Dáil debates

Tuesday, 6 March 2012

 

Caomhnú agus Forbairt na Gaeilge

2:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Ní aontaím leis an Teachta nach bhfuil an Rialtas agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag déanamh obair an-thábhachtach ar mhaithe leis an Ghaeltacht agus ar mhaithe leis an Ghaeilge. In ainneoin na ndeacrachtaí eacnamaíochta atá againn i láthair na huaire, tá an Roinn ag cur €60 milliún in aghaidh na bliana ar fáil le tacaíocht a thabhairt do scéimeanna sa Ghaeltacht agus scéimeanna a théann ar mhaithe le tacaíocht a thabhairt don teanga. Ní beag an tsuim airgid é €60 milliún.

D'iarr an Teachta mar gheall ar na heagraíochtaí Gaeltachta lena bhfuil mé ag cabhrú. Tá €7.5 milliún á chur díreach isteach sa Ghaeltacht againn le haghaidh scéimeanna a luaigh mé sa bhfreagra a thug mé. Tá beagnach €30 milliún, idir deontas caipitil agus deontas reatha, á chur isteach in Údarás na Gaeltachta freisin. Tá mé cinnte go n-aontaíonn an Teachta agus Teachtaí eile liom go bhfuil obair an-thábhachtach á dhéanamh ag an údarás. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag tabhairt na hacmhainní sin don údarás, in ainneoin an aeráid dheacair eacnamaíochta atá againn. Is é sin an fáth freisin gur shocair an Rialtas go mairfeadh Údarás na Gaeltachta, go mbeadh feidhmeanna tionsclaíochta aige agus go mbeadh príomhfheidhmeannach úr aige gan mhoill. Tá cuid de na rudaí atá á dhéanamh ag an Roinn luaite agam.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.