Dáil debates

Thursday, 1 July 2010

9:00 pm

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)

Chomh luath agus a bheidh an tuarascáil agam ón choiste, i gceann seachtaine nó coicíse, déanfaidh an Rialtas scrúdú ar impleachtaí na moltaí d'Údarás na Gaeltachta. Síneadh téarma fostaíochta an phríomhfheidhmeannaigh go dtí deireadh na bliana seo. Tá níos lú daoine fostaithe san údarás ná mar a bhíodh ach tá laghdú ar líon na ndaoine atá fostaithe i ngach cuid den earnáil phoiblí. Is féidir jab maith a dhéanamh leis an méid atá ag obair faoi láthair san údarás agus tá jab an-mhaith á dhéanamh acu.

Beidh mé ag bualadh leis an bhord agus beidh suim agam fáil amach cad iad na pleananna a theastaíonn ón údarás féin, cén ról atá oiriúnach dó. Sa dréachtstraitéis, tá athrú ar an ról. Níl a fhios agam an aontaíonn gach duine ar an fhochoiste ach gan a thuilleadh a rá faoi cad tá i ndán don údarás, beidh ról lárnach tábhachtach ann dó. Seans go mbeidh athrú treo ann, beag nó mór, ach beidh athrú ann gan amhras, ce go mbeidh ról lárnach ag an údarás ag cothú agus ag leathnú cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí Gaeltachta idir cultúr, teanga agus fostaíochta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.