Dáil debates

Thursday, 1 July 2010

Priority Questions.

Údarás na Gaeltachta.

9:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 5: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an raibh nó an bhfuil sé ar intinn aige bualadh le baill Bhord Údarás na Gaeltachta; an dtuigeann sé na deacrachtaí airgeadais atá ag an Údarás faoi láthair; cad iad na socruithe atá déanta aige maidir le tréimhse na mball tofa ar an Údarás; cén uair a bheidh an chéad tóghchán eile ann le baill úra a thoghadh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh.. [29175/10]

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá áthas orm a chur in iúl don Teachta go bhfuil socruithe déanta agam casadh le Bord Údarás na Gaeltachta roimh dheireadh na míosa seo.

Maidir le cúrsaí airgeadais an Údaráis, tá soláthar iomlán de bheagnach €30 milliún curtha ar fáil don eagraíocht trí Vóta mo Roinne don bhliain 2010. Ní mór a chur san áireamh chomh maith gur ag deireadh 2009 a cuireadh méadú de €2 milliún leis an mbunsoláthar de €35.6 milliún a bhí i Meastacháin 2009, mar thacaíocht bhreise don eagraíocht. Ciallaíonn sé sin go mbeidh soláthar iomlán de beagnach €68 milliún curtha ar fáil ag mo Roinnse don Údarás sa tréimhse 2009-10 chun a chuid spriocanna maidir le forbairt na Gaeltachta a chur i gcrích.

Ní mór a chur san áireamh freisin go mbíonn teacht ag an Údarás ar fhoinsí ioncaim eile, ar a n-áirítear ioncam ó fheidhmiú scéimeanna ar nós na Scéimeanna Fostaíochta Pobail agus Sóisialta Tuaithe, agus ioncam ó dhíol nó léasáil socmhainní, ó dhíbhinní agus ó tháillí. Chomh maith leis seo, cuirtear maoiniú ar fáil don Údarás tríd an Roinn Fiontar, Trádála agus Nuálaíochta chun an Scéim Fóirdheontas Fostaíochta agus an Ciste Cobhsaíochta Fiontar a fheidhmiú. Tá tábhacht ar leith ag na tacaíochtaí seo do chomhlachtaí sa Ghaeltacht chun cuidiú leo leanúint ag trádáil agus poist a choinneáil slán. Anuraidh, mar shampla, thacaigh an dá scéim seo le caomhnú 605 post Gaeltachta.

De réir na reachtaíochta faoina bhfeidhmíonn an tÚdarás i láthair na huaire, ní mór toghchán a reáchtáil taobh istigh de thréimhsí nach giorra ná ceithre bliana agus nach faide ná cúig bliana go leith ó dháta an toghcháin deiridh. Reachtáladh toghchán deireadh an Údaráis ar 2 Aibreán 2005 agus, dá bhrí sin, bheadh an chéad toghchán eile le reáchtáil roimh 1 Deireadh Fómhair 2010.

Mar is eol don Teachta, tá leasuithe maidir le cumhachtaí, feidhmeanna agus struchtúr Údarás na Gaeltachta á meas faoi láthair i gcomhthéacs na moltaí atá sa dréacht-Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge, atá faoi bhreithniú ag an Chomhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Táthar dóchasach go mbeidh obair an Chomhchoiste i ndáil leis an Stráitéis curtha i gcríoch go luath agus tá súil agam, ach cead an Rialtais a bheith faighte, go mbeidh dul chun cinn suntasach bainte amach maidir le foilsiú na Straitéise faoi Mheán Fómhair seo chugainn. Beifear ábalta ina dhiaidh sin díriú isteach ar an bpróiseas maidir le reachtaíocht an Údaráis a leasú.

San idirlinn, meastar go bhfuil sé inmholta dáta an toghcháin a chur siar chun deis a thabhairt an próiseas atá luaite agam a chríochniú. Chuige sin, foilsíodh an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2010 chun síneadh a chur leis an uas-thréimshe idir thoghcháin ó cúig bliana go leith go dtí seacht mbliana go leith. Tógadh an Bille sa Seanad an tseachtain seo caite agus tuigim go mbeidh sé le tógáil sa Dáil an tseachtain seo chugainn. Le hachtú an Bhille seo, bheadh an dáta deiridh do thoghchán an Údaráis sínte amach go dtí 30 Meán Fómhair 2012.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

I note the departure from the community, rural and Gaeltacht affairs brief of my long-standing colleague, Deputy Ring. He was a great boss as senior spokesperson and I am left in his wake. I welcome the incoming Front Bench spokesperson, Deputy Feighan. Front benchers come and go but I seem to go on forever as far as the Gaeltacht is concerned.

