Dáil debates
Thursday, 24 November 2011
Oifig an Choimisinéara Teanga
12:00 pm
Michael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Tá mé an-bhuíoch don Cheann Comhairle as seans a thabhairt an cheist seo a phlé sa Dáil, agus tá mé buíoch don Aire Stáit as teacht isteach chun freagra a thabhairt.
Tá mé ag caint anseo faoi chearta teanga. Tá a lán bainte amach ag an gCoimisinéar Teanga agus ag an bhfoireann atá aige le seacht mbliana go leith anuas. Tá a lán bainte amach acu chun cearta teanga ar chur ar an gclár náisiúnta. Tá díomá ar a lán daoine roimh ráiteas an Rialtais go gcuirfear Oifig an Choimisinéara isteach le hOifig an Ombudsman. Tugtar tacaíocht láidir don choimisinéar ag Teachtaí Dála agus ag Seanadóirí. Nuair a ath-cheapadh an Coimisinéar Teanga tugadh tacaíocht ag gach pháirtí sa Dáil, ag an Taoiseach agus ag an Tánaiste don chinneadh sin.
Oifig bheag neamhspléach is ea Oifig an Choimisinéara, agus cúig go leith duine ar an bhfoireann faoi stiúradh an choimisinéara. Tá an oifig ar léas ó Údarás na Gaeltachta agus cíos dá réir á íoc ar ais sa Státchiste. Ní ceart go ndúnfar an oifig. Státseirbhísí ar fad atá ag obair ar fhoireann na hoifige agus tá an coimisinéar féin ceaptha ar chonradh sé bliana, ó Feabhra 2010 go Feabhra 2016.
Tá a lán díospóireachta déanta againn faoi Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Deirtear i straitéis sin an Rialtais i leith na Gaeilge go gcuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm go hiomlán. Tá sé tábhachtach go mbéadh Coimisinéar Teanga againn agus oifig agus dualgaisí aige chun an straitéis sin a chur i bhfeidhm.
Ba mhaith liom a fháil amach ón Aire Stáit cén fáth go bhfuil na hathraithe seo ag teacht anois. Cén fáth go bhfuil an Rialtas ag rá go mbeidh an dlúth-cheangal seo idir an choimisinéar agus Oifig an Ombudsman?
No comments