Dáil debates
Thursday, 6 March 2014
Other Questions
Scéimeanna Teanga
10:30 am
Michael Kitt (Galway East, Fianna Fail) | Oireachtas source
Mar is eol don Aire Stáit, creideann Conradh na Gaeilge go mbeadh sé scannalach dá síneofaí an tréimhse trí bliana do scéimeanna teanga go seacht mbliana. Deir an Conradh go bhfuil na scéimeanna lag ón tús, ach deir an Rialtas go n-éireoidh siad níos láidre gach trí bliana. Deirtear freisin go bhfuil moltaí sa dréacht straitéis don Bhille go síneofaí an tréimhse go seacht mbliana, rud a ligfeadh do na Ranna éagsúla a ndualgais a sheachaint. B'fhearr i bhfad fáil réidh leis na scéimeanna agus córas nua a fhorbairt - córas le caighdeán bunaithe ar rialacháin reachtúla, cosúil leis na rialacháin a d'éirigh as Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 nó an córas caighdeán atá bunaithe acu sa Bhreatain Bheag. Céard é tuairim an Aire Stáit faoin méid atá ráite ag Conradh na Gaeilge?
No comments