Dáil debates

Thursday, 6 March 2014

Other Questions

Scéimeanna Teanga

10:30 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá próiseas leanúnach ar bun ag oifigigh mo Roinne chun scéimeanna teanga a dhaingniú leis an iliomad comhlacht poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Ón eolas is déanaí atá ar fáil do mo Roinnse, tá 155 scéim teanga san iomlán daingnithe le comhlachtaí poiblí éagsúla, ón uair gur tháinig an tAcht i bhfeidhm, ar a n-áirítear céad, dara agus tríú scéimeanna. Ag tógáil san áireamh athruithe atá tagtha chun cinn mar thoradh ar scor nó ar athstruchtúrú comhlachtaí poiblí éagsúla le tamall anuas, ar a n-áirítear na boird oideachais agus oiliúna nuabhunaithe, tá 185 comhlacht poiblí san iomlán clúdaithe faoi na scéimeanna teanga i láthair na huaire. Ina theannta sin, tá plé gníomhach ar siúl le tuairim is 120 comhlacht poiblí faoi láthair chun scéimeanna teanga a aontú leo.

Ní miste a nótáil go bhfanann scéim teanga i bhfeidhm, faoi réir alt 14(3) den Acht Teanga, ar feadh trí bliana ón dáta a dhaingnítear í, nó go dtí go ndaingnítear scéim nua, cibé acu is moille. Tá sé aitheanta go bhfuil an próiseas chun scéimeanna teanga a aontú dúshlánach, go háirithe sa chomhthéacs reatha ina bhfuil brú mór ar acmhainní. Tá céimeanna éagsúla á mbeartú chun an próiseas aontaithe scéimeanna a éascú, go háirithe i gcomhthéacs na leasuithe reachtúla atá beartaithe ar an Acht Teanga.

Ón uair gur tháinig córas na scéimeanna i bhfeidhm faoin Acht Teanga, tá sé tábhachtach a aithint go bhfuil feabhas tagtha ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí Stáit a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil i nGaeilge. Aithníodh ón tús gur próiseas forchéimnitheach a bheadh i gceist le feidhmiú an Achta, ag tógáil céimeanna de réir a chéile le comhoibriú agus le dea-thoil na bpáirtithe leasmhara éagsúla. Sa chomhthéacs seo, tá bearta dearfacha á dtógáil ag an Rialtas chun feabhas a chur ar na seirbhísí i nGaeilge atá ar fáil ón Státchóras. I measc na mbeart sin, áirím na céimeanna atá idir lámha chun cur le líon na n-oifigeach sa Státseirbhís atá inniúil ar an nGaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.