Photo of Charlie O'ConnorCharlie O'Connor (Dublin South West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

My parish priest will be very happy about that.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

I do not know what will happen in the autumn.

Photo of Charlie O'ConnorCharlie O'Connor (Dublin South West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

I wish the Deputy well.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Thank you. I know I have the support of the Acting Chairman and of his parish priest.

Tá áthas orm go bhfuil an tAire chun bualadh le bord Údaras na Gaeltachta níos moille an mhí seo. Tá mé cinnte go gcuirfidh an bord ina luí ar an Aire an ghéarchéim agus an easpa misnigh atá in Údarás na Gaeltacht i láthair na huaire mar gheall ar easpa acmhainní. An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil foireann an údaráis ag 100 anois? Bhí 120 nó 130 ann uair. An dtuigeann an tAire go bhfuil feidhmeannaigh sinsearacha, senior executives, ag fágáil an údaráis seachtain i ndiaidh seachtaine agus nach bhfuil éinne ag teacht chun a n-áit a thógáil de thairbhe an bhaic earcaíochta, the recruitment ban? Tá sin ag cur isteach ar an údarás agus ar a chuid oibre. An mbeidh an tAire ag déanamh iarrachta na daoine a fhágfaidh a bpost, daoine eile a chur ina n-áit sa dóigh is gur féidir leis an údarás a chuid oibre a dhéanamh níos éifeachtaí?

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Chomh luath agus a bheidh an tuarascáil agam ón choiste, i gceann seachtaine nó coicíse, déanfaidh an Rialtas scrúdú ar impleachtaí na moltaí d'Údarás na Gaeltachta. Síneadh téarma fostaíochta an phríomhfheidhmeannaigh go dtí deireadh na bliana seo. Tá níos lú daoine fostaithe san údarás ná mar a bhíodh ach tá laghdú ar líon na ndaoine atá fostaithe i ngach cuid den earnáil phoiblí. Is féidir jab maith a dhéanamh leis an méid atá ag obair faoi láthair san údarás agus tá jab an-mhaith á dhéanamh acu.

Beidh mé ag bualadh leis an bhord agus beidh suim agam fáil amach cad iad na pleananna a theastaíonn ón údarás féin, cén ról atá oiriúnach dó. Sa dréachtstraitéis, tá athrú ar an ról. Níl a fhios agam an aontaíonn gach duine ar an fhochoiste ach gan a thuilleadh a rá faoi cad tá i ndán don údarás, beidh ról lárnach tábhachtach ann dó. Seans go mbeidh athrú treo ann, beag nó mór, ach beidh athrú ann gan amhras, ce go mbeidh ról lárnach ag an údarás ag cothú agus ag leathnú cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí Gaeltachta idir cultúr, teanga agus fostaíochta.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Beidh reachtaíocht maidir leis an údarás sa Teach dé Máirt seo chugainn chun síneadh tréimhse a thabhairt do na baill atá tofa ar an údarás go dtí 2012. Tá sé deacair bheith cinnte faoi aon rud anois nuair atá an straitéis á meá agus a plé ag an chomhchoiste. Cuirfear an tuarascáil chuig an Aire roimh dheireadh na miosa seo, is cinnte sin. An féidir leis an Aire a rá nuair a bheidh an tuarascáil aige ón chomhchoiste, cénuair a bheidh cinneadh á dhéanamh na moltaí a chur i bhfeidhm?

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá sé ar intinn agam, má tá an tuarascáil réidh timpeall an ama seo, í a chur faoi bhráid an Rialtais roimh dheireadh na míosa seo agus an straitéis a phlé agus a chur i bhfeidhm go luath san fhómhar. Beidh díoma orm má tá moill ann. Ba mhaith liom tús a chur leis an chéad chéim go luath san fhómhar. Níl am le spáráil againn.