Dáil debates

Tuesday, 6 March 2012

Priority Questions

Caomhnú agus Forbairt na Gaeilge

2:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 57: To ask the Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cé chomh héifeachtach atá a roinn ag cothú na Gaeilge i gceantair Ghaeltachta timpeall na tíre i bhfrithshuí le Ranna Rialtais eile timpeall na cruinne a bhíonn i mbun athbheochan mionteangacha [12888/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá cur chuige mo Roinne i dtaca le cothú na Gaeilge sa Ghaeltacht fite fuaite leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, ina leagtar síos cur chuige comhtháite don Ghaeilge atá ag luí le dea-chleachtas idirnáisiúnta. Ionas gur féidir le mo Roinn an straitéis a chur i bhfeidhm ar an mbealach is éifeachtaí, tá mo Roinn ag féachaint chuige i rith an ama go mbaintear an tairbhe is fearr agus is féidir as an soláthar airgid atá curtha ar fáil le cuidiú le raon leathan scéimeanna gníomhaíochtaí agus beartas.

I measc na ngníomhaíochtaí éagsúla sa Ghaeltacht a thugann mo Roinnse tacaíocht dóibh, tá tábhacht ar leith ag baint leis na coláistí Gaeilge ós rud é gur tionscal teangalárnaithe é a chuireann go mór leis an nGaeilge sa Ghaeltacht. Meastar go ngineann infheistíocht mo Roinne de €4.5 milliúin faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge caiteachas iomlán de suas le €50 milliúin sa bhliain sa Ghaeltacht. Déanann na coláistí Gaeilge sa Ghaeltacht freastal ar suas le 25,000 foghlaimeoir Gaeilge gach bliain. Tugann siad fostaíocht do bhreis agus 700 bean tí ó cheann ceann na Gaeltachta, gan trácht ar mhúinteoirí agus daoine eile a fhaigheann tairbhe na fostaíochta ó na coláistí Gaeilge chomh maith.

Taobh amuigh de na coláistí Gaeilge, déanann mo Roinn scéimeanna teangalárnaithe eile, ar nós scéim na gcúntóirí teanga, a riar a théann chun sochair don phobal Gaeltachta. Chomh maith leis sin, tugann mo Roinn maoiniú reatha d'eagraíochtaí éagsúla sa Ghaeltacht ar mhaithe le seirbhísí éagsúla a sholáthar don phobal agus maoiniú caipitil chun áiseanna pobail a fhorbairt do phobal na Gaeltachta.

Ní miste a lua gur ball í mo Roinn den NPLD - the Network to Promote Linguistic Diversity - gréasán Eorpach a bhfuil sé mar phríomhaidhm aige dea-chleachtas a roinnt maidir le pleanáil teanga. Tuigtear dom ónár gcuid oibre san eagraíocht sin go bhféachtar ar an tír seo mar cheannródaí maidir le pleanáil teanga i gcomhthéacs straitéisí.

Additional information not given on the floor of the House.

Chomh maith leis sin, tá cúrsaí a bhaineann le hathbheochan teangacha ina cheist thábhachtach i gcomhthéacs an Comhairle na Breataine-na hÉireann. Ag cruinniú na nAirí den chomhairle i nGaoth Dobhair anuraidh, bhí mé féin agus na hAirí eile ar aon intinn go bhféadfaimís foghlaim óna chéile sa réimse thábhachtach oibre seo. Sa chomhthéacs seo ar fad, tá mé sásta go bhfuilimid ag plé leis an saineolas idirnáisiúnta is fearr dá bhfuil ann ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

I measc mhuintir na Gaeilge agus a lán saineolaithe timpeall na tíre, níl muinín acu sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Ceapann a lán daoine nach bhfuil an Roinn dáiríre faoi chur chun cinn na Gaeilge. Ba mhaith liom cupla ceist a chur ar an Aire Stáit maidir le bainistíocht na Ranna, mar saghas bainisteoir ar an Roinn is ea an t-Aire Stáit.

