Dáil debates

Tuesday, 31 January 2012

 

Acht na dTeangacha Oifigiúla

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 50, 65 agus 80 le chéile.

Forálann alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 gur féidir leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta iarraidh ar chomhlachtaí poiblí atá sonraithe san Acht scéimeanna teanga a ullmhú. Fanann scéim teanga i bhfeidhm faoin Acht ar feadh tréimhse trí bliana ón dáta a ndaingníonn an tAire í, nó go dtí go mbeidh scéim nua daingnithe ag an Aire, cibé acu is déanaí. San iomlán, tá 105 céad agus dara scéim teanga, a chlúdaíonn 191 comhlacht poiblí, foilsithe ó achtaíodh an tAcht go dáta.

Faoi láthair, tá obair idir lámha ag mo Roinn le comhlachtaí poiblí éagsúla chun tuairim is 100 scéim, idir scéimeanna céaduaire agus dara scéimeanna a aontú agus a dhaingniú. Cé go bhfuil tuairim is 600 comhlacht poiblí san áireamh faoin Acht, tá mé sásta go gclúdaíonn an 105 scéim atá i bhfeidhm mórchuid na gcomhlachtaí poiblí a mbíonn teagmháil rialta ag an bpobal i gcoitinne leo. Ní miste a nótáil go bhfuil sé aitheanta gur próiseas casta é aontú agus daingniú na scéimeanna teanga agus go mbeidh aird á tabhairt ar an gceist seo mar chuid den athbhreithniú ar an Acht.

I mí na Samhna 2011, cuireadh tús leis an athbhreithniú sin, a thógfaidh san áireamh leasuithe inmholta a chinnteoidh gurb iad na seirbhísí poiblí atá le soláthar trí Ghaeilge na seirbhísí is mó a bhfuil éileamh orthu. Mar chuid den athbhreithniú, eagraíodh próiseas comhairliúcháin phoiblí, ar tháinig deireadh leis inniu. Is cúis sásaimh dom an spéis atá léirithe sa phróiseas seo. Faoi thráthnóna inné, 30 Eanáir, bhí beagnach 1,200 suirbhé agus 125 aighneacht faighte ag mo Roinn. Déanfaidh oifigigh mo Roinne anailís ar an ábhar seo agus cuirfear moltaí faoi mo bhráid in am trátha ag eascairt as an anailís sin.

Rinneadh bolscaireacht leathan ar an athbhreithniú féin agus ar an bpróiseas comhairliúcháin trí fhógraíocht phoiblí, phreasráitis agus agallaimh ar na meáin éagsúla. Chomh maith leis sin, bhí ionadaíocht ag mo Roinn ag dhá ócáid phoiblí - ceann i mBaile Átha Cliath agus ceann eile in nGaillimh - eagraíodh faoin athbhreithniú seo. Mar sin, bhí go leor daoine a chuir suim ann. Bhí cruinnithe amuigh, bhí ionadaíocht ón Roinn ann agus tá na haighneachtaí agus na suirbhéanna ag teacht isteach. Inniu an lá deireannach dóibh agus an dúshlán atá romhainn sa Roinn ná dul tríd na highneachtaí agus na suirbhéanna agus sa cúpla mí atá romhainn teacht aníos le cinntí cuí ar fheidhmiú an Achta a chuaigh tríd i 2003.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.