Dáil debates
Thursday, 24 November 2011
Oifig an Choimisinéara Teanga
12:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl don Teachta Micheál Kitt as an deis seo a fháil labhairt leis an dTeach inniu maidir le cinneadh an Rialtais Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman. Ba mhaith liom a bheith an-shoiléir nach bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga le dúnadh. Is é an cinneadh atá tógtha ag an Rialtas go ndéanfar feidhmeanna na hoifige sin a chónascadh le hOifig an Ombudsman agus go gcuirfear an cinneadh sin i gcrích i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá ar siúl ag mo Roinnse i láthair na huaire. Go deimhin, tá sé luaite go sonrach sna téarmaí tagartha don athbhreithniú go "mbreithneofar na forálacha a leagann amach ról Oifig an Choimisinéara Teanga".
Sílim go mbeadh sé cabhrach dá bhféadfainn cinneadh an Rialtais i dtaca leis an gcónascadh seo a chur i gcomhthéacs don Teach. Rinne an Rialtas seo soiléir ón tús ina chlár Rialtais go raibh sé tiomanta do leasuithe substaintiúla a dhéanamh ar an tseirbhís phoiblí, go háirithe ar an mbealach a dhéantar seirbhísí a sheachadadh don saoránach. Mar chuid den athbhreithniú cuimsitheach caiteachais atá ar siúl ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe faoi láthair, tugadh treoir do na Ranna Rialtais go léir dul trí gach uile líne caiteachais, lena n-áirítear aon chaiteachas ar áisíneachtaí agus ar oifigí éagsúla. Is mar thoradh ar an bpróiseas sin a rinne an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe moltaí don Rialtas chun athchóiriú a dhéanamh ar an tseirbhís phoiblí, moltaí ar glacadh leo ag bord an Rialtais. Tá na cinntí Rialtais seo tógtha mar chuid den athbhreithniú cuimsitheach caiteachais a thionscain an Rialtas agus atá faoi stiúir na Roinne Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe.
Is í an phríomhaidhm atá le plean an Rialtais chun athchóiriú a dhéanamh ar an tseirbhís phoiblí ná a chinntiú go mbeidh seirbhís níos trédhearcaí, níos cuntasaí agus níos éifeachtaí ann ar mhaithe le saoránaigh an Stáit. Ní hamháin chun costais a ghearradh a bhfuil cinntí tógtha ag an Rialtas athchóiriú a dhéanamh ar an tseirbhís phoiblí. Creideann an Rialtas go mbeidh buntáistí le baint as líon na gcomhlachtaí poiblí a laghdú, ní hamháin i dtéarmaí laghdú costais ach i dtéarmaí timpeallacht riaracháin níos simplí agus níos éifeachtaí a bheith ann. Tiocfaidh na buntáistí is suntasaí ón timpeallacht riaracháin sin, rud a thabharfaidh cuntasacht dhaonlathach níos fearr, níos lú dúblála agus línte freagrachta níos soiléire maidir le seachadadh seirbhísí don saoránach.
Ba mhaith liom a mheabhrú fosta nach é Oifig an Choimisinéara Teanga amháin an t-aon oifig ombudsman atá luaite i bplean an Rialtais chun athchóiriú a dhéanamh ar an tseirbhís phoiblí. Tá cinneadh tógtha ag an Rialtas oifigí éagsúla, a bhfuil feidhmeanna ombudsman acu, a chónascadh ar mhaithe le cur chuige níos éifeachtaí agus níos sruthlínithe a chur i bhfeidhm maidir le seachadadh seirbhísí do shaoránaigh an Stáít.
Tá sé soiléir ó phlean an Rialtais go bhfuil Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí agus Oifig an Choimisinéara Teanga le cónascadh le hOifig an Ombudsman, chomh maith leis na feidhmeanna cúloifige a bhaineann le hOifig Ombudsman na Leanaí. Ó thaobh an tsaoránaigh de, luíonn sé le réasún go mbeidh cur chuige níos éifeachtaí ann mar thoradh ar dhaoine a bheith in ann triall ar Oifig an Ombudsman in ionad iad a bheith ag triall ar oifigí éagsúla ombudsman.
Tá go leor ceisteanna á gcur maidir le cur i bhfeidhm an chónasctha idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman. Ar an gcéad dul síos, teastóidh leasú reachtaíochta chun an cónascadh a chur i bhfeidhm. Cé is moite de leasuithe reachtaíochta, déanfar na mionsonraí maidir leis an gcónascadh a oibriú amach i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Acht teanga.
Maidir leis na himpleachtaí don fhoireann in Oifig an Choimisinéara Teanga, is státseirbhísigh iad an fhoireann, cé is moite den Choimisinéir Teanga féin. Dá bhrí sin, níl aon chailliúint post i gceist. Maidir leis an gCoimisinéir Teanga féin, athcheapadh don dara téarma é sa bhliain 2010 agus maireann a théarma go dtí an bhliain 2016. Beidh mo Roinn ag plé na himpleachtaí a eascraíonn ón gcinneadh seo leis an gCoimisinéir Teanga agus leis an bhfoireann in Oifig an Choimisinéara Teanga sa tréimhse amach romhainn. Aontaím leis an Teachta Kitt go raibh sár obair á dhéanamh ag an Coimisinéir teanga sna dualgaisí agus na freagrachtaí a tugadh dó agus is é sin an fáth gur tugadh síneadh ama cúig bhliain eile don oifig anuraidh. Is cinnte gur vóta muiníne é sin. Ach mar adúirt mé, is é cuspóir an Rialtais ná na heagraíochtaí uilig a bhíonn ag plé le hábhair mar sin a chónascadh sa dóigh is go mbeidh sábhailt airgid ann nuair a bheidh seo curtha i gcrích, ach ag an am céanna go mbeidh teacht ag an pobal ar na seirbhísí. Dúirt an Taoiseach é féin maidir leis an scéal nach mbeadh ísliú ar bith ar éifeacht, fhreagracht ná cur chuige an Choimisinéara teanga, fiú amháin nuair a bheidh an cónascadh seo déanta.
No comments