Dáil debates
Tuesday, 9 December 2014
Ceisteanna - Questions (Resumed) - Priority Questions
Seirbhísí Oileán
8:55 pm
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source
Ba mhaith liomh comhgháirdeas a dhéanamh leis an bhfoireann as ucht a bhua ollmhór fosta. Tuigim an cheist seo agus an tábhacht atá ag baint leis an nasc idir an mórthír agus na hoileáin agus cás na ndaoine aosta agus cúrsaí gnó ar na hoileáin, mar a luaigh an Teachta. Tá cosaint déanta agam ar an mbuiséad reatha do na hoileáin i 2015. Dá bhrí sin, tá súil agam an tseirbhís aeir a choinneáil ar siúl amach anseo. Sin é an rud is tábhachtaí. Níl mé in ann gealltanas a thabhairt an seirbhís a choinneáil i ndiaidh 2015 ach is é an rud is tábhachtaí ná go bhfuilim i dteangmháil le m'oifigigh. Tá an seirbhís iontach tábhachtach do na daoine atá ina gcónaí ar na hoileáin agus ba mhaith liom gealltanas a thabhairt go ndéanfaidh mo chomghleacaithe, m'oifigigh, na comharchumainn agus na páirtithe leasmhara éagsúla atá ag obair ar an gceist seo iarracht. Tuigim tábhacht na seirbhíse agus an naisc idir na hoileáin agus an mórthír.
No comments