Dáil debates

Tuesday, 31 January 2012

Other Questions

Acht na dTeangacha Oifigiúla

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 50, 65 agus 80 le chéile.

Forálann alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 gur féidir leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta iarraidh ar chomhlachtaí poiblí atá sonraithe san Acht scéimeanna teanga a ullmhú. Fanann scéim teanga i bhfeidhm faoin Acht ar feadh tréimhse trí bliana ón dáta a ndaingníonn an tAire í, nó go dtí go mbeidh scéim nua daingnithe ag an Aire, cibé acu is déanaí. San iomlán, tá 105 céad agus dara scéim teanga, a chlúdaíonn 191 comhlacht poiblí, foilsithe ó achtaíodh an tAcht go dáta.

Faoi láthair, tá obair idir lámha ag mo Roinn le comhlachtaí poiblí éagsúla chun tuairim is 100 scéim, idir scéimeanna céaduaire agus dara scéimeanna a aontú agus a dhaingniú. Cé go bhfuil tuairim is 600 comhlacht poiblí san áireamh faoin Acht, tá mé sásta go gclúdaíonn an 105 scéim atá i bhfeidhm mórchuid na gcomhlachtaí poiblí a mbíonn teagmháil rialta ag an bpobal i gcoitinne leo. Ní miste a nótáil go bhfuil sé aitheanta gur próiseas casta é aontú agus daingniú na scéimeanna teanga agus go mbeidh aird á tabhairt ar an gceist seo mar chuid den athbhreithniú ar an Acht.

I mí na Samhna 2011, cuireadh tús leis an athbhreithniú sin, a thógfaidh san áireamh leasuithe inmholta a chinnteoidh gurb iad na seirbhísí poiblí atá le soláthar trí Ghaeilge na seirbhísí is mó a bhfuil éileamh orthu. Mar chuid den athbhreithniú, eagraíodh próiseas comhairliúcháin phoiblí, ar tháinig deireadh leis inniu. Is cúis sásaimh dom an spéis atá léirithe sa phróiseas seo. Faoi thráthnóna inné, 30 Eanáir, bhí beagnach 1,200 suirbhé agus 125 aighneacht faighte ag mo Roinn. Déanfaidh oifigigh mo Roinne anailís ar an ábhar seo agus cuirfear moltaí faoi mo bhráid in am trátha ag eascairt as an anailís sin.

Rinneadh bolscaireacht leathan ar an athbhreithniú féin agus ar an bpróiseas comhairliúcháin trí fhógraíocht phoiblí, phreasráitis agus agallaimh ar na meáin éagsúla. Chomh maith leis sin, bhí ionadaíocht ag mo Roinn ag dhá ócáid phoiblí - ceann i mBaile Átha Cliath agus ceann eile in nGaillimh - eagraíodh faoin athbhreithniú seo. Mar sin, bhí go leor daoine a chuir suim ann. Bhí cruinnithe amuigh, bhí ionadaíocht ón Roinn ann agus tá na haighneachtaí agus na suirbhéanna ag teacht isteach. Inniu an lá deireannach dóibh agus an dúshlán atá romhainn sa Roinn ná dul tríd na highneachtaí agus na suirbhéanna agus sa cúpla mí atá romhainn teacht aníos le cinntí cuí ar fheidhmiú an Achta a chuaigh tríd i 2003.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Ceann de na rudaí is fearr atá déanta ag an Rialtas i dtaobh an Ghaeilge ná gur chuir sé na scéimeanna seo i bhfeidhm. Tugann na scéimeanna seo deis dúinne ár obair a dhéanamh trí Gaeilge leis na comhlachtaí poiblí. Má tá muid i ndáiríre faoi Ghaeilge sa Ghaeltacht, caithfidh muintir na Gaeltachta a bheith in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Gaeilge leis an Stát. Tá sin iontach tábhachtach.

Leis an fhírinne a rá, tá an tóin tite as na scéimeanna seo. Níl scéim daingnithe ag an Ombudsman, ag Roinn na Gaeltachta, nó ag Tithe an Oireachtais. Cén sampla a léiríonn na fadhbanna seo. Fiú na comhlachtaí nó eagraíochtaí poiblí a bhaineann leis an Rialtas, níl scéímeanna daingnithe acu fós. Is é mo thuairim agus tuairim líon mór de mhuintir na Gaeilge, nach bhfuil an Rialtas dáiríre faoi seo agus nach bhfuil sé ag díriú ar an fhadhb seo mar ba chóir. An féidir leis an Aire a rá linn inniu cén fáth go bhfuil bac ar na scéimeanna teanga seo go dtí seo?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ar dtús, ní aontaím leis an Teachta nach bhfuil an Rialtas i ndáiríre, mar tá sé i gclár an Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar scéim na dteangacha oifigiúla. Tá sé i gclár an Rialtais chomh maith go gcuirfear an straitéis i bhfeidhm chomh fada agus is féidir linn leis na hacmhainní teoranta atá againn. Tá sin ráite agam inniu agus dúirt mé cheana go bhfuil an comhcoiste Rialtais ar bun chomh maith agus coistí eile. Freisin, cuimhnigh ar an mhaoiniú atá curtha ar fáil do na heagraíochtaí Gaeilge, na heagraíochtaí bunmhaoinithe mar shampla. Cuireadh os cionn €60 milliún ar fáil dóibh anuraidh agus beidh timpeall €60 milliún ar fáil dóibh i mbliana. Is airgead mór é sin. Nuair a cuirtear cúrsaí oideachais agus rudaí eile le sin, tá €500 milliún ann ar mhaithe leis an Ghaeilge. Mar sin, ní thuigim conas gur féidir a rá go dlisteanach nach bhfuil muid ar mhaithe leis an Ghaeilge.

