháil ón Aire Stáit maidir leis an seirbhís aeir d’oileáin Árann agus, go háirithe, maidir leis an scrúdú atá á dhéanamh ag an Aire agus ag an Roinn ar an tseirbhís seo faoi láthair. An mbeidh an tseirbhís seo ar fáil i rith na bliana atá le teacht agus bliain i ndiaidh bliana as sin amach? Níl mórán dóchás ag daoine ó thaobh na seirbhíse de. Tá imní ar a lán daoine nach mbeidh an tseirbhís seo ar fáil go dti mí Mhéan Fómhair an bliain seo chugainn.

8:55 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá conradh faoi oibleagáid seirbhíse poiblí i bhfeidhm idir mo Roinn agus Aer Arann Islands chun seirbhís aeir a chur ar fáil d’Oileáin Árann suas go dtí 30 Meán Fómhair 2015. Mar is eol don Teachta, d’fhostaigh mo Roinn an comhlacht EY chun athbhreithniú a dhéanamh ar riachtanas na seirbhíse aeir, i gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh. Foilsíodh an tuarascáil athbhreithnithe ar shuíomh gréasáin mo Roinne ar 28 Bealtaine agus cuireadh í faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh. Is tuarascáil chuimsitheach atá inti a chlúdaíonn an tréimhse ó 2003 go dtí 2013. Aithníonn an tuarascáil na tionchair éagsúla atá ag an tseirbhís aeir ar shaol na n-oileánach. Pléitear costais éagsúla na seirbhíse agus treocht na gcostas le linn na tréimhse sin. Tabharfaidh an síneadh bliana atá curtha leis an gconradh aerseirbhíse go dtí 30 Meán Fómhair 2015 deis do mo Roinn an tuarascáil seo a mheas.

Maidir leis an gcéad chéim eile, tá sé ag dul do na páirtithe leasmhara go léir go scrúdófar gach a bhfuil sa tuarascáil chun go mbeidh mo Roinn ábalta tacú le riachtanais na n-oileán taobh istigh de na hacmhainní atá ar fáil. Nuair atá an scrúdú críochnaithe ag mo Roinn ar na moltaí atá sa tuarascáil, tógfar cinneadh maidir le cúnamh mo Roinne don tseirbhís aeir amach anseo.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Muna bhfuil plean ag an Aire, críochnóidh an tseirbhís i Meán Fómhar 2015. Caithfidh an tseirbhís seo a bheith ar fáil i rith na bliana go léir agus bliain i ndiaidh bliain, mar a dúirt mé. Caithfimid bheith cinnte mar gheall ar an seirbhís seo. Ba cheart go mbeadh plean ann ar a laghad ocht nó naoi mí roimh deireadh an chonartha. Ba mhaith liomsa go gcuimhnóidh an Aire Stáit ar na daoine aosta a úsáideann an seirbhís seo agus ar chúrsaí gnó ar an oileán. Ó thaobh spóirt de, bhuaigh foireann peile Oileán Árann craobh sóisearach na Gaillimhe i mbliana ach bhí orthu taisteal ar an mbád. B'fhéidir go mbeidh an aerseirbhís acu an bhliain seo chugainn ach cad a tharlóidh don seirbhís amach anseo? Tá sé an-tábhachtach go mbeidh an seirbhís leanúnach, bliain i ndiaidh blian.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liomh comhgháirdeas a dhéanamh leis an bhfoireann as ucht a bhua ollmhór fosta. Tuigim an cheist seo agus an tábhacht atá ag baint leis an nasc idir an mórthír agus na hoileáin agus cás na ndaoine aosta agus cúrsaí gnó ar na hoileáin, mar a luaigh an Teachta. Tá cosaint déanta agam ar an mbuiséad reatha do na hoileáin i 2015. Dá bhrí sin, tá súil agam an tseirbhís aeir a choinneáil ar siúl amach anseo. Sin é an rud is tábhachtaí. Níl mé in ann gealltanas a thabhairt an seirbhís a choinneáil i ndiaidh 2015 ach is é an rud is tábhachtaí ná go bhfuilim i dteangmháil le m'oifigigh. Tá an seirbhís iontach tábhachtach do na daoine atá ina gcónaí ar na hoileáin agus ba mhaith liom gealltanas a thabhairt go ndéanfaidh mo chomghleacaithe, m'oifigigh, na comharchumainn agus na páirtithe leasmhara éagsúla atá ag obair ar an gceist seo iarracht. Tuigim tábhacht na seirbhíse agus an naisc idir na hoileáin agus an mórthír.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a lán rudaí eile ag tarlú, ar ndóigh, mar gheall ar chúrsaí leighis agus daoine atá coinní acu sna hospideíl i nGaillimh. Ó thaobh oideachais de, tá sé tábhachtach go mbeadh seans ag scoláirí agus múinteoirí taisteal go dtí na hoileáin. I gcásanna éagsúla bíonn múinteoirí ag taisteal lá amháin nó cúpla lá sa tseachtain. Tá gach gairm i gceist anseo. Tá na hoileáin seo an-ghnóthach i rith an tsamhraidh agus tá cúrsaí turasóireachta an-tábhachtach dóibh. Caithfidh go mbeidh an Aire Stáit in ann níos mó eolais a thabhairt dúinn, faoi na moltaí atá sa tuarascáil seo, mar shampla. An mbeidh an Aire Stáit in ann an seirbhís seo a choinneáil agus an mbeidh an Roinn in ann cúnamh a thabhairt chun an seirbhís seo a choinneáil?

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar atá a fhios ag an Teachta, bhí an bád farrantóireachta an-tábhachtach fosta i rith an tsamhraidh ach táim ag súil go mbeidh sé ceart go leor. Mar shampla, bhí mé ar Oileán Thoraí den chéad uair i mo shaol coicís ó shin nó mar sin, agus ar Oileán Bhéara agus Inis Oircin freisin. Tá a fhios agam faoi thábhacht saol na n-oileán agus na dúshláin atá ann. Mar shampla, déanann oibrithe phobail an-obair ar na hoileáin lasmuigh den Ghaeltacht agus tá díospóireacht ar siúl anois i measc m'oifigí sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus i measc oifigí na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtas Áitiúil fosta faoin infreastruchtúr seo, conas é a chosaint agus a choinneáil. Mar focal scoir, tá infreastruchtúr anois ar na hoileáin agus tá an infreastruchtúr seo, na haerseirbhísí, mar shampla, fíorthábhachtach. Tá suim mhór agam é a choinneáil agus a chosaint amach anseo.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Má théann an Aire Stáit go hÁrann, ba cheart dó cuireadh a thabhairt dom.

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an cheist seo críochnaithe.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fuair mé cuireadh agus táim ag súil go mór le mo dara thuras go dtí na hoileáin sa bhliain úr