Dáil debates

Wednesday, 3 October 2012

Other Questions

Scéim Tacaíochta Teaghlaigh

2:20 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé mhéid coip den scéim tacaíochta teaghlaigh atá eisithe ag an Rialtas; cad atá sa phacáiste sin; agus cén saghas tacaíochta atá á tabhairt do na teaghlaigh atá cláraithe. [41972/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoi mar is eol don Teachta, tá sé mar chuspóir ag an Chlár Tacaíochta Teaghlaigh tacú le teaghlaigh atá ag súil le páiste, nó a bhfuil páistí acu, agus a dteastaíonn uathu a bpáistí a thógáil le Gaeilge.

Faoin Chlár seo, tá pacáiste tacaíochta ar fáil ó mo Roinnse ina bhfuil leabhrán, a bhfuil sé mar chuspóir aige comhairle phraiticiúil a chur ar thuismitheoirí maidir le páistí a thógáil le Gaeilge, chomh maith le dlúthdhiosca rannta agus leabhar rannta atá oiriúnach do pháistí. Ón uair gur seoladh an Clár Tacaíochta Teaghlaigh i mí Aibreáin 2012, tá 116 pacáiste dáilte ag mo Roinnse.

Tá obair idir lámha ag mo Roinnse faoi láthair i dtreo cur leis an bpacáiste tacaíochta seo.

Chomh maith leis sin, tá socrú déanta ar bhonn áitiúil i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) chun bileog eolais, maidir leis na buntáistí a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge, a scaipeadh ar mhná nuair a thagann siad i dteagmháil leis na seirbhísí máithreachais a fheidhmíonn faoi scáth an FSS i Leitir Ceanainn, i gCaisleán an Bharraigh, i gcathair na Gaillimhe, agus i dTrá Lí.

2:30 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chuir 3,300 duine iarratas isteach ar scéim labhairt na Gaeilge i 2010 agus fuair timpeall 2,500 deontas as an scéim. Rinne an Rialtas beart mar gheall air sin agus cuireadh críoch leis an scéim os cionn bliain ó shin. Sé mhí ó shin, cuireadh pacáiste nua ar fáil. Is é cuspóir an phacáiste sin ná cabhrú le cuspóirí Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a bhaint amach. Táimid ag súil go mbeadh 250,000 duine ag labhairt Gaeilge go laethúil. Ag an mbomaite, níl ach 77,000 duine ag caint Gaeilge go laethúil.

Chuir mé féin iarratas isteach ar an bpacáiste seo. Ta treoir leabhar ann, ó Chomhluadar, rud a bhí ann cheana. Chomh maith leis sin tá leabhar rainn agus dlúthdiosca. Bhí an méid sin le fáil sé mhí ó shin agus tá sé le fáil anois.

An bhfuil náire ar an Aire Stáit faoi seo? Ní leor é seo do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge, agus tá a fhios ag an Aire Stáit nach leor é.

Dá rachadh an t-Aire Stáit ar an gclár teilifíse, "The Apprentice", le Alan Sugar nó le Bill Cullen chloisfeadh sé na focail, "You're fired". Níl sa phacáiste ach treoir leabhar a bhí ann cheana, dlúthdiosca amháin agus leabhar rainn. Sin an méid atá le fáil ag daoine atá ag iarraidh a dteaghlaigh a gcruthú.

Ní dhéanann an Roinn aon teagmháil leis na teaghlaigh. Ní chuireann an Roinn leis an bpacáiste de réir a chéile. Cad atá ar bun ag an Roinn agus ag an Aire Stáit?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Scéim í seo a ghlac áit scéim labhairt na Gaeilge. Is scéim úr í a mbeidh fás agus forbairt ag teacht uirthi lá i ndiaidh lae agus bliain i ndiaidh bliana.

Tá an Teachta tar éis a fhiafraí cad é atá sa phacáiste i láthair na huaire. Is féidir liom a rá go bhfuilimid ag forbairt ar an phacáiste agus gur gairid go mbeidh tuilleadh ábhar, tuillleadh leabhar agus tuilleadh dioscanna le fáil ins an phacáiste. Tá mé iontach dóchasach, leis an chomhoibriú atá idir muid féin agus feidhmeannas na seirbhíse poiblí, go rachaimid i bhfeidhm ar an bpobal.

Is scéim úr í agus tá sí ag díriú isteach, ní ar na teaghlaigh a bhí ag fáil an deontas labhairt na Gaeilge go dtí seo. Táimid ag díriú isteach ar theaghlaigh úra atá ag teacht ar an tsaol. Tá tosnú maith déanta ach admhaím go gcaithfimid cur leis agus coinneáil leis ins an amach romhainn. Lena chois sin, tá áthas orm a rá maidir le tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh Ghaelacha go raibh se i mo chumas i mbliana €150,000 sa bhreis a chur le scéim na gcuntóirí teangan a dhéanann an-obair sna bunscoileanna ar fud na Gaeltachta le cuidiú agus tacaíocht a thabhairt do dhaltaí a théann go dtí na scoileanna sin agus nach bhfuil an teanga go líofa acu. Tá na campaí samhraidh ann chomh maith. Tá an-chuid rudaí ar siúl agus níl sa scéim tacaíochta teaghlaigh ach gné amháin de mhórán imeachtaí atá ag dul ar aghaidh leis an Ghaeilge a chaomhnú agus a choinneáil beo i measc na ndaoine óga sna Gaeltachtaí ar fad.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cathain a bheidh an tAire Stáit ag cur leis an phacáiste, cé mhéad airgid atá curtha ar leataobh leis agus cathain a bheidh an Roinn ag dul i dteagmháil leis na teaghlaigh a chláraigh leis an phacáiste.sin? Cathain a bheidh an tAire Stáit in ann bheith i ndáiríre faoi seo?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an obair seo ag dul ar aghaidh go rialta ó lá go lá.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cathain?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis an Ghaeltacht féin, tá €60 milliún curtha ar fáil i gcaiteachas na bliana seo do na ceantair Ghaeltachta agus tá €7.35 milliún curtha ar fáil maidir le scéimeanna tacaíochta teaghlaigh sa Ghaeltacht agus tá maoiniú caipitil de €1.7 milliún. Tá maoiniú ann agus táimid ag cur chuige. Deirim leis an Teachta go n-aontaím gur scéim í seo go bhfuil cruthaíocht agus samhlaíocht ag baint léi, atá á trialladh sa Bhreatain Bheag. Níl sí ach ina tús go fóill ach de réir a chéile, tógfar í agus beidh sí ina scéim an-mhaith chun deis a thabhairt do thuismitheoirí sna Gaeltachtaí agus taobh amuigh de na Gaeltachtaí a gclann a thógáil le Gaeilge.

Written Answers follow Adjournment.