Dáil debates

Thursday, 1 July 2010

9:00 pm

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)

Tá áthas orm a chur in iúl don Teachta go bhfuil socruithe déanta agam casadh le Bord Údarás na Gaeltachta roimh dheireadh na míosa seo.

Maidir le cúrsaí airgeadais an Údaráis, tá soláthar iomlán de bheagnach €30 milliún curtha ar fáil don eagraíocht trí Vóta mo Roinne don bhliain 2010. Ní mór a chur san áireamh chomh maith gur ag deireadh 2009 a cuireadh méadú de €2 milliún leis an mbunsoláthar de €35.6 milliún a bhí i Meastacháin 2009, mar thacaíocht bhreise don eagraíocht. Ciallaíonn sé sin go mbeidh soláthar iomlán de beagnach €68 milliún curtha ar fáil ag mo Roinnse don Údarás sa tréimhse 2009-10 chun a chuid spriocanna maidir le forbairt na Gaeltachta a chur i gcrích.

Ní mór a chur san áireamh freisin go mbíonn teacht ag an Údarás ar fhoinsí ioncaim eile, ar a n-áirítear ioncam ó fheidhmiú scéimeanna ar nós na Scéimeanna Fostaíochta Pobail agus Sóisialta Tuaithe, agus ioncam ó dhíol nó léasáil socmhainní, ó dhíbhinní agus ó tháillí. Chomh maith leis seo, cuirtear maoiniú ar fáil don Údarás tríd an Roinn Fiontar, Trádála agus Nuálaíochta chun an Scéim Fóirdheontas Fostaíochta agus an Ciste Cobhsaíochta Fiontar a fheidhmiú. Tá tábhacht ar leith ag na tacaíochtaí seo do chomhlachtaí sa Ghaeltacht chun cuidiú leo leanúint ag trádáil agus poist a choinneáil slán. Anuraidh, mar shampla, thacaigh an dá scéim seo le caomhnú 605 post Gaeltachta.

De réir na reachtaíochta faoina bhfeidhmíonn an tÚdarás i láthair na huaire, ní mór toghchán a reáchtáil taobh istigh de thréimhsí nach giorra ná ceithre bliana agus nach faide ná cúig bliana go leith ó dháta an toghcháin deiridh. Reachtáladh toghchán deireadh an Údaráis ar 2 Aibreán 2005 agus, dá bhrí sin, bheadh an chéad toghchán eile le reáchtáil roimh 1 Deireadh Fómhair 2010.

Mar is eol don Teachta, tá leasuithe maidir le cumhachtaí, feidhmeanna agus struchtúr Údarás na Gaeltachta á meas faoi láthair i gcomhthéacs na moltaí atá sa dréacht-Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge, atá faoi bhreithniú ag an Chomhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Táthar dóchasach go mbeidh obair an Chomhchoiste i ndáil leis an Stráitéis curtha i gcríoch go luath agus tá súil agam, ach cead an Rialtais a bheith faighte, go mbeidh dul chun cinn suntasach bainte amach maidir le foilsiú na Straitéise faoi Mheán Fómhair seo chugainn. Beifear ábalta ina dhiaidh sin díriú isteach ar an bpróiseas maidir le reachtaíocht an Údaráis a leasú.

San idirlinn, meastar go bhfuil sé inmholta dáta an toghcháin a chur siar chun deis a thabhairt an próiseas atá luaite agam a chríochniú. Chuige sin, foilsíodh an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2010 chun síneadh a chur leis an uas-thréimshe idir thoghcháin ó cúig bliana go leith go dtí seacht mbliana go leith. Tógadh an Bille sa Seanad an tseachtain seo caite agus tuigim go mbeidh sé le tógáil sa Dáil an tseachtain seo chugainn. Le hachtú an Bhille seo, bheadh an dáta deiridh do thoghchán an Údaráis sínte amach go dtí 30 Meán Fómhair 2012.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.