Dáil debates

Thursday, 24 November 2011

Topical Issue Debate

Oifig an Choimisinéara Teanga

12:00 pm

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá mé an-bhuíoch don Cheann Comhairle as seans a thabhairt an cheist seo a phlé sa Dáil, agus tá mé buíoch don Aire Stáit as teacht isteach chun freagra a thabhairt.

Tá mé ag caint anseo faoi chearta teanga. Tá a lán bainte amach ag an gCoimisinéar Teanga agus ag an bhfoireann atá aige le seacht mbliana go leith anuas. Tá a lán bainte amach acu chun cearta teanga ar chur ar an gclár náisiúnta. Tá díomá ar a lán daoine roimh ráiteas an Rialtais go gcuirfear Oifig an Choimisinéara isteach le hOifig an Ombudsman. Tugtar tacaíocht láidir don choimisinéar ag Teachtaí Dála agus ag Seanadóirí. Nuair a ath-cheapadh an Coimisinéar Teanga tugadh tacaíocht ag gach pháirtí sa Dáil, ag an Taoiseach agus ag an Tánaiste don chinneadh sin.

Oifig bheag neamhspléach is ea Oifig an Choimisinéara, agus cúig go leith duine ar an bhfoireann faoi stiúradh an choimisinéara. Tá an oifig ar léas ó Údarás na Gaeltachta agus cíos dá réir á íoc ar ais sa Státchiste. Ní ceart go ndúnfar an oifig. Státseirbhísí ar fad atá ag obair ar fhoireann na hoifige agus tá an coimisinéar féin ceaptha ar chonradh sé bliana, ó Feabhra 2010 go Feabhra 2016.

Tá a lán díospóireachta déanta againn faoi Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Deirtear i straitéis sin an Rialtais i leith na Gaeilge go gcuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm go hiomlán. Tá sé tábhachtach go mbéadh Coimisinéar Teanga againn agus oifig agus dualgaisí aige chun an straitéis sin a chur i bhfeidhm.

Ba mhaith liom a fháil amach ón Aire Stáit cén fáth go bhfuil na hathraithe seo ag teacht anois. Cén fáth go bhfuil an Rialtas ag rá go mbeidh an dlúth-cheangal seo idir an choimisinéar agus Oifig an Ombudsman?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl don Teachta Micheál Kitt as an deis seo a fháil labhairt leis an dTeach inniu maidir le cinneadh an Rialtais Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman. Ba mhaith liom a bheith an-shoiléir nach bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga le dúnadh. Is é an cinneadh atá tógtha ag an Rialtas go ndéanfar feidhmeanna na hoifige sin a chónascadh le hOifig an Ombudsman agus go gcuirfear an cinneadh sin i gcrích i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá ar siúl ag mo Roinnse i láthair na huaire. Go deimhin, tá sé luaite go sonrach sna téarmaí tagartha don athbhreithniú go "mbreithneofar na forálacha a leagann amach ról Oifig an Choimisinéara Teanga".

Sílim go mbeadh sé cabhrach dá bhféadfainn cinneadh an Rialtais i dtaca leis an gcónascadh seo a chur i gcomhthéacs don Teach. Rinne an Rialtas seo soiléir ón tús ina chlár Rialtais go raibh sé tiomanta do leasuithe substaintiúla a dhéanamh ar an tseirbhís phoiblí, go háirithe ar an mbealach a dhéantar seirbhísí a sheachadadh don saoránach. Mar chuid den athbhreithniú cuimsitheach caiteachais atá ar siúl ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe faoi láthair, tugadh treoir do na Ranna Rialtais go léir dul trí gach uile líne caiteachais, lena n-áirítear aon chaiteachas ar áisíneachtaí agus ar oifigí éagsúla. Is mar thoradh ar an bpróiseas sin a rinne an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe moltaí don Rialtas chun athchóiriú a dhéanamh ar an tseirbhís phoiblí, moltaí ar glacadh leo ag bord an Rialtais. Tá na cinntí Rialtais seo tógtha mar chuid den athbhreithniú cuimsitheach caiteachais a thionscain an Rialtas agus atá faoi stiúir na Roinne Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe.

