Dáil debates

Tuesday, 9 December 2014

Ceisteanna - Questions (Resumed) - Priority Questions

Seirbhísí Oileán

8:55 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá conradh faoi oibleagáid seirbhíse poiblí i bhfeidhm idir mo Roinn agus Aer Arann Islands chun seirbhís aeir a chur ar fáil d’Oileáin Árann suas go dtí 30 Meán Fómhair 2015. Mar is eol don Teachta, d’fhostaigh mo Roinn an comhlacht EY chun athbhreithniú a dhéanamh ar riachtanas na seirbhíse aeir, i gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh. Foilsíodh an tuarascáil athbhreithnithe ar shuíomh gréasáin mo Roinne ar 28 Bealtaine agus cuireadh í faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh. Is tuarascáil chuimsitheach atá inti a chlúdaíonn an tréimhse ó 2003 go dtí 2013. Aithníonn an tuarascáil na tionchair éagsúla atá ag an tseirbhís aeir ar shaol na n-oileánach. Pléitear costais éagsúla na seirbhíse agus treocht na gcostas le linn na tréimhse sin. Tabharfaidh an síneadh bliana atá curtha leis an gconradh aerseirbhíse go dtí 30 Meán Fómhair 2015 deis do mo Roinn an tuarascáil seo a mheas.

Maidir leis an gcéad chéim eile, tá sé ag dul do na páirtithe leasmhara go léir go scrúdófar gach a bhfuil sa tuarascáil chun go mbeidh mo Roinn ábalta tacú le riachtanais na n-oileán taobh istigh de na hacmhainní atá ar fáil. Nuair atá an scrúdú críochnaithe ag mo Roinn ar na moltaí atá sa tuarascáil, tógfar cinneadh maidir le cúnamh mo Roinne don tseirbhís aeir amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.