Dáil debates

Wednesday, 3 October 2012

Other Questions

Scéim Tacaíochta Teaghlaigh

2:30 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Scéim í seo a ghlac áit scéim labhairt na Gaeilge. Is scéim úr í a mbeidh fás agus forbairt ag teacht uirthi lá i ndiaidh lae agus bliain i ndiaidh bliana.

Tá an Teachta tar éis a fhiafraí cad é atá sa phacáiste i láthair na huaire. Is féidir liom a rá go bhfuilimid ag forbairt ar an phacáiste agus gur gairid go mbeidh tuilleadh ábhar, tuillleadh leabhar agus tuilleadh dioscanna le fáil ins an phacáiste. Tá mé iontach dóchasach, leis an chomhoibriú atá idir muid féin agus feidhmeannas na seirbhíse poiblí, go rachaimid i bhfeidhm ar an bpobal.

Is scéim úr í agus tá sí ag díriú isteach, ní ar na teaghlaigh a bhí ag fáil an deontas labhairt na Gaeilge go dtí seo. Táimid ag díriú isteach ar theaghlaigh úra atá ag teacht ar an tsaol. Tá tosnú maith déanta ach admhaím go gcaithfimid cur leis agus coinneáil leis ins an amach romhainn. Lena chois sin, tá áthas orm a rá maidir le tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh Ghaelacha go raibh se i mo chumas i mbliana €150,000 sa bhreis a chur le scéim na gcuntóirí teangan a dhéanann an-obair sna bunscoileanna ar fud na Gaeltachta le cuidiú agus tacaíocht a thabhairt do dhaltaí a théann go dtí na scoileanna sin agus nach bhfuil an teanga go líofa acu. Tá na campaí samhraidh ann chomh maith. Tá an-chuid rudaí ar siúl agus níl sa scéim tacaíochta teaghlaigh ach gné amháin de mhórán imeachtaí atá ag dul ar aghaidh leis an Ghaeilge a chaomhnú agus a choinneáil beo i measc na ndaoine óga sna Gaeltachtaí ar fad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.