Is í an phríomhaidhm atá le plean an Rialtais chun athchóiriú a dhéanamh ar an tseirbhís phoiblí ná a chinntiú go mbeidh seirbhís níos trédhearcaí, níos cuntasaí agus níos éifeachtaí ann ar mhaithe le saoránaigh an Stáit. Ní hamháin chun costais a ghearradh a bhfuil cinntí tógtha ag an Rialtas athchóiriú a dhéanamh ar an tseirbhís phoiblí. Creideann an Rialtas go mbeidh buntáistí le baint as líon na gcomhlachtaí poiblí a laghdú, ní hamháin i dtéarmaí laghdú costais ach i dtéarmaí timpeallacht riaracháin níos simplí agus níos éifeachtaí a bheith ann. Tiocfaidh na buntáistí is suntasaí ón timpeallacht riaracháin sin, rud a thabharfaidh cuntasacht dhaonlathach níos fearr, níos lú dúblála agus línte freagrachta níos soiléire maidir le seachadadh seirbhísí don saoránach.

Ba mhaith liom a mheabhrú fosta nach é Oifig an Choimisinéara Teanga amháin an t-aon oifig ombudsman atá luaite i bplean an Rialtais chun athchóiriú a dhéanamh ar an tseirbhís phoiblí. Tá cinneadh tógtha ag an Rialtas oifigí éagsúla, a bhfuil feidhmeanna ombudsman acu, a chónascadh ar mhaithe le cur chuige níos éifeachtaí agus níos sruthlínithe a chur i bhfeidhm maidir le seachadadh seirbhísí do shaoránaigh an Stáít.

Tá sé soiléir ó phlean an Rialtais go bhfuil Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí agus Oifig an Choimisinéara Teanga le cónascadh le hOifig an Ombudsman, chomh maith leis na feidhmeanna cúloifige a bhaineann le hOifig Ombudsman na Leanaí. Ó thaobh an tsaoránaigh de, luíonn sé le réasún go mbeidh cur chuige níos éifeachtaí ann mar thoradh ar dhaoine a bheith in ann triall ar Oifig an Ombudsman in ionad iad a bheith ag triall ar oifigí éagsúla ombudsman.

Tá go leor ceisteanna á gcur maidir le cur i bhfeidhm an chónasctha idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman. Ar an gcéad dul síos, teastóidh leasú reachtaíochta chun an cónascadh a chur i bhfeidhm. Cé is moite de leasuithe reachtaíochta, déanfar na mionsonraí maidir leis an gcónascadh a oibriú amach i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Acht teanga.

Maidir leis na himpleachtaí don fhoireann in Oifig an Choimisinéara Teanga, is státseirbhísigh iad an fhoireann, cé is moite den Choimisinéir Teanga féin. Dá bhrí sin, níl aon chailliúint post i gceist. Maidir leis an gCoimisinéir Teanga féin, athcheapadh don dara téarma é sa bhliain 2010 agus maireann a théarma go dtí an bhliain 2016. Beidh mo Roinn ag plé na himpleachtaí a eascraíonn ón gcinneadh seo leis an gCoimisinéir Teanga agus leis an bhfoireann in Oifig an Choimisinéara Teanga sa tréimhse amach romhainn. Aontaím leis an Teachta Kitt go raibh sár obair á dhéanamh ag an Coimisinéir teanga sna dualgaisí agus na freagrachtaí a tugadh dó agus is é sin an fáth gur tugadh síneadh ama cúig bhliain eile don oifig anuraidh. Is cinnte gur vóta muiníne é sin. Ach mar adúirt mé, is é cuspóir an Rialtais ná na heagraíochtaí uilig a bhíonn ag plé le hábhair mar sin a chónascadh sa dóigh is go mbeidh sábhailt airgid ann nuair a bheidh seo curtha i gcrích, ach ag an am céanna go mbeidh teacht ag an pobal ar na seirbhísí. Dúirt an Taoiseach é féin maidir leis an scéal nach mbeadh ísliú ar bith ar éifeacht, fhreagracht ná cur chuige an Choimisinéara teanga, fiú amháin nuair a bheidh an cónascadh seo déanta.

Photo of Joanna TuffyJoanna Tuffy (Dublin Mid West, Labour)
Link to this: Individually | In context

The Minister of State's time is up.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá roinnt eile anseo, ach is dóigh gur féidir é a chur isteach i dTuairisc na Dála.

Photo of Joanna TuffyJoanna Tuffy (Dublin Mid West, Labour)
Link to this: Individually | In context

We will just get the supplementary question first from Deputy Kitt.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tuigim go bhfuil dhá nóiméad agamsa agus dhá nóiméad ag an Aire freisin. Táim an-bhuíoch don Aire ach ní aontaím leis an méid atá ráite go h-iomlán. Labhair sé faoi caiteachas ach ansin dúirt sé nach caiteachas amháin atá i gceist. Ar ndóigh, aontaíonn an tAire Stáit liom go bhfuil sár-obair á dhéanamh ag an Coimisinéir teanga agus a fhoireann, ach an bhfuil a fhios ag an Aire Stáit go bhfuil coimisinéir teanga ceaptha anois sa Bhreatain Bheag agus gur thóg an tír sin sampla Oifig an Choimisinéara Teanga sa tír seo leis an ceapachán sin a dhéanamh. Aithníonn an Bhreatain Bheag Oifig an Choimisinéara Teanga i nGaillimh mar shampla de "best practice" san gnóthaí seo. Tá an moladh tuillte don choimisinéir as an moladh sin a fháil ón Bhreatain Bheag.

