Dáil debates
Tuesday, 31 January 2012
Acht na dTeangacha Oifigiúla
3:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Ar dtús, ní aontaím leis an Teachta nach bhfuil an Rialtas i ndáiríre, mar tá sé i gclár an Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar scéim na dteangacha oifigiúla. Tá sé i gclár an Rialtais chomh maith go gcuirfear an straitéis i bhfeidhm chomh fada agus is féidir linn leis na hacmhainní teoranta atá againn. Tá sin ráite agam inniu agus dúirt mé cheana go bhfuil an comhcoiste Rialtais ar bun chomh maith agus coistí eile. Freisin, cuimhnigh ar an mhaoiniú atá curtha ar fáil do na heagraíochtaí Gaeilge, na heagraíochtaí bunmhaoinithe mar shampla. Cuireadh os cionn €60 milliún ar fáil dóibh anuraidh agus beidh timpeall €60 milliún ar fáil dóibh i mbliana. Is airgead mór é sin. Nuair a cuirtear cúrsaí oideachais agus rudaí eile le sin, tá €500 milliún ann ar mhaithe leis an Ghaeilge. Mar sin, ní thuigim conas gur féidir a rá go dlisteanach nach bhfuil muid ar mhaithe leis an Ghaeilge.
Maidir leis an cheist a chuir an Teachta maidir leis an Roinn, bhí scéim teanga ag an sean Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, ach cosúil le Ranna eile, tá atheagrú á dhéanamh ar an Roinn sin i láthair na huaire. Níl an Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ann anois, ach an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Faoi Alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá an Roinn anois i mbun aighneachtaí a chuartú maidir le ullmhú na scéime a d'éirigh ó na páirtithe leasmhara. An dáta deireannach leis na haighneachtaí a chur isteach don Roinn nó an 19 Eanáir, coicís ó shin. Mar sin, tá an Roinn ar aghaidh chomh maith le scéim úr teanga a thabhairt isteach sa Roinn atheagraithe agus to dtí go ndéantar sin, tá an Roinn ag gníomhú faoin scéim teanga a bhí ag an sean Roinn, an Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Ar ndóigh, sin an fáth go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar an scéim ar fad, go bhfeicfidh muid cé chomh héifeachtach agus a bhí sé nó cé chomh mí-éifeachtach nó neamh éifeachtach agus a bhí sé. Tá daoine a deir go bhfuil scéimeanna teanga ann, ach níl a fhios acu cén fiúntas atá le cuid acu. Sin an fáth go bhfuil muid ag déanamh an athbhreithnithe seo agus go bhfuil muid ag cur an oiread sin saothair agus smaointe isteach ann sna míonna amach romhainn.
Níl gach rud foirfe. Caithfidh muid foghlaim ón méid a chuaigh thart agus atá imithe agus caithfimid cinnte a dhéanamh de go mbeidh an rud a shocrófar don todhchaí níos cirte agus go n-éireoidh go maith leis, nó b'fhéidir níos fearr.
No comments