Dáil debates

Thursday, 1 July 2010

9:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Thank you. I know I have the support of the Acting Chairman and of his parish priest.

Tá áthas orm go bhfuil an tAire chun bualadh le bord Údaras na Gaeltachta níos moille an mhí seo. Tá mé cinnte go gcuirfidh an bord ina luí ar an Aire an ghéarchéim agus an easpa misnigh atá in Údarás na Gaeltacht i láthair na huaire mar gheall ar easpa acmhainní. An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil foireann an údaráis ag 100 anois? Bhí 120 nó 130 ann uair. An dtuigeann an tAire go bhfuil feidhmeannaigh sinsearacha, senior executives, ag fágáil an údaráis seachtain i ndiaidh seachtaine agus nach bhfuil éinne ag teacht chun a n-áit a thógáil de thairbhe an bhaic earcaíochta, the recruitment ban? Tá sin ag cur isteach ar an údarás agus ar a chuid oibre. An mbeidh an tAire ag déanamh iarrachta na daoine a fhágfaidh a bpost, daoine eile a chur ina n-áit sa dóigh is gur féidir leis an údarás a chuid oibre a dhéanamh níos éifeachtaí?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.