Dáil debates

Tuesday, 6 March 2012

 

Caomhnú agus Forbairt na Gaeilge

2:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tá cur chuige mo Roinne i dtaca le cothú na Gaeilge sa Ghaeltacht fite fuaite leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, ina leagtar síos cur chuige comhtháite don Ghaeilge atá ag luí le dea-chleachtas idirnáisiúnta. Ionas gur féidir le mo Roinn an straitéis a chur i bhfeidhm ar an mbealach is éifeachtaí, tá mo Roinn ag féachaint chuige i rith an ama go mbaintear an tairbhe is fearr agus is féidir as an soláthar airgid atá curtha ar fáil le cuidiú le raon leathan scéimeanna gníomhaíochtaí agus beartas.

I measc na ngníomhaíochtaí éagsúla sa Ghaeltacht a thugann mo Roinnse tacaíocht dóibh, tá tábhacht ar leith ag baint leis na coláistí Gaeilge ós rud é gur tionscal teangalárnaithe é a chuireann go mór leis an nGaeilge sa Ghaeltacht. Meastar go ngineann infheistíocht mo Roinne de €4.5 milliúin faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge caiteachas iomlán de suas le €50 milliúin sa bhliain sa Ghaeltacht. Déanann na coláistí Gaeilge sa Ghaeltacht freastal ar suas le 25,000 foghlaimeoir Gaeilge gach bliain. Tugann siad fostaíocht do bhreis agus 700 bean tí ó cheann ceann na Gaeltachta, gan trácht ar mhúinteoirí agus daoine eile a fhaigheann tairbhe na fostaíochta ó na coláistí Gaeilge chomh maith.

Taobh amuigh de na coláistí Gaeilge, déanann mo Roinn scéimeanna teangalárnaithe eile, ar nós scéim na gcúntóirí teanga, a riar a théann chun sochair don phobal Gaeltachta. Chomh maith leis sin, tugann mo Roinn maoiniú reatha d'eagraíochtaí éagsúla sa Ghaeltacht ar mhaithe le seirbhísí éagsúla a sholáthar don phobal agus maoiniú caipitil chun áiseanna pobail a fhorbairt do phobal na Gaeltachta.

Ní miste a lua gur ball í mo Roinn den NPLD - the Network to Promote Linguistic Diversity - gréasán Eorpach a bhfuil sé mar phríomhaidhm aige dea-chleachtas a roinnt maidir le pleanáil teanga. Tuigtear dom ónár gcuid oibre san eagraíocht sin go bhféachtar ar an tír seo mar cheannródaí maidir le pleanáil teanga i gcomhthéacs straitéisí.

Additional information not given on the floor of the House.

Chomh maith leis sin, tá cúrsaí a bhaineann le hathbheochan teangacha ina cheist thábhachtach i gcomhthéacs an Comhairle na Breataine-na hÉireann. Ag cruinniú na nAirí den chomhairle i nGaoth Dobhair anuraidh, bhí mé féin agus na hAirí eile ar aon intinn go bhféadfaimís foghlaim óna chéile sa réimse thábhachtach oibre seo. Sa chomhthéacs seo ar fad, tá mé sásta go bhfuilimid ag plé leis an saineolas idirnáisiúnta is fearr dá bhfuil ann ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.