Mar a dúirt an tAire Stáit, ní chaillfidh aon duine atá ag obair san oifig a phost. Tá an fhoireann ag obair go dian do cearta teanga. Cinnte, ní bheidh aon airgead le sábháil go dtí 2016, mar tá an coimisinéir athcheaptha go dtí sin. An cheist atá agam mar sin ná: Cén fáth an bhfuil an tAire Stáit ag caint faoi athruithe nuair atá an coimisinéir agus a fhoireann ag déanamh sár obair agus nuair nach mbeidh aon athrú ann go ceann cúig bhliain eile? Ba mhaith liom dá ndéanfadh an Roinn athbhreithniú ar an cheist seo ar fad.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Go raibh maith agat a Theachta. Ba mhaith liom a rá arís gur é an cinneadh atá déanta ag an pointe seo ag an Rialtas ná comhtháthú agus cónascadh a dhéanamh idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman. Níl aon socrú eile déanta ag an pointe seo. Is é an t-aon socrú eile atá déanta, agus bhí sé seo i gclár an Rialtais a d'aontaigh na páirtithe, ná go ndéanfar athbhreithniú ar Acht na DTeangacha Oifigiúla atá ag feidhmiú anois ó 2003. Dúradh freisin go ndéanfar san athbhreithniú sin athbhreithniú chomh maith ar ról agus ar Oifig an Choimisinéara Teanga. Sin an t-aon socrú atá déanta go dtí seo.

D'fhógair mé i gCill Áirne ag an Oireachtas cúpla seachtain ó shin go bhfuil an t-athbhreithniú sin faoi lán seol anois maidir le Acht na dTeangacha Oifigiúla. Beidh muid ag súil le aighneachtaí ón phobal agus na heagraíochtaí agus tá mé cinnte go gcuirfidh siad a gcuid tuairimí agus a gcuid barúlacha in iúl agus go mbeidh a gcomhairle le fáil maidir leis an socrú nó cinneadh seo atá déanta ag an Rialtas a chur i bhfeidhm. Níl muid ach ag tús an scéil anseo. Tá bóthar fada romhainn agus tá na mion sonraí go léir le socrú. Déanfar iad sin a shocrú agus déanfar cinneadh ansin i dtuilleamaí an comhairlí agus an phróisis athbhreithnithe athchóirithe.

Déarfaidh mé arís, ní hé Oifig an Choimisinéara Teanga an t-aon oifig den chineál a bhfuil cónascadh á dhéanamh air. Luaigh mé cinn eile. Is é an dearcadh ag an Rialtas ná go bhfuil an-chuid áisíneachtaí sa tír agus go gcaithfidh muid comhtháthú a dhéanamh. I mo thuairim, is é an phríomh rud ná go mbeidh seirbhís iomlán agus seirbhís chomh maith ar fáil nuair a bheidh an cónascadh curtha i gcrích, cibé cén dóigh a ndéanfar sin, agus atá go dtí seo in Oifig an Choimisinéara. Bhí mé san oifig agus tá meas agam ar a chuid oibre. Tá mé cinnte agus lán dóchasach nuair a bheidh an próiseas seo críochnaithe go mbeidh an oifig lán chomh héífeachtach agus atá sé anois.

Luaigh an Teachta an Bhreatain Bheag. Bhí Acht teanga acusan agus thug muide isteach Acht teanga cosúil le Acht na Breataine Bige. Sílim go bhfuil an Bhreatain Bheag ag cur an tAcht teanga ar ceal anois agus go bhfuil sí ag tabhairt isteach coimisinéir. Athraíonn rudaí ó thír go tír. Mar a dúirt mé, tuigim an obair thábhachtach atá le déanamh maidir le cur i bhfeidhm an Achta teanga nuair a bheidh sé leasaithe. Beidh reachtaíocht le tabhairt isteach chomh maith. Tá an tAcht agus ombudsman bunaithe ar reachtaíocht agus tá muid i dtús phróisis. Tá an comharliúchán ag dul ar aghaidh agus is cinnte go mbeidh deis againn éisteacht le tuairimí gach duine agus scaifte sula mbeidh na cinntí agus na sonraithe críochniúla déanta.