Dáil debates

Thursday, 6 March 2014

10:30 am

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

12. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta maidir leis na scéimeanna Teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10694/14]

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baineann an cheist seo leis na scéimeanna teanga agus cén dul chun cinn atá déanta maidir leo. Tá imní ar a lán daoine go dtógfaidh sé tamall fada chun na scéimeanna teanga a shocrú. Bhí sé seo soiléir ag cruinniú a bhí againn leis an iar-Choimisinéir Teanga. An cheist atá agam mar sin ná, cén dul chun cinn atá déanta leis na scéimeanna teanga.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá próiseas leanúnach ar bun ag oifigigh mo Roinne chun scéimeanna teanga a dhaingniú leis an iliomad comhlacht poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Ón eolas is déanaí atá ar fáil do mo Roinnse, tá 155 scéim teanga san iomlán daingnithe le comhlachtaí poiblí éagsúla, ón uair gur tháinig an tAcht i bhfeidhm, ar a n-áirítear céad, dara agus tríú scéimeanna. Ag tógáil san áireamh athruithe atá tagtha chun cinn mar thoradh ar scor nó ar athstruchtúrú comhlachtaí poiblí éagsúla le tamall anuas, ar a n-áirítear na boird oideachais agus oiliúna nuabhunaithe, tá 185 comhlacht poiblí san iomlán clúdaithe faoi na scéimeanna teanga i láthair na huaire. Ina theannta sin, tá plé gníomhach ar siúl le tuairim is 120 comhlacht poiblí faoi láthair chun scéimeanna teanga a aontú leo.

Ní miste a nótáil go bhfanann scéim teanga i bhfeidhm, faoi réir alt 14(3) den Acht Teanga, ar feadh trí bliana ón dáta a dhaingnítear í, nó go dtí go ndaingnítear scéim nua, cibé acu is moille. Tá sé aitheanta go bhfuil an próiseas chun scéimeanna teanga a aontú dúshlánach, go háirithe sa chomhthéacs reatha ina bhfuil brú mór ar acmhainní. Tá céimeanna éagsúla á mbeartú chun an próiseas aontaithe scéimeanna a éascú, go háirithe i gcomhthéacs na leasuithe reachtúla atá beartaithe ar an Acht Teanga.

Ón uair gur tháinig córas na scéimeanna i bhfeidhm faoin Acht Teanga, tá sé tábhachtach a aithint go bhfuil feabhas tagtha ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí Stáit a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil i nGaeilge. Aithníodh ón tús gur próiseas forchéimnitheach a bheadh i gceist le feidhmiú an Achta, ag tógáil céimeanna de réir a chéile le comhoibriú agus le dea-thoil na bpáirtithe leasmhara éagsúla. Sa chomhthéacs seo, tá bearta dearfacha á dtógáil ag an Rialtas chun feabhas a chur ar na seirbhísí i nGaeilge atá ar fáil ón Státchóras. I measc na mbeart sin, áirím na céimeanna atá idir lámha chun cur le líon na n-oifigeach sa Státseirbhís atá inniúil ar an nGaeilge.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Aire Stáit, creideann Conradh na Gaeilge go mbeadh sé scannalach dá síneofaí an tréimhse trí bliana do scéimeanna teanga go seacht mbliana. Deir an Conradh go bhfuil na scéimeanna lag ón tús, ach deir an Rialtas go n-éireoidh siad níos láidre gach trí bliana. Deirtear freisin go bhfuil moltaí sa dréacht straitéis don Bhille go síneofaí an tréimhse go seacht mbliana, rud a ligfeadh do na Ranna éagsúla a ndualgais a sheachaint. B'fhearr i bhfad fáil réidh leis na scéimeanna agus córas nua a fhorbairt - córas le caighdeán bunaithe ar rialacháin reachtúla, cosúil leis na rialacháin a d'éirigh as Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 nó an córas caighdeán atá bunaithe acu sa Bhreatain Bheag. Céard é tuairim an Aire Stáit faoin méid atá ráite ag Conradh na Gaeilge?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar atá léirithe ag an Teachta, tá imní ar Chonradh na Gaeilge nach bhfuil níos mó scéimeanna teanga aontaithe ag an bpointe seo. Tá 185 comhlacht poiblí clúdaithe anois ag scéimeanna teanga agus tá comhráite ar siúl idir mo Roinn agus oifigigh na Roinne atá ag déileáil le scéimeanna teanga le 120 comhlacht eile, agus tá dul chun cinn dhá dhéanamh.

Má éiríonn leis na scéimeanna sin, beidh breis agus 300 comhlacht clúdaithe. Tá sin idir lámha i láthair na huaire. Deir Conradh na Gaeilge gurbh fhearr dúinn, b'fhéidir, in ionad scéimeanna teanga cur chuige eile a bheith againn. Ar ndóigh, táimid ag breathnú ar na féidearthachtaí sin san athbhreithniú atá á dhéanamh ar an Acht Teanga. Mar a dúirt mé, tá céimeanna éagsúla á mbeartú chun an próiseas aontaithe scéimeanna a éascú, go háirithe i gcomhthéacs na leasuithe reachtúla atá beartaithe san Acht Teanga. B'fhéidir go bhfuil dóigh níos fearr, níos tapúla agus níos éifeachtaí le é a dhéanamh, ach táimid ag obair go crua ar scéimeanna teanga faoi fhorálacha an Achta mar atá sé i láthair na huaire.

10:40 am

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil buiséad ann do na scéimeanna seo? Má tá, cé mhéad airgid atá i gceist?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá aontú na scéimeanna mar thoradh ar na comhráite a bhíonn ar siúl idir oifigigh na Roinne agus na comhlachtaí iad féin. Mar a dúirt mé inné, tá foireann iomlán bhreise san Roinn a bhfuil cúraimí scéimeanna teanga uirthi. Tá mé iontach dóchasach, mar go bhfuil foireann ansin ag déileáil go huile agus go hiomlán le haontú scéimeanna teanga, go rachaidh seo ar aghaidh níos tapúla ná mar a bhí go dtí seo. Tá foireann bhreise againn agus, ar ndóigh, ciallaíonn sé sin go bhfuil acmhainní breise ag dul isteach. Ní shílim gur sin an deacracht ná go bhfuil aon deacracht le sin.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá airgead ann dó na scéimeanna sin nó chun na daoine ag obair orthu a íoc, an bhfuil?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an t-airgead ann chun iad a íoc agus táimid i ndiaidh daoine breise a chur isteach ag déileáil le scéimeanna teanga.