Dáil debates
Wednesday, 3 October 2012
Other Questions
Scéim Tacaíochta Teaghlaigh
2:20 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Faoi mar is eol don Teachta, tá sé mar chuspóir ag an Chlár Tacaíochta Teaghlaigh tacú le teaghlaigh atá ag súil le páiste, nó a bhfuil páistí acu, agus a dteastaíonn uathu a bpáistí a thógáil le Gaeilge.
Faoin Chlár seo, tá pacáiste tacaíochta ar fáil ó mo Roinnse ina bhfuil leabhrán, a bhfuil sé mar chuspóir aige comhairle phraiticiúil a chur ar thuismitheoirí maidir le páistí a thógáil le Gaeilge, chomh maith le dlúthdhiosca rannta agus leabhar rannta atá oiriúnach do pháistí. Ón uair gur seoladh an Clár Tacaíochta Teaghlaigh i mí Aibreáin 2012, tá 116 pacáiste dáilte ag mo Roinnse.
Tá obair idir lámha ag mo Roinnse faoi láthair i dtreo cur leis an bpacáiste tacaíochta seo.
Chomh maith leis sin, tá socrú déanta ar bhonn áitiúil i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) chun bileog eolais, maidir leis na buntáistí a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge, a scaipeadh ar mhná nuair a thagann siad i dteagmháil leis na seirbhísí máithreachais a fheidhmíonn faoi scáth an FSS i Leitir Ceanainn, i gCaisleán an Bharraigh, i gcathair na Gaillimhe, agus i dTrá Lí.
No comments