Dáil debates

Tuesday, 6 March 2012

 

Caomhnú agus Forbairt na Gaeilge

2:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)

I measc mhuintir na Gaeilge agus a lán saineolaithe timpeall na tíre, níl muinín acu sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Ceapann a lán daoine nach bhfuil an Roinn dáiríre faoi chur chun cinn na Gaeilge. Ba mhaith liom cupla ceist a chur ar an Aire Stáit maidir le bainistíocht na Ranna, mar saghas bainisteoir ar an Roinn is ea an t-Aire Stáit.

Cad iad na táscairí feidhmíochta is tábhachtaí - key performance indicators - sa Roinn? Cad iad na príomh rudaí a bhfuil an t-Aire Stáit ag tabhairt aire dóibh? An iad stádas na Gaeilge imeasc mhuintir na Gaeltachta, stádas na Gaelge imeasc dhaoine óga na Gaeltachta, an méid tuismitheoirí atá ag tógáil a gclann le Gaeilge, an méid páistí atá ag labhairt na Gaeilge, an méid post atá á chruthú sa Ghaeltacht, an méid infheistíochta atá ag dul isteach sa Ghaeltacht, nó an méid bunscoileanna agus meánscoileanna a mhúineann ábhair tré Ghaeilge? Cad iad na príomh-rudaí agus conas a thomhaiseann an t-Aire Stáit na táscairí feidhmíochta is tábhachtaí?

Maidir leis na táscairí go léir, nach bhfuil sé fíor go bhfuil an tír seo ag dul in olcas le blianta anuas? Conas a chuirfidh an Rialtas stad ar an dtruacht seo? Conas atá an tír ag déanamh i gcodarsnacht na dtíortha eile atá ag obair ar mhionteangacha, ar nós Ceanada, mar shampla? Cén fáth go bhfuil Ceanada chun tosaigh in a lán áiteanna, ar nós dhul chun cinn mhionteangacha, srl.?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.