Cad iad na táscairí feidhmíochta is tábhachtaí - key performance indicators - sa Roinn? Cad iad na príomh rudaí a bhfuil an t-Aire Stáit ag tabhairt aire dóibh? An iad stádas na Gaeilge imeasc mhuintir na Gaeltachta, stádas na Gaelge imeasc dhaoine óga na Gaeltachta, an méid tuismitheoirí atá ag tógáil a gclann le Gaeilge, an méid páistí atá ag labhairt na Gaeilge, an méid post atá á chruthú sa Ghaeltacht, an méid infheistíochta atá ag dul isteach sa Ghaeltacht, nó an méid bunscoileanna agus meánscoileanna a mhúineann ábhair tré Ghaeilge? Cad iad na príomh-rudaí agus conas a thomhaiseann an t-Aire Stáit na táscairí feidhmíochta is tábhachtaí?

Maidir leis na táscairí go léir, nach bhfuil sé fíor go bhfuil an tír seo ag dul in olcas le blianta anuas? Conas a chuirfidh an Rialtas stad ar an dtruacht seo? Conas atá an tír ag déanamh i gcodarsnacht na dtíortha eile atá ag obair ar mhionteangacha, ar nós Ceanada, mar shampla? Cén fáth go bhfuil Ceanada chun tosaigh in a lán áiteanna, ar nós dhul chun cinn mhionteangacha, srl.?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ní aontaím leis an Teachta nach bhfuil an Rialtas agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag déanamh obair an-thábhachtach ar mhaithe leis an Ghaeltacht agus ar mhaithe leis an Ghaeilge. In ainneoin na ndeacrachtaí eacnamaíochta atá againn i láthair na huaire, tá an Roinn ag cur €60 milliún in aghaidh na bliana ar fáil le tacaíocht a thabhairt do scéimeanna sa Ghaeltacht agus scéimeanna a théann ar mhaithe le tacaíocht a thabhairt don teanga. Ní beag an tsuim airgid é €60 milliún.

D'iarr an Teachta mar gheall ar na heagraíochtaí Gaeltachta lena bhfuil mé ag cabhrú. Tá €7.5 milliún á chur díreach isteach sa Ghaeltacht againn le haghaidh scéimeanna a luaigh mé sa bhfreagra a thug mé. Tá beagnach €30 milliún, idir deontas caipitil agus deontas reatha, á chur isteach in Údarás na Gaeltachta freisin. Tá mé cinnte go n-aontaíonn an Teachta agus Teachtaí eile liom go bhfuil obair an-thábhachtach á dhéanamh ag an údarás. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag tabhairt na hacmhainní sin don údarás, in ainneoin an aeráid dheacair eacnamaíochta atá againn. Is é sin an fáth freisin gur shocair an Rialtas go mairfeadh Údarás na Gaeltachta, go mbeadh feidhmeanna tionsclaíochta aige agus go mbeadh príomhfheidhmeannach úr aige gan mhoill. Tá cuid de na rudaí atá á dhéanamh ag an Roinn luaite agam.

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal North East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Time is up for this question. I remind Deputies that a total of six minutes is available for each priority question - two minutes for the initial reply of the Minister or Minister of State and four minutes for supplementary questions and answers. If it takes the Minister, Minister of State or a Deputy a great deal of time to ask or respond to a supplementary question, that will eat into the total of six minutes. While the time for this question has elapsed, I will allow Deputy Tóibín to ask a very brief supplementary question.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Mar a deirtear i mBéarla, "you cannot manage if you cannot measure." Tá mé ag iarraidh a fháil amach cad iad na tomhais atá á úsáid sa Roinn mar gheall ar rudaí iontacha tábhachtacha cosúil le cé mhéad páistí a labhraíonn an Ghaeilge faoi láthair, cé mhéad páistí a bhí á labhairt cúig bliana ó shin agus cé mhéad páistí a bheidh á labhairt sna Gaeltachtaí i gceann cúig bliana eile.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Beidh áthas ar an Teachta a chloisint go bhfuil scéim tacaíochta teaghlaigh beagnach críochnaithe againn. Beidh an scéim á láinseáil againn taobh istigh de cúpla seachtain. Tabharfaidh sí tacaíocht do theaghlaigh a thoilíonn a gclann a thógáil le Gaeilge, ní ar scoil ach sa bhaile ón am a thagann an páiste ar an saol. Tá sé an-gaolmhar leis an scéim atá acu sa Bhreatain Bheag. Tá comhoibriú idir muidne, an Bhreatain Bheag agus Ceanada ag tarlú. Beidh go leor scéimeanna eile á fhógairt againn idir seo agus deireadh na bliana. Díreoidh na scéimeanna isteach ar an páiste chomh hóg agus is féidir é sin a dhéanamh.