Maidir leis an cheist a chuir an Teachta maidir leis an Roinn, bhí scéim teanga ag an sean Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, ach cosúil le Ranna eile, tá atheagrú á dhéanamh ar an Roinn sin i láthair na huaire. Níl an Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ann anois, ach an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Faoi Alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá an Roinn anois i mbun aighneachtaí a chuartú maidir le ullmhú na scéime a d'éirigh ó na páirtithe leasmhara. An dáta deireannach leis na haighneachtaí a chur isteach don Roinn nó an 19 Eanáir, coicís ó shin. Mar sin, tá an Roinn ar aghaidh chomh maith le scéim úr teanga a thabhairt isteach sa Roinn atheagraithe agus to dtí go ndéantar sin, tá an Roinn ag gníomhú faoin scéim teanga a bhí ag an sean Roinn, an Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Ar ndóigh, sin an fáth go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar an scéim ar fad, go bhfeicfidh muid cé chomh héifeachtach agus a bhí sé nó cé chomh mí-éifeachtach nó neamh éifeachtach agus a bhí sé. Tá daoine a deir go bhfuil scéimeanna teanga ann, ach níl a fhios acu cén fiúntas atá le cuid acu. Sin an fáth go bhfuil muid ag déanamh an athbhreithnithe seo agus go bhfuil muid ag cur an oiread sin saothair agus smaointe isteach ann sna míonna amach romhainn.

Níl gach rud foirfe. Caithfidh muid foghlaim ón méid a chuaigh thart agus atá imithe agus caithfimid cinnte a dhéanamh de go mbeidh an rud a shocrófar don todhchaí níos cirte agus go n-éireoidh go maith leis, nó b'fhéidir níos fearr.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

An rud is tábhachtaí ná seirbhís a chur ar fáil don phobal, agus cén chaoi ar féidir é sin a dhéanamh agus an Coimisinéir Teanga curtha isteach faoi Oifig an Ombudsman?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar a dúirt mé cheana agus mar a déarfaidh mé arís é, tá an Coimisinéir Teanga ann agus obair fhiúntach ar siúl aige, agus mairfidh an post sin, is cuma cad a tharlóidh. Tá cinneadh déanta go rachaidh sé isteach le Oifig an Ombudsman, agus san athbhreithniú ar an Acht Teanga, tá ról an coimisinéara á athbhreithniú chomh maith. Ní rud úr é sin. Dúirt an Rialtas go mbeadh muid ag cur eagraíochtaí éagsúla le chéile a bhfuil an cuspóir céanna acu, amharc i ndiaidh riachtanais agus cearta an phobail. Sílim go bhféadfadh an Coimisinéir Teanga agus Oifig Bean nó Fear an Phobail, ag obair le chéile, a bheith an-éifeachtach. Sin an cinneadh atá déanta. Tá an ról anois á athbhreithniú leis na highneachtaí atá ag teacht isteach agus feicfidh muid go léir cad a thiocfaidh as san am atá amach romhainn. An t-aon rud gur féidir liom a rá nó, chomh fada agus a bhaineann sé liomsa, fanfaidh an coimisinéir agus beidh an chosaint chéanna ag an teanga faoi eite an Ombudsman agus atá aige i láthair na huaire faoi eite an coimisinéara. Má bhíonn an bheirt ag gníomhú le chéile, b'fhéidir go mbeidh siad fiú amháin níos éifeachtaí.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

An fhadhb atá agam nuair a chuirim ceist mar seo ná an freagra a fhaighim ná go bhfuil an Rialtas ar tí rud éigin a dhéanamh nó go mbeidh gach rud níos fearr sa dtodhchaí. Leis an fhírinne a rá, ag an bomaite seo, níl scéim teanga i bhfeidmh ag cuid mhór de na heagraíochtaí poiblí. Is fadhb í seo do mhuintir na Gailge agus na Gaeltachta. I ndiaidh atá ráite ag an Aire, an bhfuil sé ar intinn aige fáil réidh leis na scéimeanna nó an bhfuil sé ar intinn aige fáil réidh le ceann de na scéimeanna sa dtodhchaí? An bhfuil todhchaí ag gach scéim teanga sa tír?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar a dúirt mé, tá 105 scéim teanga ann agus clúdaíonn siadsan 191 comhlacht agus tá muid ag plé le 100 scéim teanga eile anois a dhaingniú i láthair na huaire. Is mór an dul chun cinn é sin. Caithfidh an Teachta a chuimhniú nach bhfuil an tAcht ann ach ó 2003 agus nach bhfuil an freagracht agus an dualgas ormsa ach le naoi mhí anuas. Sin an fáth go bhfuil an t-athbhreithniú ag dul ar aghaidh ar éifeacht na scéimeanna teanga. Ag an pointe seo, ní féidir liomsa a rá cad a tharlóidh. Caithfidh muid fanacht go ndéantar anailís ar na moltaí agus ar na suirbhéanna a tháinig isteach. Ach is é an rud is tábhachtaí ar fad, chomh fada agus a bhaineann sé liomsa agus le muintir na Gaeilge agus lucht na Gaeltachta, ná go dtig le duine dul go dtí aon Roinn Stáit nó aon eagras Stáit agus a ghnó a dhéanamh i nGaeilge nó i mBéarla. Sin an bun phointe, sin an sprioc agus sin an cuspóir.