Dáil debates

Thursday, 24 November 2011

 

Oifig an Choimisinéara Teanga

12:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Go raibh maith agat a Theachta. Ba mhaith liom a rá arís gur é an cinneadh atá déanta ag an pointe seo ag an Rialtas ná comhtháthú agus cónascadh a dhéanamh idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman. Níl aon socrú eile déanta ag an pointe seo. Is é an t-aon socrú eile atá déanta, agus bhí sé seo i gclár an Rialtais a d'aontaigh na páirtithe, ná go ndéanfar athbhreithniú ar Acht na DTeangacha Oifigiúla atá ag feidhmiú anois ó 2003. Dúradh freisin go ndéanfar san athbhreithniú sin athbhreithniú chomh maith ar ról agus ar Oifig an Choimisinéara Teanga. Sin an t-aon socrú atá déanta go dtí seo.

D'fhógair mé i gCill Áirne ag an Oireachtas cúpla seachtain ó shin go bhfuil an t-athbhreithniú sin faoi lán seol anois maidir le Acht na dTeangacha Oifigiúla. Beidh muid ag súil le aighneachtaí ón phobal agus na heagraíochtaí agus tá mé cinnte go gcuirfidh siad a gcuid tuairimí agus a gcuid barúlacha in iúl agus go mbeidh a gcomhairle le fáil maidir leis an socrú nó cinneadh seo atá déanta ag an Rialtas a chur i bhfeidhm. Níl muid ach ag tús an scéil anseo. Tá bóthar fada romhainn agus tá na mion sonraí go léir le socrú. Déanfar iad sin a shocrú agus déanfar cinneadh ansin i dtuilleamaí an comhairlí agus an phróisis athbhreithnithe athchóirithe.

Déarfaidh mé arís, ní hé Oifig an Choimisinéara Teanga an t-aon oifig den chineál a bhfuil cónascadh á dhéanamh air. Luaigh mé cinn eile. Is é an dearcadh ag an Rialtas ná go bhfuil an-chuid áisíneachtaí sa tír agus go gcaithfidh muid comhtháthú a dhéanamh. I mo thuairim, is é an phríomh rud ná go mbeidh seirbhís iomlán agus seirbhís chomh maith ar fáil nuair a bheidh an cónascadh curtha i gcrích, cibé cén dóigh a ndéanfar sin, agus atá go dtí seo in Oifig an Choimisinéara. Bhí mé san oifig agus tá meas agam ar a chuid oibre. Tá mé cinnte agus lán dóchasach nuair a bheidh an próiseas seo críochnaithe go mbeidh an oifig lán chomh héífeachtach agus atá sé anois.

Luaigh an Teachta an Bhreatain Bheag. Bhí Acht teanga acusan agus thug muide isteach Acht teanga cosúil le Acht na Breataine Bige. Sílim go bhfuil an Bhreatain Bheag ag cur an tAcht teanga ar ceal anois agus go bhfuil sí ag tabhairt isteach coimisinéir. Athraíonn rudaí ó thír go tír. Mar a dúirt mé, tuigim an obair thábhachtach atá le déanamh maidir le cur i bhfeidhm an Achta teanga nuair a bheidh sé leasaithe. Beidh reachtaíocht le tabhairt isteach chomh maith. Tá an tAcht agus ombudsman bunaithe ar reachtaíocht agus tá muid i dtús phróisis. Tá an comharliúchán ag dul ar aghaidh agus is cinnte go mbeidh deis againn éisteacht le tuairimí gach duine agus scaifte sula mbeidh na cinntí agus na sonraithe críochniúla déanta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.