Dáil debates

Thursday, 6 March 2014

Other Questions

Scéimeanna Teanga

10:30 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar atá léirithe ag an Teachta, tá imní ar Chonradh na Gaeilge nach bhfuil níos mó scéimeanna teanga aontaithe ag an bpointe seo. Tá 185 comhlacht poiblí clúdaithe anois ag scéimeanna teanga agus tá comhráite ar siúl idir mo Roinn agus oifigigh na Roinne atá ag déileáil le scéimeanna teanga le 120 comhlacht eile, agus tá dul chun cinn dhá dhéanamh.

Má éiríonn leis na scéimeanna sin, beidh breis agus 300 comhlacht clúdaithe. Tá sin idir lámha i láthair na huaire. Deir Conradh na Gaeilge gurbh fhearr dúinn, b'fhéidir, in ionad scéimeanna teanga cur chuige eile a bheith againn. Ar ndóigh, táimid ag breathnú ar na féidearthachtaí sin san athbhreithniú atá á dhéanamh ar an Acht Teanga. Mar a dúirt mé, tá céimeanna éagsúla á mbeartú chun an próiseas aontaithe scéimeanna a éascú, go háirithe i gcomhthéacs na leasuithe reachtúla atá beartaithe san Acht Teanga. B'fhéidir go bhfuil dóigh níos fearr, níos tapúla agus níos éifeachtaí le é a dhéanamh, ach táimid ag obair go crua ar scéimeanna teanga faoi fhorálacha an Achta mar atá sé i láthair na huaire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.